I Croinicoibh 26
26
Caibidil XXVI.
Ronna na ndoirseóireadh. 20 Agus na Lébhiteach do bhí os cionn an ionnmhusa.
1Attaobh ronna na ndoirseóireadh: do na Cothiteachaibh do bhí Masselemiah mhac Córe, do mhacaibh Asaph.
2Agus dob íad mic Mhesselemiah, Sechariah an cheidghin, Iediael an dara, Sebadiah an treas, Iatnel an ceathramhadh.
3Elam an cúigeadh, Iehohanan an seiseadh, Elioenai an seachdmhadh.
4Tuilleamh fós dob íad mic Obed‐edom, Semaiah an chéidghin, Iehosábad an dara, Ioah an treas, agus Sacar an cheathramhadh, agus Netaneel an cúigeadh,
5Ammiel an seiseadh, Issachar an seachdmhadh, Peultai an tochdmhadh: óir do bheannuigh Día é.
6Mar an ccéadna da mhac Semaiah rugadh mic, do ríaghluidh air feadh thighe a nathar: óir fá daóine cumasach a ccródhachd íad.
7Mic Shemaiah; Otni, agus Rephael, agus Obed, Elsabad, a rabhadar a dhearbhraíthre na ndáóinibh láidre, Elihu, agus Semachia.
8Iad so uile do mhacaibh Obed‐edom: íad féin a mic, agus a ndearbhraithre, daóine cumhachdacha ar neart chum na serbhísi, días agus trí fithchid do Obededom.
9Agus do bhádar mic agus dearbhráithre ag Messelemiah, dáoine láidre, ochd bhfir déag.
10Mar an ccéadna ag Hosah, do chloinn Mherári do bhádar mic; Simri an ceann, gidh nar bhé an chéidghin é, thairis sin do rinne a athair ceann de;
11Hilciah an dara, Tebaliah an treas, Sechariah an ceathramhadh: mic agus dearbhráithre Hósah uile, trí fir déug.
12Eattorra so do bhí ronna na ndoirseóireadh, eadhon a measg na ndaóine togtha, ar mbeith faire aca as coinne a chéile, do fhritheolamh a ttigh an TIGHEARNA.
13¶ Agus do theilgeadar croinn, ar an mbeag mar an mór, do réir thighe a naithreadh ar son gach aóingheata.
14Agus do thuit an crannchar leath shoir air Shelemiah. Annsin do theilgeadar crainn ar son a mhic Sechariah, (comhairleach glic;) agus tháinic a chrann amach air an ttáobh thuáigh.
15Do Obed‐edom budh dheas; agus dá mhacaibh tigh Asuppim.
16Do Shuppim agus do Hósa tháinic an crannchar amach leith shiar, maille ris an ngeata Sallechet, láimh re tóchar a náird, faire a naghaidh faire.
17Táobh shoir bhádar seisear Lebhíteach, budh thúaigh ceathrar gach laoi, budh dheas ceathrar gach láoi, agus leath re Asuppim días agus días.
18Ann Parbar leath shiar, ceathrar ag an tóchar, agus días ag Parbar.
19Asíad so ronna na ndoirseóireadh a measg chloinne Córe, agus a measc chloinne Merári.
20¶ Agus do na Lebhitibh, sé Ahiiah do bhí ós cionn ionnmhusa tighe De, agus ós ccionn ionnmhusa na neithionn náomhtha.
21 A ttáobh mhac Laadan; mic an Ghersonitigh Laadan, aithre toghtha, eadhon ó Laadan an Gersoniteach, tháinic Iehieli.
22Mic Iehieli; Setam, agus Ioel a dhearbhrathair, noch do bhí ós cionn ionnmhusa thighe an TIGHEARNA.
23Do na Hamramiteachaibh, do na Hissariteachaibh, do na Hébrónitibh, agus do na Hussielitibh:
24Agus Sebuel mhac Gerson, mhic Máoise, budh úachdarán ós cionn na nionnmhusadh.
25Agus a dhearbhraithre tre Elieser; Rehabiah a mhac, agus Iesaiah a mhac sin, agus Ioram a mhac sin, agus Sichri a mhac sin, agus Selomit a mhac sin.
26Asé an Selomit sin agus a dhearbraithre do bhí ós cionn uile ionnmhusa na neitheann ccoisreagtha, noch do thiodhluic Dáibhi righ agus tógha na naithreach, agus na caiptinigh ós cionn mhilteadh agus chéad, agus caiptínigh na ntslóigh.
27As na héadáluibh do beanadh amach a ccathaibh do thiodhlaiceadar do chongmháil thighe an TIGHEARNA súas.
28Agus an mhéid do thiodhluic Samuel an féachadoir, agus Saul mhac Cis, agus Abner mhac Ner, agus Ioab mhac Seruiah; agus gidh bé ar bith do choisrig éinní, do bhí se fáoi láimh Shelomit, agus a dhearbhráithreach.
29¶ Do na Hissaríteachaibh, Chenaniah agus a mhic do bhádar chum na ngnothuibh bhfoiriomlach ós cionn Israel, na noifigeachaibh agus na mbreitheamhnuibh.
30 Agus do na Hebroniteachaibh, Hassabiah agus a dhearbhráithre, daóine gaisgeamhla, mile agus seachd ccéad, Dísrael do bhí na noifigeachaibh na measg don taóibhse do Iordan leath shíar a ngnothuigh an TIGHEARNA uile, agus a serbhis an rígh.
31A measg na Nebroníteach do bhí Ieriiah na cheann, eadhon a measg na Nebroníteach, do réir ghinealach a aithreadh. Annsa cheathrachadmhadh blíadhuin do ríghe Dháibhi do híarradh íad, agus frith na measg daóine neartmhara a ngaiscidh ann Iaser ó Ghilead.
32Agus a dhearbhráithre, daóine gaisgeamhla, do bhádar dhá mhíle agus seachd ccéad príomhathair dhiobh, dá ndéarna Dáibhi rígh úachdaráin ós cionn na Reubeníteach, na Ngadíteach, agus leththreibhe Mhanasseh, ar gach áon chúis dar bhean re Dia, agus a ngnothuighíbh an rígh.
Currently Selected:
I Croinicoibh 26: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)