YouVersion Logo
Search Icon

I Croinicoibh 27

27
Caibidil XXVII.
Priomh‐aithre na ttreabh. 25 Agus oifigigh Dhaibhi.
1Anois clanna Israel do réir a nuibhre, na príomhaithre agus caiptínigh milteadh agus céud, agus a noifigidh do rinne serbhís don rígh a ccúis ar bith do na cúrsadhuibh, noch thíagh a steach agus dimthigheadh amach ó mhí go mí ar feadh mhíos na blíadhna uile, do bhí ann gach áonchúrsa dhíobh ceithre mhíle fhithchiot.
2Os cionn an chéad chúrsa na céad mhiosa do bhí Iassobéam mhac Sabdiel: agus do bhí iona chúrsa sin ceithre mhíle fithchiot.
3 do chloinn Peres an tárdchaiptín ar chaiptinibh an tslóigh ar son na céad mhíosa.
4Agus ós cionn chúrsa an dara míos do bhí Dódai an Tahohiteah, agus fós do bé Miclot úachdárán a chúrsasan: mar an ccéadna ann a chúrsa do bhí ceithre mhile fhithchiot.
5 Do bé tréas caíptin an tslúagh air a treas mí Benaiah mhac Iehoiada, árdshagart: agus iona chúrsasan ceithre mhíle fhithchiot.
6Is é so an Benaiah, noch do bhí neartmhar a meásg an tríochaid, agus ós cionn an tríochaid: agus ann a chúrsasan Ammisabad a mhac.
7Do bé an ceathramhadh caiptin air an cceathramhadh mí Asahel dearbhrathair Ioab, agus Sebadiah a mhac na dhiáigh: agus iona chúrsasan ceithre mhile fhithchiot.
8 Do bé an cúigeadh cáiptín air a ccúigeadh mí Samut an Tisrahíteach: agus iona chúrsasan ceithre mhíle fhithchiot.
9Do bé an seiseadh cáiptin air a seiseadh mí Ira mhac Icces an Tecoiteach: agus iona chúrsasan ceithre mhúe fhithchiot.
10Do bé an seachdmhadh caiptín air a seachdmhadh mí, Heles an Peloniteach do chloinn Ephraim: agus iona chúrsasan ceithre mhíle fhithchiot.
11Do bé an tochdmhadh caiptín air a nochdmhadh mí, Sibbecai an Hussatiteach, do na Sarhiteachaibh: agus iona chúrsasan ceithre mhíle fhithchiot.
12Do bé an náomhadh caiptín ar an náomhadh mhí Abieser an Tanetotiteach, do na Beniamíteachaibh: agus iona chúrsasan ceithre mhíle fhithchiot.
13Do bé an deachmhadh caiptín ar a deachmhadh mí, Maharai an Netophatíteach, do na Sarhiteachaibh: agus iona chúrsasan ceithre mhíle fhithchiot.
14Do bé an táonmhadh caiptín déag ar a náonmhadh mí déag Benaiah an Piratoniteach, do chloinn Ephraim: agus iona chúrsasan ceithre mhíle fhithchiot.
15Do bé an dara caiptín déag ar an dara mí déag, Heldai an Netophatiteach, ó Otniel: agus iona chúrsasan ceithre mhíle fhithchiot.
16¶ Tuilleamh oile ós chíonnth reabha Israel: do bé uachdarán na Reubeníteach Elieser mhac Sichri: na Simeoniteach, Sephatiah mhac Maachah:
17Do na Lebhiteach, Hassabiah mhac Cemuel: do na Naaróniteach, Sadoc:
18Do Iudah, Elihu, aon do dhearbhráithribh Dháibhi: do Issachar, Omri mhac Michael:
19Do Shebulun, Ismaiah mhac Obadiah; do Naphtali, Ierimot mhac Asriel:
20Do chloinn Ephraim, Hoséa mhac Asasiah: do leiththreibh Mhanasseh, Ioel mhac Pedaiah:
21Do leiththreibh Mhanasseh ann Gílead, Iddo mhac Sechariah: do Bheniamin, Iaasiel mhac Abner:
22Do Dhan, Asariel mhac Ieroham. Ag só prionnsadha threabha Israel.
23Acht níor ghabh Dáibhi a nuibhir ó aois fhithchiod blíadhan agus faói: do bhrígh go ndubhairt an TIGHEARNA go líonfadh sé Israel amhuil réulta nimhe.
24Do thosuigh Ioab mhac Seruiah ar áireamh, achd níor chríochnuigh sé, do bhrígh gur fhás fearg thríd sin a naghaidh Israel; ní mó do cuireadh a nuibhir a ccúntas chroinice Dháibhi rígh.
25¶ Agus ós cionn ionnmhusa an rígh do bhí Asmabhet mhac Adiel: agus do bhí Iehonatan mhac Ussiah ós cionn tighe an stórúis annsna machairighibh, annsna caithreachaibh, agus annsna bailtibh, agus annsna caisléanuibh:
26Agus do bhí Esri mhac Chelub ós cionn na muinntire do rinne obair an mhachaire do sháothrughadh na talmhan:
27Agus ós cionn na bhfíneamhnach do bhí Simei an Ramatiteach: do bhí, Sabdi an Siphmíteach ós cionn bhisig na bhfíneamhnach do na soiléaruibh fíona:
28Agus do bhí Baal‐hanan an Gederiteach ós cionn na ccrann ola agus na ccrann Sicomór noch do bhí annsna réitibh iachdracha: agus do bhí Ioás ós chíonn soiléur na hola.
29Agus do bhí Sitrai an Saroníteach ós cionn na sealbhann do bhí air féur a Sáron: agus do bhí Shaphat mhac Adlai os cionn na sealbhann do bhí sna gleantaibh:
30Os cionn na ccámhall mar an ccéadna do bhí Obil an Tismeeliteach: agus ós cionn na nassal do bhí Iehdeiah an Meroniteach:
31Agus ós cionn na ttréud do bhí Iasis an Hageríteach. Dob iadso uile feadhmannuighe maóine Dháibhi rígh.
32Mar an gcéadna Ionatan dearbhrathaír athar Dháibhi do bhí sé na chomhairleach, na dhuine críonna, agus na scribhneóir: agus do bhí Iehiel mhac Hachmon a bhfochair mhac an rígh.
33Agus do bé Ahitophel comhairleach an rígh: agus Hussai an Tarchiteach fa companach don rígh.
34Agus a ndiáigh Ahitophel do bhí Iehoiada mhac Benaiah, agus Abiathar; agus do bé Ioab ríghfhéinnidh shlóigh an rígh.

Currently Selected:

I Croinicoibh 27: Bedell

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in