I Croinicoibh 25
25
Caibidil XXV.
Uibhir agus oifig an luchd ceóil. Rannadh na 24 nuird.
1Tuilleamh fós do dhealuidh Dáibhi, agus caiptínigh an tslóigh do sheirbhís mhac Asaph, agus Heman, agus Iedutun, noch do dhéanadh fáigheadóireachd le cláirseachaibh, agus le saltrachaibh, agus le cimbaluibh: agus do bé uibhir an luchd oibre do réir a serbhíse:
2Do mhacaibh Asaph; Saccur, agus Ióseph, agus Netaniah, agus Asarelah, mic Asaph fáoi láimh Asaph, noch do thairghir do réir orduigh an rígh.
3O Iedutun: mic Iedutun; Gedaliah, agus Seri, agus Iessaiah, Hassabiah, agus Mattitiah, seisear, fáoi lámhuibh a nathar Ieduthun, noch do thairghir lé cláirsigh, do bhreith buidhe agus do mholadh an TIGHEARNA.
4O Heman: mic Heman; Bucciah, Mattaniah, Ussiel, Sebuel, agus Ierimot, Hananiah, Hanáni, Eliatah, Giddalti, agus Romamti‐eser, Iosbecossah, Malloti, Hotír, agus Mahasiot:
5 Dob íadso uile mic Heman feithmheóir an rígh a mbríathruibh Dé, do thogbháil na háirce súas. Agus thug Día do Theman ceithre mic dhéug agus tríur inghean.
6Do bhádar so uile fáoi lámhuibh a nathar do dhéanamh ceóil a ttigh an TIGHEARNA, le cimbaluibh, le Saltrochaibh, agus le cláirseachaibh, do sheirbhís thighe Dé, do réir orduigh an rígh do Asaph, do Iedutun, agus do Heman.
7Marsin a núibhir sin, maille re na ndearbhráithribh do mhúineadh a ndúanuibh an TIGHEARNA, gach a raibh glic, do budh dhá chéad agus ceithre fithchid agus ochdar íad.
8¶ Agus do theilgeadar crannchar, a nagháidh a cheíle, beag comhmaith agus an mór, an fear teaguisg mar an bhfoghluinte.
9Anois tháinic an céad chrannchar amach do Asaph ar Ioseph: an dara do Ghedaliah, noch maille re na dhearbhraíthribh agus re na mhacaibh bá dhá fhear dhéag:
10An treas do Shaccur, dá mhacuibh, agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear dhéag:
11An ceathramhadh do Isri, dá mhacuibh, agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear dhéag:
12An cúigeadh do Nethaníah, dá mhacuibh, agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear dhéag:
13An seiseadh do Bhucciah, dá mhacuibh, agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear dhéag:
14An seachdmadh do Iessarelah, dá mhacuibh, agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear dhéag:
15An tochdmhadh do Iesaiah, dá mhacuibh, agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear dhéag:
16An náomhadh do Mhattaniah, dá mhacuibh, agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear dhéag:
17An dheachmhadh do Shímei, dá mhacuibh, agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear dhéag:
18An táonmhadh déag do Asareel, dá mhacuibh, agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear dhéag:
19An dara déag do Hasabiah, dá mhacuibh, agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear dhéag:
20An treas déag do Shubael, dá mhacuibh, agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear dhéag:
21An ceathramhadh déag do Mhattitiah, dá mhacuibh, agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear dhéag:
22An cúigeadh déag do Ierimot, dá mhacuibh, agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear dhéag:
23An seiseadh déag do Hananiah, dá mhacuibh, agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear dhéag:
24An seachdmhadh déug do Iosbecassah, dá mhacuibh, agus dá dhearbráithribh, dhá fhear dhéag:
25An tochdmhadh déag do Hanani, dá mhacuibh, agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear dhéag:
26An náomhadh déag do Mhaloti, dá mhacuibh, agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear dhéag:
27An fithcheadh do Eliatah, dá mhacuibh, agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear dhéag:
28An táonmhadh fithchiod do Hotir, dá mhacuibh, agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear dhéag:
29An dara tar fithchiod do Ghiddalti, dá mhacuibh, agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear dhéag:
30An treas fithchiod do Mhahasiot, dá mhacuibh, agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear dhéag:
31An ceathramhadh fithchiod do Romamti‐eser, dá mhacuibh, agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear dhéag:
Currently Selected:
I Croinicoibh 25: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)