II Croiniclibh 14
14
Caibidil XIV.
Tug Asa an pobal go Día ar ais. 6 Chuir se caithreacha Iudah súas. 12 Agus bhúail sé na Hetiópigh.
1Marsin do choduil Abiiah a bhfochair a aithreadh, agus dadhlaiceadar é a ccathruigh Dháibhí: agus do ríoghuidh Asa a mhac iona aít. Iona laéthibh do bhí an tír súaimhneach deich mblíadhna.
2Agus do rinne Asa an ní fa maith agus fa ceart a radharc a THIGHEARNA Dé:
3Oír do theilg sé seachad altóra na ndée ccoimhitheach, agus na haite árda agus do bhris sé síos na híomháighé, agus do ghearr síos na garráin:
4Agus do aithin sé do Iúdah an TIGHEARNA Día a naithreadh díarruidh, agus a dhligheadh agus a aithéanta do choimhead.
5Már an ccéadna do rug sé as caithreachaibh Iúdah uile na háite árda agus na híomháighe: agus do bhí an rioghachd socair dá lathair.
6¶ Agus do chuir sé caithreacha daingne súas ann Iúdah: óir do bhí ciúnas ag an ttír, agus ní raibh cogadh ar bith annsna blíadhnuibh sin; do bhrígh go ttug an TIGHEARNA suáimhneas dó.
7Uimesin a dubhairt sé ré Iúdah, Cuiriom na caithreacha súas, agus déanam balladha na ttimchioll, agus tuir, geatadha, agus barradha, an feadh bhías an fearann fós air ar ccor fein; do bhrígh gur íarramar ar TTIGHEARNA Día, do ghuidheamar é, agus thug sé socrachd dhúinn da gach uile thaoibh. Marsin do rinneadar fairgniomh agus do chuádar air a naghaidh.
8¶ Agus do bhí slúagh daóine ag Asa do iomchradh targáid agus gaéthe, as Iúdah trí chéad míle; agus as Beniamin, diomchradh sciatha agus do thairngeadh bogha, dha chéad agus céithre fithchid míle: do budh fir árrachda chródha íadso uile.
9¶ Agus tháinic Serah an Tetiopeach amach na naghaidh lé slúagh míle do mhíltibh, agus trí chéad carbad; agus tháinic sé go Maressah.
10Ann sin do chuáidh Asa amach na aghaidh, agus do chuireadar an cath a nórdughadh a ngleann Sephátah ag Maressah.
11Agus déigh Asa air A THIGHEARNA Día, agus a dubhairt, A THIGHEARNA, as beag agadsa cabhair do thabhairt, ceachtar acá lé móran, nó luchd gan neart: tabhair dhúinne cabhair, a THIGHEARNA ar Ndía; óir is ort chuirmid sinn féin, agus an thainmsi theighmid á naghaidh a niomudse. O a THIGHEARNA, is tú ar Ndía; ná beireadh duine búaidh órt.
12Annsin do bhúail an TIGHEARNA na Hetiópigh roimhe Asa, agus roimhe Iúdah; agus do theithiodar na Hetiópigh.
13Agus do lean Asa agus an mhuinntir do bhí na fhochair íad go Gérar: agus do cláoidheadh na Hétiópigh, ionnus nar fheádadar íad féin do thártháil; óir do marbhadh íad a lathair an TIGHEARNA, agus a lathair a shlóigh; agus rugadar romhóran éadála leó.
14Agus do bhúaileadar na caithreacha uile fa ccúairt timchioll Ghérar; óir tháinic eagla an TIGHEARNA orra: agus do airgeadar na caithreacha uile; óir do bhí iomarcuigh éadala ionnta.
15Do bhúaileadar mar an ccéadna na búailteacha áirnéise, agus rugadar leó iomarcuigh cáorach agus cámhall, agus dfilleadar go Hierusalem.
Currently Selected:
II Croiniclibh 14: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)