YouVersion Logo
Search Icon

II Croiniclibh 10

10
Caibidil X.
Rehoboam tré chomhairle na ndaóine óga, do chaill se 10 trebha Disrael.
1Agus do chuáidh Rehoboam go Sechem: óir is go Sechem thainic Israel uile do dhéanamh rígh dhe.
2Agus tárla, a nuáir do chúalaidh Ieroboam mhac Nébat sin, noch do bhí san Négipt, mar ar theith sé ó radharc Sholuimh an righ, gur fhill Ieroboam as an Négipt.
3Agus do chuireadar fios agus ghoireadar air. Mar sin tháinic Ieroboam agus Israel uile agus do labhradar re Rehoboam, gha rádh,
4Do rínne hathair ar ccuing docrach: anois uimesin eadtromuighsi ní éigin da dháoirsine docamhuil thathairsi, agus don chuing throimsin do chuir sé orúinn, agus do dhéanam serbhís duit.
5Agus a dubhairt seision riú, Tigidh chugam a rís a ccionn thrí lá. Agus dimthigh an pobal.
6¶ Agus do rinne an rígh Rehoboam comhairle ris na seandaoinibh do sheas as coinne Sholuímh a athar an fad do bhí sé beó, gha rádh, Cred í an chomhairle do bhéartháoi dhamhsa lé ttiubhra mé freagra air na daoinibhsi?
7Agus do labhradarsan ris, gha rádh, Má bhíonn tú cinéulta ris an bpobalsa, agus fonn do chur orra, agus bríathra maithe do thabhairt dóibh, béid síad na searbhfhoghantuibh dhuit go bráth.
8Acht do dhiúlt seision an chomhairle thugadar na seandaóine dhó, agus do rinne sé comhairle ris na dáoinibh óga tugadh súas na fhochair fein, agus do sheas dá lathair.
9Agus a dubhairt sé riú, Cred an teagasc do bhearthaoisi dhamh le ttiubhra mé freagra air na daoinibhse, do labhair riom, gha rádh, Eádtromuigh ní éigin don chuing do chuir hathair oruinn?
10Agus do labhradar na daóine óga tugadh súas na fhochair, gha rádh, Mar so fhreagorus tú an pobal do labhair riot, gha rádh, Do rinne hathair ar ccuing trom, acht déanasa nios éadruime dhúinn í; marso a déarus tú riú, Budh raimhe mo mhéur beagsa ná slíasta mathar.
11Oir a náit ar chuir mathair cuing throm oruibh, cuirfe misi tuilleamh a ccionn bhur gcuinge; do smachtuigh mathair sibh le sciúrsadhuibh, acht smaichteóchuidh misi sibh le sgiúrsadhuibh déalgamhla.
12¶ Mar sin tháinic Ieroboam agus an pobal uile go Rehoboam an treas lá, mar a dubhairt an rígh, dha rádh, Tigidh chugam a rís a ccionn thrí lá.
13Agus do fhreagair an rígh íad go garbh; agus do threíg an rígh Rehoboam comhairle na seándaoine,
14Agus do fhreagair sé íad do reír theagaisc na ndáoine óg, gha rádh, Do rinne mathair bhur ccuing trom, acht cuirfe misi na ceann: do smachduigh mathair sibh le sciúrsadhuibh, achd smaichdeochuidh misi sibh lé sgiúrsadhuibh dealgamhla.
15Marsin ní thug an rígh toradh air an bpobal: óir is ó Dhía do bhí an chúis, chor go ccoimhéolladh an TIGHEARNA a fhocal, noch do labhair se re láimh Ahiiah an Siloniteach re Ieroboam mhac Nébat.
16¶ Agus an tan do chonncadar Israel uile nach ar éist an rígh riú, do fhreagair an pobal an rígh, dhá rádh, Cred í ar ccuidne do Dháibhi? agus ní bhfuil oighreachd ar bith aguinn a mac Iesse: tigeadh gach áon aguibh dá bhur lóistinibh, ó Israel: agus a nois, a Dháibhi, féuch dot thigh feín. Marsin do chuáidh Israel uile dá lóistínibh.
17Achd ar son chloinne Israel do rinne comhnuigh a ccaithreachaibh Iúdah, do bhí Rehoboam na rígh orra.
18Annsin do chuir an rígh Rehoboam Hadoram do bhí ós cionn an chíosa úadh; agus do chlochadar clann Israel é ré clochaibh, go bhfuáir sé bás. Acht do rinne an rígh Rehoboam deithnios do dhul súas iona charbad, do theithiomh go Hierusalem.
19Agus do chúaidh Israel a ccogadh a naghaídh thighe Dháibhi gus a niugh.

Currently Selected:

II Croiniclibh 10: Bedell

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for II Croiniclibh 10