II Croiniclibh 11
11
Caibidil XI.
Do thoirmiosg Día cogadh ré Hisrael. 13 Na sagairt agus na daoine maithe le Rehoboam.
1Agus an tan tháinic Rehoboam go Hierusalem, do chruinnigh sé do thigh Iúdah agus Beniamin céad agus ceithre fithchid míle do dhaóinibh toghtha, noch do bhí na luchd coguidh, do throid a naghuidh Israel, chor go ttiubhradh an rioghachd a rís do Rehoboam.
2Acht tháinic bríathar an TIGHEARNA go Semaiah óglach Dé, dha rádh,
3Labhair re Rehoboam mhac Solaimh, rígh Iúdah, agus ré a bhfuil Disrael ann Iúdah agus re Beniamin, ghá radh,
4Is marso a deir an TIGHEARNA, Ní rachtáoi súas, agus ní mó throidfidhe a naghaidh bhur ndearbhráithreach: filleadh gach áon aguibh dá thigh: óir is misi do rinne an níse. Agus do umhluigheadarsan do bhríathruibh an TIGHEARNA, agus dfilleadar ó dhul a naghaidh Ieroboam.
5¶ Agus do chomhnuigh Rehoboam ann Ierusalem, agus do rinne sé caithreacha dídin ann Iúdah.
6Do rinne sé Bet‐lehem, agus Etam, agus Tecoa,
7Agus Bet‐sur, agus Socho, agus Adullam,
8Agus Gát, agus Maressa, agus Siph,
9Agus Adoram, agus Lachis, agus Asecah,
10Agus Sórah, agus Aiialon, agus Hébron, noch atá ann Iúdah agus a Mbeniamin caithreacha daingne.
11Agus do dhaingnidh sé na caisléin láidre, agus do chuir se caiptínigh ionta, agus stór bidh, agus ola agus fíona.
12Agus ann gach aon chathruigh fá leith do chuir sé scíatha agus gaethe, agus do rinne sé ro láidir íad, ar mbeith do Iúdah agus do Bheniamin dhá tháoibh.
13¶ Agus thangadar na sagairt agus na Lebhítigh do bhí ann Israel uile chuige a ccóstuibh uile.
14Oír dfagbhadar na Lebítigh a mbailte beaga agus a sealbh, agus thangadar go Iúdah agus Hierusalem: óir do theilg Ieroboam agus a mhic amach íad ó dhéanamh oifige an tsagairt don TIGHEARNA:
15Agus do órduigh sé sagairt dó féin annsna háitibh árda, agus do na díabhluibh, agus do na láoghuibh do rinne sé féin.
16Agus na ndiaigh sin as uile threabhuibh Israel an méid do shocruidh á ccroidhthe díarruidh an TIGHEARNA Día Israel thangadar go Hierusalem, díodhbuirt don TIGHEARNA Día a naithreadh.
17Marsin do neartuigheadar rioghachd Iúdah, agus do rinneadar Rehoboam mac Soluimh láidir, trí blíadhna: óir do shiubhluigheadar trí blíadhna a slighe Dhaibhi agus Sholuimh.
18¶ Agus thug Rehoboam chuige na mnáoi Mahalat inghean Ierimot mhic Dháibhi, agus Abihail inghean Eliab mhic Iesse;
19Noch rug clann dó; Ieus, agus Semariah, agus Saham.
20Agus na diáigh sin thug sé Maachah inghean Absolom; noch rug Abiiah dhó, agus Attaí, agus Sisa, agus Selomit.
21Agus do ghrádhuigh Rehoboam Maachah inghean Absolom ós cionn a bhan uile agus a leannána: (óir thug sé ocht mná déag, agus trí fithchid leannán;) agus rugadh ocht mic fhithchíod dhó agus tri fithchid inghean.
22Agus do rinne Rehoboam úachdarán do Abiiah mhac Maachah, do ríaghladh a measc a dhearbhráithreach: óir do sháoil sé rígh do dheanamh dhe.
23Agus do rinne sé go críonna, agus do scáoil sé a chlann uile air fheadh chríoch Iúdah agus Bheniamin, da gach áon chathruigh dhaingin: agus do chuir sé lónn go lór leó. Agus do bhí dúil a niomad ban aige.
Currently Selected:
II Croiniclibh 11: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)