II Croiniclibh 22
22
Caibidil XXII.
Tar éis mharbhadh Ahasiah agus Ioram le Iehu, 11 Do fholchadh Ioas ó Ataliah.
1Agus do rinneadar áitreabhúigh Ierusalem rígh do Ahasiah a mhac dob óige iona áit: óir an slúagh daoine tháinic leis na Harábianachaibh don fhoslongphort do mharbhadar an chlann fá sine uile. Marsin do ríoghuidh Ahasiah mhac Iehoram na rígh ann Iúdah.
2Dhá bhlíadhuin agus dá fithchiod daois do bhí Ahasiah a núair do thosuigh sé ríghe, agus do bhí sé na rígh aon bhliadhuin ann Ierusalem. Do bé fos ainm a mhathar Ataliah inghean Omri.
3Do shiubhail sé mar an ccéadna a slighthibh thighe Ahab: óir do bí a mhathair a chomhairleach do dheanamh uilc.
4Ar a nadhbharsin do rinne sé olc a radharc an TIGHEARNA cosmhuil ré tigh Ahab: óir dob íad sin a chomhairligh tar eís bháis a athar da ttáinic a mhilleadh.
5¶ Do shiubhail sé mar an ccéadna do reir a ccomhairle, agus do chúaidh sé le Iehoram mhac Ahab rígh Israel do chogadh a naghaidh Hasael rígh na Síria a Ramot‐gilead: agus do bhúaileadar na Sírianuigh Ióram.
6Agus dfill sé chum a leighis go Iesreel do bhrígh na ccneadh tugadh air a Ramah, a nuair do throid sé re Hasael rígh na Síria. Agus do chúaidh Asariah mac Iehoram rígh Iúdah siós dféuchuin Iehoram mhic Ahab rígh Israel ann Iesreel, mar do bhí sé tinn.
7Agus is ó Dhía do bhí milleadh Ahasiah do bhrígh a dhul dféachuin Iehoram: óir an tan tháinic sé, do chúaidh sé amach le Iehoram a naghaidh Iehu mhic Nimsi, noch do unguidh an TIGHEARNA do dhibirt thighe Ahab.
8Agus tárla, a núair do bhí Iehu ag críochnughadh breitheamhnuis ar thigh Ahab, agus fúair sé prionnsadha Iúdah, agus mic dearbhraithreach Ahasiah, do bhí ag serbhís do Ahasiah, gur mharbh se íad.
9Agus diarr sé Ahasiah: agus rugadar air, oír do bhí sé a bhfolach a Samária, agus thugadar go Iehu é: agus a núair do mharbhadar é, do adhlaiceadar é: Do bhrígh (ar siadsan), gur bé mac Iehosaphat é, noch díarr an TIGHEARNA maille ré na uile chroidhe. Marsin nach raibh cumhachda ag tigh Ahasiah an rioghachd do chongmhail a ccomhnuidhe.
10¶ Acht a núair do chonnairc Ataliah mathair Ahasiah gur marbhadh a mac, déirigh sí agus do mharbh sí uile shliochd ríogha thighe Iúdah.
11Acht Iehosabeat, inghean an rígh, do ghlac sí Ioas mhac Ahasiah, agus do ghad sí é ó bheith a measc na mac ríogh dó marbhadh, agus do chuir é feín agus a bhanaltra a séomra codalta. Mar sin Iehosabeat inghean an rígh Iehoram, bean Iehoiada an sagart, (oír bá deirbhshiúr do Ahasiah í), dfoluigh sí é ó Ataliah, go nar mharbh sí é.
12Agus do bhí sé a bhfolach aca a ttigh Dé sé blíadhna: agus do rioghuidh Ataliah ós cionn na tíre.
Currently Selected:
II Croiniclibh 22: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)