Títeas 2
2
An Teagasc Folláin d'Aicmí Éagsúla
1Bíodh d'fhocailse, áfach, ag teacht leis an teagasc folláin. 2Abair leis na fir scothaosta a bheith stuama staidéartha measartha agus a bheith go daingean sa chreideamh, sa ghrá agus san fhoighne. 3Abair leis na mná scothaosta mar an gcéanna iad féin a iompar mar a oireann do mhná diaganta, gan bheith cúlchainteach ná tugtha don ól ach iad a thabhairt dea-theagaisc 4d'fhonn a thabhairt ar na mná óga bheith ceanúil ar a bhfir chéile agus ar a bpáistí 5agus bheith ciallmhar, geanmnaí, tíosach, cineálta agus faoi smacht a bhfear, le heagla go gcaithfí dímheas ar bhriathar Dé. 6Ar an gcuma chéanna abair leis na hógánaigh bheith stuama staidéartha 7agus bíse féin i d'eiseamláir acu ar gach cineál dea-iompair: ar ghlaine do theagaisc, ar stuaim 8agus ar chomhrá folláin gan locht, rud a chuirfidh mearbhall ar do chéile comhraic toisc gan aon ní táir a bheith aige le casadh linn.
9Abair leis na seirbhísigh bheith umhal dá máistrí agus bheith ómósach i ngach ní. Agus in ionad bheith tagrach 10nó ag déanamh mionghadaíochta, cruthaídís go bhfuil siad dílis ar fad, agus sa tslí sin tabhóidh siad clú do theagasc Dé, ár slánaitheoir, i ngach ní.
11Mar tá grásta Dé foilsithe anois, ag cur slánú ar fáil don uile dhuine. 12Múineann sé dúinn cúl a thabhairt leis an éagráifeacht agus leis na mianta saolta agus maireachtáil sa ré atá anois ann go stuama ionraic diaganta, 13fad a bheimid ag feitheamh le fíoradh ár ndóchais bheannaithe, le taibhsiú glórmhar ár nDé mhóir agus ár dTiarna Íosa Críost. 14Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.
15Abair an méid sin leo; spreag agus ceartaigh iad le lánúdarás. Agus ná lig do dhuine ar bith tú a dhíspeagadh.
Currently Selected:
Títeas 2: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.