II Croiniclibh 20
20
Caibidil XX.
Do chlaóidh Día na Hammonitigh, &c. a leith Iehosaphat 35 noch dá ttug Elieser aithfir ar son a cheangal lé Abasiah.
1Tarla na dhiaigh so fós, go ttangadar clann Mhoab, agus clann Ammon, agus daoine oile maille riú taobh amuich do na Hammoniteachuibh, do chathughadh a naghaidh Iehosaphat.
2Annsin tháinic drong dinnis do Iehosaphat, gha rádh, Thangadar slúagh mór a taghaidh a nall tar fairge don taoibhsi do Shíria; agus, féuch, ataíd síad ann Hasason‐tamar, noch isé En‐gedi.
3Agus do ghabh eagla Iehosaphat, agus do leíg é féin díarruidh an TIGHEARNA, agus dfuagair sé troscadh air feadh Iúdah uile.
4Agus do chruinnigh Iúdah íad féin a ccionn a chéile díarruidh cunganta air an TTIGHEARNA: eadhon as caithreachaibh Iúdah uile thangadar díarruidh an TIGHEARNA.
5¶ Agus do sheas Iehosaphat a lár oireachduis Iúdah agus Ierusalem, a ttigh an TIGHEARNA, as coinne na cúirte núaidhe,
6Agus a dubhairt sé, O a THIGHEARNA Día ar naithreadh, nach tusa is Día a bfhlaitheamhnus? agus nach riaghlann tú ós cionn uile rioghacht na ngeinteadh? agus nach bhfuil cumhacht agus neart ad láimh, iondus nach éidir déainneach cur a taghaidh?
7Nach tú ar Ndíane, noch do theilg amach dúthchusuigh na tíresi roimhe do phobal Israel, agus thug tú í do shíol Abraham do chará feín go bráth?
8Agus do áitigheadar annsin, agus do rinneadar sanctoir dhuitsi ann dot ainm, gha rádh,
9Ma sheasmaoid as coinne an tighesi, agus dot lathaírsi, (óir atá hainm sa tighse,) a núair thiocfas olc oruinn, mar atá an cloidheamh, breitheamhnus, nó pláigh, nó gorta, agus éighfeam chugadsa íonar naindeisi, annsin cluinfe tusa agus cuideochuidh tú.
10Agus anois, féuch, clann Ammon agus Mhoab agus shleibhe Seir, nach ar leíg tú do chloinn Israel dionnsuighe, a núair thangadar as crích na Hégipte, acht do fhílleadar úatha, agus niór mhilleadar íad;
11Féuch, a deirim, an lúaigheacht do bheiríd dhúinn, teacht dar teilgion as do sheilbhsi, noch thug tú dhúinn a noighreacht.
12O ar Ndía, nach mbéara tú breath orra? oír ní bhfuil neart ionnuinne anaghaidh na buidhne móiresi thig ar naghaidh; agus ní feas dúine créad do dhéanam: acht ar súil do bheith riotsa.
13Agus do sheas Iúdah uile as coinne an TIGHEARNA, agus a cclann bheag, a mná, agus a leanba.
14¶ Ann sin thainic Spiorad an TIGHEARNA air Iahasiel mhac Secharia, mhic Benaiah, mhic Iehiel, mhic Mattaniah, Lebhiteach do mhacaibh Asaph, a measc an chomhchruinnigh;
15Agus a dubhairt sé, Eistighsi, a Iúdah uile, agus sibhsi a áitreabhacha Ierusalem, agus tusa a rígh Iéhosaphat, Is mar so a deir an TIGHEARNA ribh, Ná bíodh eagla nó uabhuain oruibh ar son a niomaid coimhthionailsi; oír ní libhsi an oath, achd lé Día.
16A márach téighidh síos na naghaidh: féuchuidh, a taídsion ag teacht a níos a slighe bheinne Sis; agus do gheabhthaoi íad ag ceann na habhann, as coinne fhásaigh Ieruel.
17Ní ríachdanus daoibh troid annsa chathso sibh fein: seasuidh bhur ccomhnuigh, agus do chífidhe cabhair an TIGHEARNA maille ribh, ó a Iúdah agus Ierusalem: ná himeagluighidh, agus ná líthidh; a marach éirgidh amach na naghaidh: oír biaidh an TIGHEARNA maille ribh.
18Agus do chrom Iehosaphat a cheann agus a aghuidh chum na talmhan: agus do léig Iúdah uile agus muinntir Ierusalem íad feín síos as coinne an TIGHEARNA, ag adhradh an TIGHEARNA.
19Agus na Lebhitigh, do chloinn na Ccohatíteach, agus do chloinn na Ccorhíteach, déirgheadar súas do mholadh an TIGHEARNA Día Israel le gúth árd follusghlan.
20¶ Agus deírgheadar go moch ar maidin, agus do chúadar amách go fásach Tecoa: agus mar do chúadar amach, do sheas Iehosaphat agus a dubhairt, Eístigh riomsa a Iúdah, agus sibhsi áitreabhuigh Ierusalem; Creidigh ann bhur TTIGHEARNA Día, marsin bhéithí daingion; creidigh dhá fháighe, agus béarthaoi búaidh.
21Agus an tan do rinne sé comhairle ris an bpobal, dórduigh sé aos ceóil don TIGHEARNA, agus do mholfadh sciamh na naomhthachda, a núair do rachaidís amach as coinne an tsloígh, agus a rádh, Moluidh an TIGHEARNA; oír maíridh a thrócaire go bráth.
22¶ Agus an tan do thosuigheadar an ceól agus an moladh, do chuir an TIGHEARNA lúigheachaín a naghaidh chloinne Ammon, Mhoab, agus shléibhe Seir, noch thainic a naghaidh Iúdah; agus do buaileadh íad.
23Oír do sheasadar clann Ammon agus Mhoab súas a naghaidh áitreabhacha shléibhe Seír, da marbhadh agus da léirscrios: agus an tan do chuireadar deireadh le marbhadh mhuinntire Seir, thug gach aon aca feín dithchioll ar a chéile do mharbhadh.
24Agus a núair tháinic Iúdah láimh re tor na faire annsa bhfásach, dféachadar ar a tslúagh mór, agus, féuch, do bhádar na ccorpuibh marbha ar ttuitim go talamh, agus ní dheachuidh duine as díobh.
25Agus a núair tháinic Iehosaphat agus a dháoine do bhreith a néadála leó, fúaradar a measc na ccorp marbh iomarcaidh saidhbhris, agus seód buádha, (noch do nochtadar dhíobh dhóibh féin), níos mó ná dféadadar diomchar: agus do bhádar trí lá ag cruinniughadh na héadála, do bhí sí chomórsin.
26Agus air an cceathramadh lá do chruinnigheadar íad féin a ngleann Berachah; óir is annsin do bheannuigheadar an TIGHEARNA: ar a nadhbharsin do goireadh, Gleann Beracha, do náit sin, gus a niugh.
27Ann sin dfilleadar, gach uile dhuine do Iúdah agus do Ierusalem, agus Iehosaphat na ttosach, do dhul a rís go Ierusalem maille re luáthghaire; óir thug an TIGHEARNA orra gáirdeachus do dhéanamh ós cionn a námhad.
28Agus thangadar go Ierusalem le saltrachaibh agus le cláirseachuibh agus lé stocaibh go tigh an TIGHEARNA.
29Agus do bhí eagla Dé ar rioghachtuibh na ccríoch sin uile, a núair do chualadar gur throid an TIGHEARNA a naghaidh námhad Israel.
30Mar sin do bhí rioghacht Iehosaphat ciúin: óir thug a Dhía súaimhneas dó timchioll fa ccuairt.
31¶ Agus do bhí Iehosaphat na rígh ós cionn Iúdah: do bhí sé tríochad agus cúig bhliadhna daois a núair do thosuigh sé a ríghe, agus do ríoghuidh sé cúig bhliadhna fithchiod ann Ierusalem. Agus dob é ainm a mhathar Asubah inghean Shilhi.
32Agus do shiubhail sé a slighe Asa a athar, níor dhealuidh sé ria, ag leanmhuin an neithe do budh ceart a radharc an TIGHEARNA.
33Gidheadh níor cuireadh na háite árda ar ccúl: óir níor ullmhuigheadar na daoine a ccroidhthe fos do Dhía a naithreadh.
34Anois an chuid oile do ghníomhuibh Iehosaphat, tosach agus deighionach, féuch, atáid scríobhtha a leabhair Iehu mhic Hanani, noch air ar labhradh a leabhar ríogh Israel.
35¶ Agus na dhiaigh so do cheangail Iehosaphat rígh Iúdah é féin lé Ahasiah rígh Israel, noch do bhí lán do dhroichghniomhuibh:
36Agus do cheangail seision é féin ris do dhéanamh long do dhul go Tarsis: agus do rinneadar na lunga a Nesion gaber.
37Annsin do thairghir Elieser mhac Dodabhah ó Mharesah a naghaidh Iehosaphat, gha rádh, Do bhrígh gur cheangail tú thú féin re Ahasiah, do bhris an TIGHEARNA hoibreacha. Agus do bhádar na longa briste, go nár bhféidir leó dul go Tarsis.
Currently Selected:
II Croiniclibh 20: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)