YouVersion Logo
Search Icon

I Croinicoibh 24

24
Caibidil XXIV.
Na sagairt rannta a 24 Chúrsadhaibh.
1Anois is íad so ranna mhac Aáron. Mic Aaron; Nádab, agus Abihu, Eleasar, agus Itamar.
2Achd déug Nádab agus Abihu roimhe a nathair, agus ní raibh clann ar bith aca: ar a nadhbharsin sé Eleásar, agus Itamar do níodh oitig an tsagairt.
3Agus do roinn Dáibhi íad, araon Sádoc do mhacaibh Eleasar, agus Ahimelech do mhacaibh Itamar, do reír a noifigibh ann a seirbhis.
4Agus do fríth ní budh mó do dháoinibh oirdhearca do mhacaibh Eleásar ná fríth do mhacaibh Itamar; agus is marso do roinneadh íad. A measg mhac Eleasar do bhádar sé fir dheág toghtha a measg a naithreadh, agus ochdar a meásg mhac Itamar do reir thighe a naithreadh.
5Marso do roinneadh íad lé crannchar, gach aon díobh re a chéile; óir do budh do mhachaibh Eleásar agus do mhacaibh Itamar, úachdaráin na sanctóra, agus úachdaráin thighe Dé.
6Agus Semaiah mhac Netaneel an scribhneóir, áon do na Lebhitibh, do sgríobh íad as coinne an rígh, agus na bprionnsadh, agus Shadoc an sagart, agus Ahimelech mhac Abiatar, agus a lathair ceann aithreadh na sagart agus na Lebhíteach: áoin phrimhthigh amháin ar na ghlacadh do Eleasar, agus tigh do Itamar.
7Anois tháinic an céad chrannchar amach do Iehoiarib, an dara crannchar do Iedaiah,
8An treas do Harim, an ceathramhadh do Sheárim,
9An cúigeadh do Malchiiah, an seiseadh do Mhiiamin,
10An Seachdmhadh do Haccos, an tochdmhadh do Abiiah,
11An náomhadh do Iesua, an deichmhadh do Shecaniah,
12An táonmhadh déag do Eliasib, an dara dhéag do Iaccim,
13An treas déag do Huppah, an ceathramhadh déag do Iessebeab,
14An cúigeadh déag do Bhilgah, án seiseadh déag do Immer,
15An seachdmhadh déag do Hesir, an tochdmhadh déag do Aphses,
16An náomhadh déag do Phetahiah, an fithcheadh do Iehesecel,
17An taonmhadh fithchiod do Iachin, an fitchchiod do Ghamul,
18An treas tar fithchiod do Dhelaiah: an ceathramhadh fithchiod do Mhaasiah.
19 Dob íad so a nórduighthe iona serbhís, do theachd go tigh an TIGHEARNA, do réir a ngnátha faoi Aáron, a nathair, mar do aíthin an TIGHEARNA Dia Israel dhe.
20¶ Agus dob íad so an chuid oile do mhacaibh Lébhi: do mhacaibh Amram; Subael: do mhacaibh Subael; Iehdeiah.
21A ttaóibh Rechadiah: do mhacaibh Rehabiah, dob é Issiah an céud.
22Do na Hisharíteachuibh; Selomot: do mhacaibh Shelomot; Iahat.
23Agus mic Hebron; Ieriah, Amariah an dara, Iahasiel an treas, Iecameam an ceathramhadh.
24Do mhacaibh Ussiel; Michah: do mhacaibh Michah; Samir.
25 Do bé dearbhrathair Mhichah Issiah: d omhacuibh Issiah; Sechariah.
26Dob íad mic Mherári Mahli agus Mussi: mic Iaasiah; Beno.
27Mic Mherári le Iaasiah; Beno, agus Soham, agus Seccur, agus Ibri.
28O Mahli thainic Eleasar, ag nach raibh éan mhac.
29A ttaoibh Chis: do bé mac Chis, Ierahmeel.
30Mic Mhussi mar an ccéadna; Mahli, agus Eder, agus Ierimot. Dob íad so mic na Lebhíteach do réir thighthe a naithreadh.
31Do chaitheadarso mar an ccéadna crannchar thall as coinne a ndearbhráithreach mic Aáron a lathair Dháibhi rígh, agus Shadoc agus Ahimelech, agus rogha aithreadh na sagart agus na Lebhíteach, eadhon na naithreach noirdhearca thall as coinne a ndearbhráithreach dob óige.

Currently Selected:

I Croinicoibh 24: Bedell

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in