II Croiniclibh 26
26
Caibidil XXVI.
Ussiah, sona ag leanmhuin ceart. 16 Tré úabhar do fhás sé Iobhrach.
1An sin do ghlacadar muinntir Iúdah uile Ussiah chuca, noch do bhí sé blíadhna déug daóis, agus do rinneadar rígh dhe a náit a athar Amasiah.
2Do chuir sé Elot súas, agus thug ar a hais do Iúdah í, déis an rígh do chodhladh agá aithribh.
3Sé blíadhna déag daóis do bhí Ussiah an tan do thosuigh se a ríghe, agus do bhí na rígh dha bhlíadhuin déug agus dá fhithchiod ann Ierusalem. Ainm a mhathar mar an gcéadna Iecoliah ó Ierusalem.
4Agus do rinne sé an ní budh ceart a radharc an TIGHEARNA, do réir gach neithe dá ndéarnuidh a athair Amasiah.
5Agus díarr sé Día ré linn Shechariah, agá raibh tuigsin a bhfisibh Dé: agus an feadh do lean sé an TIGHEARNA, thug Día rath air.
6Agus do chúaidh sé amach agus do choguidh sé a naghaidh na Bhphilistineach, agus do bhrís sé síos balla Ghát, agus balla Iabneh, agus balla Asdod, agus do rinne sé caithreacha timchioll Asdod, agus a measc na Bhphilistíneach.
7Agus do chuidigh Día leis a naghaidh na Bhphilistineach, agus a naghaidh na Narábianach noch dáitreibh an Gurbaal, agus na Mehunimeach.
8Agus thugadar na Hammonitigh tiodhluice do Ussiah: agus do leathnuigh a ainm amach go nuige dul a steach na Hégipte; óir do neartuigh sé é féin go hanmhór.
9¶ Tuilleamh oile do chuir Ussiah tuir súas ann Ierusalem ag geata an choirnéil, agus ag geata an ghleanna, agus ag filleadh an bhalla, agus do dhainguidh sé íad.
10Mar an gcéadna do rinne sé tuir annsa díothramh, agus do thocuil sé mórán tobar: óir do bhí iomarcuidh áirnéise aige, san tír íochdaruigh aráon, agus annsna réitibh: luchd tigheaduis mar an ccéadna, agus luchd déanta fíneamhna annsna sléibhtibh, agus ann Carmel: óir dob ionmhuin leis tigheadhus.
11¶ Tuilleamh fós do bhí ag Ussiah slúagh dfearuibh cogaidh, do thiaghadh amach do chogadh na mbuidhnibh, do réir uibhre a ccuntáis re láimh Ieiel an scribhneóir agus Mhaasiah an túachtarán fáoi láimh Hananiah, áon do chaiptínibh an rígh.
12Do bhí uibhir iomlán cheann na naithreach na bhfear árrachta a ngaisgidh dhá mhíle agus sé chéad.
13Agus do bhí slúagh fáoi na láimh, trí chéad míle agus seacht míle agus cúig chéad, do rinne cogadh re cumas mór, do chongnamh leis an righ a naghaidh na namhad.
14Agus do ghléas Ussiah dhóibh ar feadh an tslóigh scíatha, agus gáethe, agus clogada, agus éidigh ochta, agus boghadha, agus crannatádhbhuill do chaitheamh cloch.
15Agus do rinne sé ann Ierusalem ionstrumeintigh, do choncas lé daóinibh glioca, do bheith ar na toruibh agus air na daingneachaibh, do chaitheamh soighead agus chloch mór asta. Agus do leathnuigh a ainm a nimchián; óir do cuidiughadh leis go hiongantach, nó go raibh sé láidir.
16¶ Acht a núair do bhí sé láidir, do bhí a chroidhe ar na thógbháil súas chum a mhillte féin: óir do pheacuidh sé a naghaidh an TIGHEARNA a Dhía féin, agus do chúaidh a steach a tteampall an TIGHEARNA do losgadh túise ar altoír na túise.
17Agus do chúaidh Asariah an sagart a steach na dhíaigh, agus maille leis ceithre fithchid sagairt leis an TTIGHEARNA, do dháoinibh beódha.
18Agus do thoirmiosgadar Ussiah an rígh, agus a dubhradar ris, Ní bheanann riotsa, a Ussiah, túis do losgadh don TIGHEARNA, acht ris na sagartaibh clann Aaron, noch atá ar na ccoisreagadh do losgadh túise: imthigh amach as an tsanctóir; óir do chiontuigh tú; agus ní bhiaidh se na onóir dhuit ón TTIGHEARNA Día.
19Annsin do bhí fearg ar Ussiah, agus do bhí senséir iona laimh do losgadh túise: agus a nam a fheirge ris na sagartuibh, tháinic an lubhra iona aghaidh a bhfiadhnuise na sagart a ttigh an TIGHEARNA, ó tháobh altóra na túise.
20Agus dféuch Asariah an tárdshagart, agus na sagairt uile air, agus, féuch, do bhí sé lubhrach iona éadan, agus do thiománadar amach as sin é; do dheifrigh sé féin fós amach, do bhrígh gur bhúail an TIGHEARNA é.
21Agus do bhí Ussiah an rígh na lobhar go ló a bháis, agus dfan sé na lobhar a ttigh ar leith; oír do gearradh amach as tigh an TIGHEARNA é: agus do bhí Iótam a mhac ós cionn tighe an rígh, ag déanamh breitheamhnuis air mhuinntir na tíre.
22¶ Anois an chuid oile do ghníomhuibh Ussiah, ó thús go deireadh, do scríobh Isaiah, mhac Amos, an faigh é.
23Marsin do choduil Ussiah agá aithribh, agus do adhlaiceadar é bhfochair a aithreadh annsa machaire adhlaicthe do bhean ris na ríoghuibh; oir a dubhradar, Is lobhar é: agus do ríoghuidh Iótam a mhac iona áit.
Currently Selected:
II Croiniclibh 26: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)