II Croiniclibh 13
13
Caibidil XIII.
Rug Abiiah búaidh ar Ieroboam. 14 Do bhrígh a‐mhuinighinn a Ndía.
1Anois annsa nochdmhadh blíadhain déag don rígh Ieroboam do thosuigh Abiiah a ríghe ós cionn Iúdah.
2Do bhi sé na rígh trí blíadhua ann Ierusalem. (Do bé fós ainm a mhathar Micaiah inghean Uriel ó Ghibéa.) Agus do bhí cogadh eidir Abiiah agus Ieroboam.
3Agus do chuir Abiiah an cath a nórdughadh lé slúagh do dháoinibh curata a ccogadh, eadhon ceithre chéad mile fear toghtha: do chuir Ieroboam mar an ccéadna an cath a nórdughadh na aghuidhsion le hochd ccéad míle fear toghtha, do dháoinibh neartmhara a ngaisgidh.
4¶ Agus do sheas Abiiah ar sliabh Semaraim, noch atá a slíabh Ephraim, agus a dubhairt, Eistse riomsa, a Ieroboam, agus a Israel uile;
5Nach ar chóir dhaóibhsi a fhios do bheith aguibh go ttug an TIGHEARNA Día Israel an rioghachd ós cionn Israel do Dháibhi choidhche, eadhon dó feín agus dá mhacaibh re cunnradh saluinn?
6Thairis sin déirigh Ieroboam mhac Nébat, serbhiseach Sholuimh mhic Dáibhi súas, agus do chúaidh a ccogadh a naghaidh a thighearaa.
7Agus do cruinnigheadh chuigesion dáoine díomháoine, clann Bhélial, agus do neartuigheadar íad féin a naghaidh Rehoboam mhic Soluimh, a nuaír do bhí Rehoboam óg agus bogchroidhtheach, agus nar fhéad cur na naghaidh.
8Agus anois sáoiltí seasamh a naghaidh rioghachda an TIGHEARNA a lámhuibh mhac Dháibhi; agus atáthaói romhórán dáoine, agus atá agaibh láoigh órdha, noch do rinne Ieroboam dháoibh mar dhée.
9Nach ar theilgeabhair amach sagairt an TIGHEARNA, mic Aaron, agus na Lebhitigh, agus do rinneabhair dháoibh féin sagairt do reír mhodha chinneadhach chríoch oile? iondus gidh bé ar bhith thiucfus dá choisreagadh féin lé bulóig agus lé seachd reithe, go bhféadann an té sin bheith na shagart dhóibh sin nach bfuil na ndéeibh.
10Acht air ar soinne, is é an TIGHEARNA ar Ndía, agus níor thréigeamar é; agus isíad mic Aáron na sagairt, noch do nídh miniostralachd don TIGHEARNA, agus na Lebhitigh ag feithiomh ar a nobair feín:
11Agus loisgid síad don TIGHEARNA gacha maidin agus gach tráthnóna íodhbartha loisge agus túis dheaghbholuigh: órdúighid mar an gcéadna an tarán taisbeánta air an mbórd bhfíorghlan; agus an coinnleóir óir gun a shoillsibh, do lasadh gacha trathnóna: óir coimhéadmaóid úalach ar TTIGHEARNA Dé; ach do thréigeabhairse é.
12Agus, féuchuidh, atá Día féin linne mar chaiptin oruinn, agus a shagairt ag fuáimnigh re stocuibh dfógra briste oruibhse. O a chlann Israel, ná troidigh a naghaidh an TIGHEARNA Día bhur naithreadh; óir ní éireochuidh se libh.
13¶ Acht thug Ieroboam fa deara luidheachán do theachd timchioll fa na ccúl: marsin do bhádar as coinne Iúdah, agus an chealg leath a ccúil.
14Agus an tan dféach Iúdah na ndiáigh, féach, do bhí an cath rompa agus na ndiáigh: agus do ghoireadar air an TTIGHEARNA, agus do shéideadar na sagairt na stuic.
15Annsin do léigeadar fir Iúdah gáir: agus mar do gháireadar fir Iúdah, tárla, gur bhúail Día Ieroboam agus Israel uile roimhe Abiiah agus roimhe Iúdah.
16Agus do theitheadar clann Israel roimhe Iúdah: agus do sheachuid Día iona láimh íad.
17Agus do mharbh Abiiah agus a phobal íad le hár mór: ionnus gur thuit síos marbh Disrael cúig chéad míle fear toghtha.
18Marso do cuíreadh fáoi chlann Israel fan namsin, agus rugadar clann Iúdah búaidh, do bhrígh gur sheasadar air an TTIGHEARNA Día a naithreadh.
19Agus do lean Abiiah a ndiáigh Ieroboam, agus do bhean caithreacha dhe, Bet‐el gun a bailtibh, agus Iessanah gun a bailtibh, agus Ephraim gun a bailtibh.
20Ní mó rug Ieroboam neart a rís a laéthibh Abiiah: agus do bhúail an TIGHEARNA é, agus déug sé.
21¶ Achd dfás Abiiah cumhachdach, agus do phós sé ceithre mná déug, agus rugadh dhá mhac agus fithche, agus sé hingheana déag dhó.
22Agus an chuid oile do ghníomhuibh Abiiah, agus a shlighthe, agus a raidhte, atáid síad scríobhtha a stair Iddo an fáigh.
Currently Selected:
II Croiniclibh 13: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)