1
Zafainiá 3:17
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Tá an Tiarna, do Dhia, i do lár mar laoch caithréimeach; déanfaidh sé gairdeas go spleodrach mar gheall ort. Athnuafaidh sé thú le neart a ghrá; tógfaidh sé gártha áthais ar do shon faoi mar a dhéantar ar lá an tsollúntais.’
Compare
Explore Zafainiá 3:17
2
Zafainiá 3:20
An tráth sin, baileoidh mé sibh le chéile agus treoróidh mé féin abhaile sibh ansin. Tabharfaidh mé clú agus cáil daoibh i measc ciníocha uile an domhain, nuair a rathóidh mé sibh arís faoi bhur súile féin,” a deir an Tiarna.
Explore Zafainiá 3:20
3
Zafainiá 3:15
Tá an Tiarna tar éis an breithiúnas a bhí ag bagairt ort a thógáil díot agus do chuid naimhde a thiomáint chun siúil uait. Tá an Tiarna, rí Iosrael, i do lár agus ní healaí duit eagla an mhí-áidh a bheith ort níos mó.
Explore Zafainiá 3:15
4
Zafainiá 3:19
Féach! An tráth sin cuirfidh mé deireadh leis na daoine go léir a dʼimir ansmacht ort. Sábhálfaidh mé na bacaigh; baileoidh mé le chéile an mhuintir a ruaigeadh chun fáin agus gnóthóidh mé clú agus cáil dóibh i ngach aon tír ar cuireadh náire orthu inti.
Explore Zafainiá 3:19