II Croiniclibh 19
19
Caibidil XIX.
Aithrighe agus leusughadh Iehosaphat tar éís a imdheargadh ón fháigh.
1Agus dfill Iehosaphat rígh Iudah da thigh a síothchain go Ierusalem.
2Agus do chúaidh Iehu mhac Hanani an féachadóir amach na choinne, agus a dubhairt sé ris an rígh Iehosaphat, Ar chóir dhuitsi congnamh ris a nduine neimhdhiadha, agus grádh do thabhairt don luchd fhúathuighios an TIGHEARNA? uimesin atá fearg riot ó lathair an TIGHEARNA.
3Thairis sin fríth neithe maithe ionnad, mar do scriós tú na garraín as an ttír, agus gur umhluigh tú do chroidhe díarruidh Dé.
4¶ Agus do rinne Iehosaphat comhnuigh ann Ierusalem: agus do chuáidh sé amach a rís ar feadh an phobail ó Bheerseba go slíabh Ephraim, agus thug sé ar a nais íad chum an TIGHEARNA Día a naithreadh.
5¶ Agus do chuir sé breitheamhuin annsa tír ar feadh caithreach daingean Iúdah uile, ó chathruigh go cathruigh,
6Agus a dubhairt sé ris na breitheamhnuibh, Tugaidh da bhur naire cred do dhéantaoi: oír ní do dhuine bhéarthaoí breath, achd don TIGHEARNA, noch atá maille ribh annsa bhreitheamhnus.
7Anois uimesin bíodh eagla an TIGHEARNA oruibh; tugaidh dá bhur naire agus déanaidh é: oír ní bhfuil éaigceart ar bith ann ar TTIGHEARNA Díane, nó meas air phearsannuibh, nó glacadh chumhthach.
8¶ Do chuir fos Iehosaphat ann Ierusalem do na Lebhitibh, agus do na sagartuibh, agus do thogha aithreach Israel, do dhéanamh breitheamhnuis an TIGHEARNA, agus do réiteach imreasuin, a nuáir do fhillidís go Ierusalem.
9Agus do chuir sé dúalach orra, dhá rádh, Marso do dhéantaoi a núamhan an TIGHEARNA, go hionnruic, agus le croidhe iomlán.
10Agus gidh bé ar bith cúis thiucfas chugaibh ó bhur ndearbhráithribh chómhnuigheas iona ccaithreachaibh, eidir fhuil agus fhuil, idir dhligheadh agus aithne, reachda agus bhreitheamhnusa, do bhéarthaoi fuagra dhóibh gan aindllgheadh do dhéanamh a naghaidh an TIGHEARNA, as a ttiucfadh dioghaltas oruibh, agus air bhur ndearbhráithribh: déunuidh so, agus ní dhéantuidh aindligheadh.
11Agus, féuchuidh, atá Amariah an tárdsagart ós bhur ccionn a nuile chúiseannuibh an TIGHEARNA; agus Sebadiah mhac Ismael riaghluidheóir thighe Iúdah, ar son uile chúiseann an rígh: béid na Lebhitigh fós na noifigeachaibh re bhur naghaidh. Déanuidh go curata, agus biaidh an TIGHEARNA maille ris an mhaith.
Currently Selected:
II Croiniclibh 19: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)