II Croiniclibh 27
27
Caibidil XXVII.
A náit an rígh mhaith Iotam, 9 Do ríoghuidh Ahas a mhac.
1 Do bhí Iótam cúig blíadhna fithchiod dáois a núair do thosuigh sé ríghe, agus do bhí na rígh sé blíadhna déug ann Ierusalem. Do bé fós ainm a mhathar Ierussah inghean Shádoc.
2Agus do rinne sé an ní fa cheart a radharc an TIGHEARNA, do réir gach neithe dá ndéarna Ussiah a athair: thairis sin ní dheachuidh sé a steach go teampall an TIGHEARNA. Achd do níadh an pobal ní truáilligh go foill.
3¶ Do chuir sé súas geata árd thighe an TIGHEARNA, agus do chuir sé súas mórán air bhallá Ophel.
4Tuilleamh oile, do rinne sé caithreacha a sléibhtibh Iúdah, agus do rinne sé caisléin agus tuir annsna foráoisibh.
5¶ Do throid sé fós re rígh na Nammoníteach, agus rug sé búaidh orra. Agus thug clann Ammon dó an bhlíadhuin sin féin cead tallann airgid, agus do chruithneachda deich míle miosur, agus deich míle deórna. Díocadar clann Ammon a noirid sin ris, an dara blíadhain fós, agus an treas blíadhain.
6Marsin do dhaingnigh Iótam é féin, do bhrígh gur ullmhuigh sé a shlightheacha as coinne a THIGHEARNA Día.
7¶ Anois an chuid oile do ghníomhuibh Iótam, agus a chogtha uile, agus a shlightheacha, féuch, atáid scríobhtha a leabhar ríogh Israel agus Iúdah.
8Do bhí sé cúig bhlíadhna fithchiod dáois a nuáir do thosuigh a ríghe, agus do bhi na rígh sé blíadhna déug an Ierusalem.
9Agus do choduil Iótam agá aithribh, agus do adhlaiceadar é a ccathruigh Dháibhi: agus do ríoghuidh Ahas a mhac iona áit.
Currently Selected:
II Croiniclibh 27: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)