YouVersion Logo
Search Icon

I Croinicoibh 29

29
Caibidil XXIX.
Tiodhlacadh Dhaibhi, agus na bprionnsadha. 10 Agus a bhriathra deígheannach.
1Tuilleamh olle a dubhairt Dáibhi rígh ris an ccomhchruinniughadh uile, Mo mhac Solamh, amháin noch do thogh Día, atáfós óg agus maoth, agus atá a nobair mór: óir ní do dhuine atá an pálás, achd don TIGHEARNA Día.
2Anois do ghléas misi óm uile neart a ccoinne thighe mo Dhé an tór a ccoinne na neitheann óir, agus an tairgiod a ccoinne na neitheann airgid, agus an prás a ccoinne na neitheann práis, an tíarann a ccoinne na neithcann iarainn, agus an tadhmad a ccoinne na neitheann adhmuid; clocha Onics, agus clocha cuir, clocha loinneardha, agus ioldhathach, agus a nuile shórt cloch úasal, agus clocha marmuir go lór.
3Tuilleamh fós, do bhrígh gur chuir mé mo dhúil a ttigh mo Dhé, atá agum dom sheilbh dhílis féin, dór agus dairgiod, noch do bhronn mé do thigh mo Dhé, ós cionn ar ghléas mé uile a ccoinne an tighe naomhtha,
4 Eadhon trí mhíle tallann óir, dór Ophir, agus seachd míle tallann airgid aithleaghtha, dfolach balladh na ttightheadh:
5An tór chum na neitheann óir, agus an tairgiod chum na neithionn airgid, agus chum gach uile shórt oibre re láimh na bhfear ceirde. Agus cía anois atá ullamh do choisreagadh a sheirbhise a niugh don TIGHEARNA?
6¶ Ann sin do ofráladar go toileamhuil cinn na naithreach agus prionnsadha threabh Israel, agus caiptínigh na mílteadh agus na ccéad, maille re húachdaránuibh oibre an rígh,
7Agus thugadar chum serbhíse thighe Dé cúig mhíle tallann óir agus deich míle dramma, agus deich mile tallann airgid, agus ocht mile dhéag tallann phráis, agus céad míle tallann íariann.
8Agus an drong ag ár fríth clocha mórluáigh do chuireadar a nionnmhus thighe an TIGHEARNA íad, le láimh Iehiel an Gersoníteach.
9Annsin do gháirdigh an pobal, do bhrígh gur ofráladar go haontadhach, do bhrígh gur ofraladar go toileamhuil lé croidhe iomlán don TIGHEARNA: agus do gháirdígh Dáibhi rígh mar an gcéadna le lúathgháir mhóir.
10¶ Uimesin do bheannuigh Dáibhi an TIGHEARNA a lathair an chomhchruinnigh uile: agus a dubhairt Dáibhi, Go madh beannu gh thú, a THIGHEARNA Día Israel ar nathar, go sáoghal na sáoghal.
11As leatsa, a THIGHEARNA, an mhórdhachd, agus na cumhachda, agus an ghlóir, agus an bhuáidh, agus an ríoghamhlachd: óir is leachd a nuile ní da bhfuil ar neamh agus air talamh; as leachd an rioghachd, a THIGHEARNA, agus atá tú ar hárdughadh mar cheann ós cionn a nuile ní.
12As uáitsi thig saidhbhrios aráon agus onóir, agus atá tú ad rígh ós cionn a nuile; agus ann do láimh atá cumhachda agus neart; agus is ann do láimh atá mór do dhéanamh, agus neart do thabhairt don nuile.
13Anois ar a nadhbharsin, ar Ndía, bheirmid buidheachus riot, agus molmaoid háinm glórmhar.
14Acht cía misi, agus cred íad mo dhaoine, as a mbiadh ionnuinn ofráil an comhthoilteanach so air an modhsa? óir is uáitse thig gach uile ní, agus dot chuid feín thugamar dhuit.
15Oir is coimhithigh sinn ad fhiaghnuise, agus luchd cúarta sin, mar do bhádar ar naithre uile: atáid ar láethe ar an talamh amhuil scáile, air nach bhfuil fuireach.
16O a THIGHEARNA ar Ndía, an stórsa uile do ghléasamar do dhéanamh tighe dhuitsi dot ainm náomhtha as do láimh féin thig sé, agus is leachd féin é uile.
17Atá a fhios agam mar an gcéadna, ó mo Dhía, go bhféachann tusa an croidhe, agus go bhfuil sólás agad annsa bhfíréantachd. Ar mo shonsa, a nionnracus mo chroidhe dofráil mé na neithesi uile go toileamhuil: agus do chonnuirc mé anois maille re gáirdeachus do phobal, noch atá a lathair annso, ag ofráil go toileamhuil duitsi.
18O a THIGHEARNA Día Abraham, Isaac, agus Israel, ar naithrene, cumhduigh so go bráth a mbreathnughadh smuáintighthe chroidhe do phobail, agus ullmhuigh a ccroidhe dhuit féin:
19Agus tabhair dom mhac Solamh croidhe iomlán, do choimhéad haitheantadh, thfiaghnuiseadh, agus do reachda, agus do dhéanamh na neithionnso uile, agus do chur an pháláis súas, a ccoinne a ndéarna misi solathar.
20¶ Agus a dubhairt Dáibhi ris an ccomhchruinniughadh uile, Anois molaidh bhur TTIGHEARNA Día. Agus do bheannuidh an comhchruinniughadh uile an TIGHEARNA Día a naithreadh, agus do chromadar a ccinn síos, agus do onóruigheadar an TIGHEARNA, agus an rígh.
21Agus do ofráladar iodhbartha don TIGHEARNA, agus do íodhbradar ofráil loisge don TIGHEARNA, ar na mhárach déis an laói sin, eadhon míle damh, míle reithe, agus míle úan, maille re na nofráluibh dighe, agus íodhbartha go iomarcach ar son Israel uile:
22Agus a dúadar agus dibheadar as coinne an TIGHEARNA an lásin maille re gáirdeachus mór. Agus do rinneadar rígh do Sholamh mhac Dáibhi an dara huáir, agus do ungadar é don TIGHEARNA chum bheith na árduachdarán, agus Sadoc chum bheith na shagart.
23¶ Ann sin do shuigh Solamh a ccathaóir an TIGHEARNA na rígh a náit Dháibhi a athar, agus tháinic sé ar a aghaidh; agus dumhluidh Israel uile dhó.
24Agus dumhluigheadar na prionnsadha agus na daóine cumhachdacha uile, agus fós uile mhic Dháibhi rígh, íad féin don rígh Solamh.
25Agus do mhéuduigh an TIGHEARNA Solamh go hanmhór a radhairc Israel uíle, agus do bhronn sé dhó a leithéid sin do ríoghamhlachd nach raibh im éain rígh roimhe a Nisrael.
26¶ Marso fa rígh Dáibhi mhac Iesse ós cionn Israel uile.
27Agus budh ceathrachad blíadhan aimsir a ríghe ós Israel; seachd mbhadhna do bhí sé na rígh ann Hébron, agus tri bliadhna air thriochad a ríghe ann Ierusalem.
28Agus déug sé a naóis mhaith fhoirfe, lán do laéthibh, do shaidhbhrios, agus donóir: agus do bhí Solamh na rígh iona áit.
29Anois gníomha Dháibhi rígh, ó thús go deireadh, féach, a táid scríobhtha a leabhar Shamuel an feuchadóir, agus a leabhar Nátan an fáigh, agus a leabhar Ghad an feuchadóir,
30Maille re na ríghe uile agus re na chumhachd, agus a naimsir do chuaidh thairis, agus thair Israel, agus thair a nuile rioghachd na ttíorthadh.

Currently Selected:

I Croinicoibh 29: Bedell

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in