II Croiniclibh 15
15
Caibidil XV.
Tré bhriathraibh Asariah an faigh, 8 do chuir Asa na hiodhail as an tír. 12 Agus rinne cunradh re Día.
1Agus tháinic Spiorad Dé ar Asariah mhac Oded:
2Agus do chúaidh sé amach a ccoinne Asa, agus a dubhairt ris, Eistigh riomsa, Asa, agus Iúdah uile agus a Bheniamin; Atá an TIGHEARNA maille ribh, an feadh bhéithi maille ris; agus má íarthaoi é, atá se ar fagháil agaibh; acht ma thréigthí é, tréigfidh sé sibh.
3Anois do bhí Israel ré haimsir fhada gan an Día fíre, agus gan sagart teaguisg, agus gan dligheadh.
4Acht a núair dfilleadar iona mbúaidhreadh air an TTIGHEARNA Día Israel, agus díarradar é, do fúaradar é.
5Agus annsna haimsearuibh sin ní raibh síothcháin ar bith ag an tí do rachadh amach, nó ag an tí do thiucfadh a steach, acht búaidheartha móra air gach uile áitreabhach na ccríoch.
6Agus do bhí tír dhá milleadh ag tír oile, agus cathair ag cathair oile: óir do bhuáidhir Día iad lé gach uile aindeise.
7Bithí laídir air a nadhbharsin, agus ná bídís bhur lámha lag: óir do gheabhtháoi lúach bhur sáothair.
8¶ Agus an tan do chúala Asa na briathrasó, agus tairghire Oded an fáigh, do ghabh meanma é, agus do theilg sé seachad na hiodhail adhfhuathmhara as crích Iúdah agus Bheniamin uile, agus as na caithreacaibh do ghabh se do shlíabh Ephraim, agus do athnúaghuidh sé altóir an TIGHEARNA, do bhí roimhe poirse an TIGHEARNA.
9Agus do chruinnigh sé Iúdah agus Beniamin uile, agus coimhighthigh maille riú as Ephraim agus Manasseh, agus as Símeon: óir do fhilleadar mórán Disrael air, a núair do chonncadar go raibh a THIGHEARNA Día leis.
10Marsin do chruinnigheadar iad féin a ccionn a chéile ann Ierusalem an treas mí, annsa chúigeadh bliadhain déag do ríoghacht Asa.
11Agus dofráladar don TIGHEARNA fá namsin féin, do na creachuibh thugadar leó, seachd ccéad damh agus seachd míle cáora.
12Agus do rinneadar cunnradh an TIGHEARNA Día a naithreadh díarruidh le na nuile chroidhe agus le na nuile anam;
13Iondus gidh bé nach íarrfadh an TIGHEARNA Día Israel go ccuirfidhe chum báis é, má beag nó mór, má fear nó bean é.
14Agus thugadar mionna don TIGHEARNA do ghuth árdmhór, agus lé gaír, agus le stocaibh, agus le coirnetibh.
15Agus do lúathgháir Iúdah uile leis na mionnuibhsin: óir do mhionnuigheadar le na nuile croidhe, agus díarradar é le na ttoil iomlain; agus fúaradar é: agus thug an TIGHEARNA socracht dhóibh timchioll fa ccuáirt.
16¶ Agus mar an ccéadna Maachah mathair Asa an rígh, do athruigh sé í ó bheith na bainríoghain, do bhrígh go ndéaruuidh sí íomháighe a ngarrán: agus do gheárr Asa síos a híomháigh, agus do mhionbhrúigh í, agus do loisg sé í ag sruth Cedron.
17Acht níor cuireadh na háite árda ar ccúl ann Israel: gidheadh do bhí croidhe Asa iomlán ar feadh a sháoghail.
18¶ Agus thug sé go tigh Dé na neithe do choisrig a athair, agus na neithe do choisrig sé féin, airgiod, agus ór, agus soighthighe.
19Agus ní raibh cogadh ní budh mó go nuige an cúigeadh blíadhuin ar thríochad do rioghacht Asa.
Currently Selected:
II Croiniclibh 15: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)