II Croiniclibh 12
12
Caibidil XII.
Peucadh, 6 aithreachas, 7 agus tartháil eigin Rehoboam agus a dhaoine.
1Agus tárla an tan do dhaingnidh Rehoboam san rioghachd, agus do neartuigh sé é féin, gur thréig sé dligheadh an TIGHEARNA, agus Israel uile maille ris.
2Agus tárla, an cúigeadh bliadhan don rígh Rehoboam go ttáinic Sissac rígh na Hégipte súas a naghaidh Ierusalem, (do bhrígh gúr pheacuigheadar a naghaidh an TIGHEARNA,)
3Maille ré dhá chead déag carbad, agus tri fithchid míle marcach: agus níor bhféidir áiriomh an drong tháinic leis ón Négipt; na Lubimigh, na Succimigh, agus na Hetiópianuigh.
4Agus do ghabh sé na caithreacha daingne noch do bhean re Iúdah, agus tháinic sé go Hierusalem.
5¶ Ann sin thaínic Semaiah an fáigh go Rehoboam, agus go prionnsadhuibh Iúdah, noch do chruinnigh a bhfochair a chéile ann Ierusalem do bhrígh Shissac, agus a dubhairt sé riú, Is marso a deir an TIGHEARNA, Do thréigeabhair misi, agus marsin dfág misi sibhsi a láimh Shissac.
6Dá bhrígh sin dumhluigheadar prionnsadha Israel agus an rígh íad féin; agus a dubhradar, Atá an TIGHEARNA ceart.
7Agus an tan do chonnairc an TIGHEARNA gur umhluigheadar íad féin, tháinic focal an TIGHEARNA go Semaiah, gha rádh, Dumhluigheadar íad féin; ní scriosfa mé íad, ach do bhéara mé tárthail éigin orra; agus ní dóirtfighthear mfearg amach ar Ierusalem le láimh Shissac.
8Thairis sin béid síad na searbhfhoghantuibh aige; le mbía fios aca air mo sherbhísesi, agus air sherbhís rioghacht na ccríoch.
9Marsin tháinic Sissac rígh na Hégipte súas a naghaidh Ierusalem, agus rug leis ionnmhus thighe an TIGHEARNA, agus ionnmhus thighe an rígh; rug sé leis an tiemlán: rug sé leis mar an gcéadna na scíatha óir noch do rinne Solamh.
10Iona náit sin do rinne Rehoboam scíatha práis, agus thug a lámhuibh úachdaráin an gharda íad, noch do choimhéad dul a steach thighe an rígh.
11Agus a núair do thiaghadh an rígh a steach go tigh an TIGHEARNA, thigeadh an gárda agus do bheirdís leó iad, agus do bheirdís air ais iad go seómra an gharda.
12Agus an tan dumhluigh sé é féin, dfill fearg an TIGHEARNA úadh, nar bháill leis a scrios thríd amach: agus fós ann Iúdah do bhi gach ní go maith aca.
13¶ Mar sin do neartuigh rígh Rehoboam é féin ann Ierusalem, agus do ríoghuidh innte: óir do bhí Rehoboam blíadhuin agus dá fhithchiod dáois a núair do thosuigh sé a ríghe, agus do bhí na rígh seachd mblíadhna déag ann Ierusalem, an chathair do thogh an TIGHEARNA amach as treabhuibh Israel uile, do chur a anma innte. Agus do bé ainm a mhathar Naamah Ammoníteach.
14Agus do rinne sé olc, do bhrígh nar umhluigh sé a chroidhe díarruidh an TIGHEARNA.
15Anois gníomha Rehoboam ó thús go deireadh, nach bhfuilid síad scríobhtha a leabhar Shemaiah an fáigh, agus Iddo an féachadoír a ttaobh ghinealach? Agus do bhádar cogtha idir Rehoboam agus Ieroboam a ccomhnuigh.
16Agus do choduil Rehoboam agá aithribh, agus do hadhlaiceadh é a ccathruigh Dháibhi: agus do ríoghuidh Abiiah a mhac iona áit.
Currently Selected:
II Croiniclibh 12: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)