YouVersion Logo
Search Icon

Títeas 3

3
Dualgais an Chríostaí
1Cuir i gcuimhne dóibh bheith umhal do rialtóirí agus do lucht ceannais; bheith géilliúil agus ullamh chun gach gníomh fónta a dhéanamh; 2gan míchlú a chur ar dhuine ar bith ach bheith síochánta, cneasta, cineálta leis an uile dhuine ina n‑iompar ar fad. 3Bhíomar féin gan chiall tráth; bhíomar easumhal agus ar seachrán, bhíomar tugtha d'ainmhianta agus do phléisiúir den uile shórt; bhíomar lán d'urchóid agus d'fhormad; bhíomar gráiniúil agus bhí fuath againn dá chéile. 4Ach nuair a nochtadh cineáltas Dé, ár slánaitheoir, agus a ghrá don chine daonna, shaor sé sinn. 5Agus ní de bharr aon dea-oibreacha fíréantachta a bheith déanta againne é ach as ucht a thrócaire féin. Shaor sé sinn trí fhothragadh na hathghiniúna agus trínár n‑athnuachan ag an Spiorad Naomh. 6Dháil sé an Spiorad orainn go fras trí Íosa Críost ár slánaitheoir 7chun go bhfíréanófaí sinn lena ghrásta agus go mbeimis inár n‑oidhrí aige agus súil againn leis an mbeatha shíoraí.
8Is barántúil an ráiteas é sin, agus ba mhaith liom go gcuirfeása teannadh leis an méid sin, i dtreo, an mhuintir a chreideann i nDia, go gcaithfidís a ndúthracht le dea-oibreacha. Is maith iad na dea-oibreacha iontu féin agus is tairbheach iad do dhaoine.
9Ar an taobh eile, áfach, seachain na díospóireachtaí baotha agus na ginealaigh agus na hachrainn agus na conspóidí i dtaobh an dlí, mar nach bhfuil tairbhe ná éifeacht iontu. 10An duine a bhíonn ag cothú easaontais, tabhair foláireamh dó uair nó dhó agus cuir suas de as sin amach. 11Bíodh a fhios agat go bhfuil a leithéid sin claon agus ag déanamh peaca agus go bhfuil sé daortha as a bhéal féin.
Beannachtaí
12Nuair a sheolfaidh mé Artamas nó Tichiceas chugat, brostaighse chugam go Niocopoil mar is ansin atá beartaithe agam an geimhreadh a thabhairt. 13Tabhair do d'aire go gcuirfear Zaenas dlíodóir agus Apollós chun siúil agus nach mbeidh aon ní in easnamh orthu. 14Foghlaimíodh ár muintir nach mór dóibh bheith i mbun dea-oibreacha chun riar a gcáis a sholáthar agus gan bheith neamhthorthúil.
15Cuireann a bhfuil anseo liom a mbeannacht chugat. Beannaigh dóibh sin a thugann grá dúinn sa chreideamh. Grásta go raibh agaibh go léir.

Currently Selected:

Títeas 3: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy