Zafainiá 3
3
Oracail in Aghaidh Iarúsailéim
In Aghaidh Treoraithe an Phobail
1Is mairg don chathair
cheannairceach thruaillithe thíoránta!
2Ní éisteann sí leis an teachtaireacht;
ní ghlacann sí leis an teagasc;
ní chuireann sí a muinín sa Tiarna,
agus ní thagann sí in ngar dá Dia.
3Leoin ag búiríl
is ea na huaisle atá istigh inti;
mic tíre choineascracha
nach raibh dada le creimeadh acu ar maidin,
is ea a cuid breithiúna.
4Bladhmairí is ea a fáithe,
fir lán fill;
truaillíonn a cuid sagart nithe naofa
agus sáraíonn siad an dlí.
5Istigh inti ina lár tá an Tiarna cóir;
ní dhéanann sé an t‑éigeart riamh.
Maidin i ndiaidh maidine fógraíonn sé a bhreithiúnas;
le lonradh an lae ní loiceann sé riamh.
Ach níl ciall ar bith do náire ag an drochdhuine.
Ceacht ó Chinniúint na Náisiún
6“Táim tar éis na náisiúin a dhísciú;
scriosadh a dtúir choirnéil.
Tá a sráideanna bánaithe agam
sa chaoi nach ngabhann duine ar bith tríothu.
Scartáladh a gcathracha
agus níl duine ná deoraí ina gcónaí iontu.
7Deirinn liom féin:
‘Beidh eagla ortsa ar a laghad romham,
agus foghlaimeoidh tú ceacht;
agus ní scriosfar a háitreabh,
ní bhainfear as a cuimhne go deo
ná pionóis uile a chuir mé orthu siúd.’
Ach ní mar sin a tharla.
Is amhlaidh atá siad ag brostú
chun a ngníomhartha uile a thruailliú.”
8“Ar an ábhar sin,” a deir an Tiarna,
“fan liom go dtí an lá a seasfaidh mé suas i mo chúiseoir;
mar tá sé socair agam na náisiúin a chruinniú,
na ríochtaí a thabhairt i gceann a chéile
chun go ligfidh mé mo racht amach orthu,
mo chuid feirge fíochmhaire go léir.
Go deimhin, ídeofar an domhan go léir
le tine mo chuid éada.
Gealltanais
Iompú na Náisiún
9“Is ea, tabharfaidh mé ansin
beola glana do na ciníocha
chun go nglaofaidh cách ar ainm an Tiarna,
agus chun go bhfónfaidh siad dó de thoil a chéile.
10Ón taobh thall dʼaibhneacha na Cúise
tabharfaidh mo chuid adhraitheoirí, iad siúd a scaip mé,
ofrálacha chugam.
Fuílleach Uiríseal Iosrael
11“An lá sin ní náireofar thú
as na drochghníomhartha ceannairceacha a rinne tú i mʼaghaidh.
Mar tógfaidh mé as do lár ansin
do chuid bladhmairí uaibhreacha;
agus uaidh sin amach ní bheidh tú
ag siúl timpeall go toirtéiseach
níos mó ar mo shliabh naofa.
12Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do lár
agus lorgfaidh fuílleach Iosrael dídean
in ainm an Tiarna.
13Ní dhéanfaidh siad aon éigeart,
ní mó ná a inseoidh siad bréaga,
agus ní bhfaighfear teanga chealgach ina mbéal.
Is ea, iníorfaidh siad agus ligfidh siad a scíth,
agus ní chuirfidh aon duine isteach orthu feasta.”
Gártha Áthais i Síón
14“Déan gairdeas, a iníon Shíón;
tóg gártha áthais, a Iosrael;
bíodh lúcháir agus gliondar ar do chroí go hiomlán,
a iníon Iarúsailéim.
15Tá an Tiarna tar éis an breithiúnas
a bhí ag bagairt ort a thógáil díot
agus do chuid naimhde a thiomáint chun siúil uait.
Tá an Tiarna, rí Iosrael, i do lár
agus ní healaí duit
eagla an mhí-áidh a bheith ort níos mó.
16An lá sin déarfar le Iarúsailéim:
‘Ná bíodh eagla ort, a Shíón;
ná lagtar do lámha!
17Tá an Tiarna, do Dhia, i do lár
mar laoch caithréimeach;
déanfaidh sé gairdeas go spleodrach mar gheall ort.
Athnuafaidh sé thú le neart a ghrá;
tógfaidh sé gártha áthais ar do shon
faoi mar a dhéantar ar lá an tsollúntais.’
Filleadh na nDeoraithe
18“Ardóidh mé an tubaiste díot
sa chaoi nach mbeidh ort
maslaí a fhulaingt níos mó.
19Féach! An tráth sin cuirfidh mé deireadh
leis na daoine go léir a dʼimir ansmacht ort.
Sábhálfaidh mé na bacaigh;
baileoidh mé le chéile
an mhuintir a ruaigeadh chun fáin
agus gnóthóidh mé clú agus cáil dóibh
i ngach aon tír ar cuireadh náire orthu inti.
20An tráth sin, baileoidh mé sibh le chéile
agus treoróidh mé féin abhaile sibh ansin.
Tabharfaidh mé clú agus cáil daoibh
i measc ciníocha uile an domhain,
nuair a rathóidh mé sibh arís
faoi bhur súile féin,” a deir an Tiarna.
Currently Selected:
Zafainiá 3: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.