II Croiniclibh 21
21
Caibidil XXI.
Ar Iehoram fhuilteach do thairrgir Elias bás fhuathmhur do theachd.
1Anois do choduil Iehosaphat a bhfochair a aithreadh, agus do hadhlaiceadh agá aithribh é a ccathruigh Dháibhi. Agus do ríoghuidh Iehoram a mhac iona áit.
2Agus do bhádar dearbhráithre aige mic Iehosaphat, Asariah, agus Iehiel, agus Sechariah, agus Asariah, agus Michael, agus Sephatiah: dob íadso uile mic Iehosaphat rígh Israel.
3Agus thug a nathair tiodhlaice móra dhóibh dairgead, agus dór, agus do neithíbh mórlúaigh, maille re caithreachaibh daingne ann Iudah: acht thug sé an rioghacht do Iehoram, do bhrigh gur bhé an chéidghin é.
4Anois a núair do bhí Iehoram ar néirghe súas a ríoghacht a athar, do dhaingnidh sé é féin, agus do mharbh sé a dhearbhráithreach uile leis an ccloidheamh, agus fós mórán do phrionnsadhuibh Israel.
5¶ Do bhí Iehoram dhá bhliadhuin déag agus fithche daois a núair do thosuigh sé a ríghe, agus do bhí sé na rígh ocht mbliadhna ann Ierusalem.
6Agus do shiubhail sé a slighe ríogh Israel, amhuil do rinne tigh Ahab: óir do bhí inghean Ahab aige na mnaoi: agus do rinne sé an ní fa holc a radharc an TIGHEARNA.
7Acht cheana niór bháill leis an TTIGHEARNA tigh Dháibhi do scrios, do bhrígh an chunnartha do rinne sé re Dáibhi, agus mar do gheall sé solus do thabhairt dó agus dá mhacaibh go bráth.
8¶ Ann a laéthibhsion déirgheadar na Hedomítigh ó bheíth fa ríaghuil Iúdah, agus do rinneadar rígh dhóibh féin.
9Ann sin do chúaidh Iehoram amach le na phrionnsadhuibh, agus a charbuid uile leis: agus déirigh sé san noidhche, agus do bhuail sé na Hédomitigh do tháinic na thimchioll, agus caiptínigh na ccarbad.
10Mar sin do chúadar na Hedomitigh ó bheith fáoi laimh Iúdah gus a niugh. Annsa nam chéadna fós do fhill Libnah ó bheith fáoi na láimh; do bhrígh gur thréig sé an TIGHEARNA Día a aithreadh.
11Tuilleamh fós do rinne sé aite árda a sléibhtibh Iúdah, agus thug sé air mhuinntir Ierusalem stríopachus do dheanamh, agus do choimhéignidh sé Iúdah chuige sin.
12¶ Agus tháinic scríbhinn chuige ó Elias an fáigh, gha rádh, Is marso a deir an TIGHEARNA Día hathar Dáibhi, Do bhrígh nar shiubhail tú a slighthibh Iehosaphat hathar, ná a slighthibh Asa rígh Iudah,
13Acht gur shiubhail tú a slighe rígh Israel, agus gur chuir tú dfíachaibh air Iúdah agus air áitreabhachaibh Ierusalem dul le stríopachus, amhuil stríopachus thíghe Ahab, agus mar an ccéadna mar do mharbh tú do dhearbhráithre do thigh hathar, do bhí ní budh feárr ná thú féin:
14Féuch, buailfidh an TIGHEARNA do dhaoine lé pláigh mhóir, agus do chlann, agus do mhná, agus de mhaóin uile:
15Agus do gheabha tú easlainte do thinneas hinneadh, nó go ttuite hionathar amach do bhrígh an tinnis lá ar lá.
16¶ Tuilleamh oile, do chorruigh an TIGHEARNA súas a naghaidh Iehoram spiorad na Bphilistíneach, agus na Narabianach, do bhí láimh ris na Hetiópianachaibh:
17Agus thangadar súas go Iúdah, agus do bhriseadar a steach innte, agus rugadar leo a nuile mhaoin noch do fríth a ttigh an rígh, agus a mhic, agus a mhná mar an ccéadna; ionnus nar fagbhadh aonmhac aige, acht Iehoahas, an té dob óige dá mhacaibh.
18¶ Agus na dhiaigh so uile do bhúail an TIGHEARNA é féin iona innighibh le heasláinte dhóleighis.
19Agus tárla, a ccionn athaidh, tar éis dhá bhliadhan, gur thuit a mhionach as do bhrígh a thinnis: mar sin fúair sé bás deasláintibh géara. Agus ní dhéarnadar a dhaoine losgadh ar bith ar a shon, do nós loisge a aithreadh.
20Do budh dhá bhliadhuín déag ar fhithchid a aois a núair do thosuigh sé a ríghe, agus do bhí na rígh an Ierusalem ocht mbliadhna, agus dimthigh sé gan íarruidh air. Acht cheana do adhlaiceadar é a ccathruigh Dháibhí, gidheadh ní a ttúamaibh na ríogh.
Currently Selected:
II Croiniclibh 21: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)