II Croiniclibh 1
1
Caibidil I.
Do fuair Solamh ó Dhia, 7 gliocas 13 neart agus saidhbhrios.
1Agus do neartuigheadh Solamh mhac Dáibhi iona rioghachd, agus do bhí a THIGHEARNA Día maille ris, agus do mhéuduigh sé é go hiomarcach.
2Ann sin do labhair Solamh re Hisrael uíle, re caíptíneadh na mílteadh agus na ccéad, agus ris na breitheambnuibh, agus re gach áon úachdaran ann Israel uile, re ceannuibh na naithreach.
3Mar sin do chuáidh Solamh, agus an comhchruinniughadh uile iona fhochair, don náit áird do bhi ann Gibeon; óir is annsin do bhí tabernacuil chomhchruinnigh Dé, noch do rinne Maóise searbhfhoghantuigh an TIGHEARNA ann sa bhfásach.
4Acht thug Dáibhi airc Dé ó Chiriatiarim súas gus a náit do ullmhaigh Dáibhi roimpe: óir do chuir sé lóistín na sheasamh dhi ann Ierusalem.
5Tuilleamh fós do chuir sé, an altóir phráis, do rinne Besaleel mhac Uri, mhic Hur, as coinne thabernacuil an TIGHEARNA: agus do ghuidh Solamh agus an comhchruinniughadh aice.
6Agus do chuáidh Solamh súas annsin gus a naltóir phráis a lathair an TIGHEARNA, noch do bhí ag tabernacuil an chomhchruinnigh, agus dofráil sé míle íodhbuirt loisge uirre.
7¶ Annsa noidhche sin dfoillsigh Día é féin do Sholamh, agus a dubhairt sé ris, Iarr cred bhéarus me dhuit.
8Agus a dubhairt Solamh ré Día, Do thaisbéin tú grása móra dom athair Dáibhí, agus do chuir tú misi do ríghe iona áit.
9Anois, a THIGHEARNA Día, coimhlíontar do ghealladh dom athair Dáibhi: óir do rinne tú righ dhíomsa air phobal coimhlíonmhar re luáithreadh na talmhan.
10Tabhair dhamh anois eagna agus éolus, lé a racha mé amach agus le a ttiucta mé a steach roimhe an bpobalsa: óir cía dá ttig breitheamhnus do dhéanamh air do phobal, atá comhmórsa?
11Agus a dubhairt Día re Solamh, Do bhrígh go raibh so ann do chroidhe, agus nár íarr tú saidhbhrios, maóin, nó onóir, no bás do námhad, agus fós nár íarr tú sáoghal fada; achd gur íarr tú eagna agus eólus dhuit féin, go madh féidir leachd breitheamhnus do dhéanamh ar mo phobalsa, ós cionn a ndéarna mé rígh dhíot:
12Do háontuigheadh eagna agus éolus duit; agus do bhéara mé saidhbhrios duit, agus maóin, agus onóir, á leithéid nach bhfúair aon do na ríghthibh do bhí romhad, agus nach bhfuighe éanduine ad diáigh a leithéid.
13¶ Ann sin tháinic Solamh ó náit áird do bhí ann Gibeon go Hierusalem, ó lathair thabernacuil an chomhchruinnigh, agus do bhí na rígh ós cionn Israel.
14Agus do chruinnigh Solamh carbuid agus marcshlúagh: agus do bhí míle agus ceithre chéad carbad aige, agus dhá mhíle dhéag marcach, noch do shuidhigh se a ccaithreachaibh na ccarbad, a bhfochair an rígh ann Ierusalem.
15Agus thug an rígh airgiod agus ór ann Ierusalem mar chlocha, agus do rinne croinn cédair ann amhuil croinn sicomoir noch atá san ghleann air líonmhaireachd.
16Agus tugadh eich chum Soluimh as an Négipt, agus snáth lín: do ghlacaidís ceannuighthe an rígh an snáth ar a lúach.
17Agus thugadar súas agus rugadh amach as an Négipt carbad air cheann shé chéad secel airgid, agus each ar cheann chéad agus cháogad: agus marsin thugadar léo eachraidh do ríoghuibh na Hittiteach uile, agus do ríoghuibh na Síria, le na láimhsion.
Currently Selected:
II Croiniclibh 1: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)