YouVersion Logo
Search Icon

I Croinicoibh 23

23
Caibidil XXIII.
Solamh orduighte na rígh. 2 Uibhir agus oifig na Nlebhiteach.
1Ann sin a núair do bhi Dáibhi áosta agus lán do láethibh, do rinne sé rígh dá mhac Solamh ós cionn Israel.
2¶ Agus do chruinnigh sé prionnsadha Israel uile a ccionn a chéile, maille ris na sagartaibh agus ris na Lebhítibh.
3Anois do háirmheadh na Lebhítigh ó aóis thríochad blíadhan agus ós a chionn: agus ba í a nuibhir do réir a cceann, duine ar dhuine, tríochad agus ochd mile.
4Do bhí, díobh sin ceithre mhile fithchiod re haghaidh oibre thighe an TIGHEARNA da cur ar a haghaidh; agus sé mhíle na noifigeachaibh agus na mbreitheamhnuibh:
5Os a chionn sin do bhádar ceithre mhíle na ndoirseóiribh; agus ceithre mhíle re moladh an TIGHEARNA ris na hadhbhaghaibh ciúil do rinne misi, ar sa Dáibhi do mholadh .
6Agus do roinn Dáibhi íad na sealuibh idir mhacaibh Lébhi, dar bhainm, Gerson, Cohat, agus Merári.
7¶ Do na Gersoniteachaibh, Laadan, agus Símei.
8Mic Laadan; Iehiel a cceann, agus Setam, agus Ioel, tríur.
9Mic Shímei; Selomit, agus Hasiel, agus Haran, tríur. Dob íadso cinn aithreach Laadan.
10Agus mic Shimei; Iahat, Sina, agus Ieus, agus Beriah. Dob íad an ceathrarso míc Shimei.
11Agus dob é Iahat an ceann, agus Sisa an dara: ach ní raibh mórán mac ag Ieus nó ag Beriah; uime sin do bhádar a néanáireamh amháin, do réir thighe a naithreadh.
12¶ Mic Chohat; Amram, Issar, Hebron, agus Ussiel, ceathrar.
13Mic Amram; Aáron agus Maóise: agus do dealuigheadh Aáron, do bheannughadh na neithionn ro náomhtha, é fein agus a mhic go bráth, do losgadh túise as coinne an TIGHEARNA, do fhritheolamh dhó, agus do bheannughadh iona ainm go bráth.
14Anois Maóise óglach Dé, do hainmnigheadh a mhic a ttaoibh Lébhi.
15Dób iadso mic Mhaóise, Gersom, agus Elieser.
16Do mhacaibh Gersom, do bé Sebuel an ceann.
17Agus dob íad mic Elieser Rehabiah an ceann. Agus ní raibh aon mhac oile ag Elieser; achd do budh ro iomdha mic Rehabiah.
18Do mhacaibh Issar; Selomit an ceann.
19Do mhacaibh Hebron; Ieriah an céad, Amariah an dara, Iehasiel an treas, agus Iecameam an ceathramhadh.
20Do mhacaibh Ussiel; Michah an céad, Iessiah an dara.
21¶ Mic Mherári; Mahli, agus Mussi. Mic Mhahli; Eleasar, agus Cis.
22Agus déug Eleásar, agus ní raibh aon mhac aige, achd ingheana: agus thugadar a ndearbhráithre mic Chis íad.
23Mic Mhussi; Mahli, agus Eder, agus Ierimot, triur.
24Dob íadso mic Lébhi do réir thighe a naithreadh; uachdaráin na naithreadh, mar do háirmheadh íad le úibhir a nanmann do reir a cceann, do rinne obair sheirbhíse thighe an TIGHEARNA ó aóis fhithchid blíadhan agus ós a chionn.
25Oír a dubhairt Dáibhi, Thug an TIGHEARNA Día Israel suáimhneas dá phobal, go madh héider léo comhnuighe ann Ierusalem go bráth;
26Agus fós do na Lebhítibh: ní iomchoruid síad feasda an tabernacuil, ná soithighe ar bith dá mbeanann ris chum a sheirbhíse.
27Oír le bríathraibh deighionacha Dháibhi do háirmheadh na Lebhítigh ó fhithchid blíadhuin daóis agus ós a chionn:
28Do bhrígh gur bhí a noifig feithiomh ar chloinn Aáron ar son sheirbhíse thighe an TIGHEARNA, annsna cúirtibh, agus annsna seómradhuibh, agus a niomghlanadh a nuile neithe náomtha, agus oibre sherbhíse thighe Dé;
29Eadhon a naráin taisbéanta, agus an phlúir fhínealta do nofráil bhídh, agus bhairghiona gan loibhín, agus an neithe do níthí ann sa noighean, agus an neithe fritheailte, agus a nuile shórt miosúr agus méud;
30Agus do sheasamh gach éanmhaidin do thabhairt buidheachuis agus moladh don TIGHEARNA, agus mar an ccéadna gach tráthnóna;
31Agus do íodhbuirt gach éanofrála loisge don TIGHEARNA annsna láethibh saóire, annsna raéibh núadha, agus annsna féustuighibh cinnte, a nuibhir, do reir mar do hórduigheadh dhóibh, a ccomhnuigh a lathair an TIGHEARNA:
32Agus go coimhéadaidís cúram thabernacuil an chomhchruinnigh, agus cúram na háite náomhtha, agus cúram chloinne Aáron a ndearbhráithre, a serbhís thighe an TIGHEARNA.

Currently Selected:

I Croinicoibh 23: Bedell

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in