YouVersion Logo
Search Icon

Seanfhocal 8

8
An Eagna: Moladh
1Nach nglaonn an eagna?
Nach n‑ardaíconn an tuiscint a glór?
2Seasann sí ar na hardáin, le hais an bhóthair;
ar na cosáin atá a stáitse,
3Ag na geataí os comhair na cathrach;
glaonn sí go hard ar an mbealach chun na ngeataí:
4“Oraibhse atá mé ag glaoch, a fheara;
ar chlann na ndaoine atá mé ag lámh.
5A lucht an aineolais, foghlaimigí an chríonnacht;
agus sibhse, a amadána, [bíodh ciall agaibh].
6Éistigí, mar tá nithe uaisle le rá agam;
agus as mo bheola tiocfaidh an ceart.
7Fógróidh mo bhéal an fhírinne;
agus is fuath le mo bheola an urchóid.
8Is ceart iad briathra uile mo bhéil,
níl cor ná cam iontu.
9Is díreach iad don té a thuigeann,
agus is ceart iad don té a aimsíonn an t‑eolas.
10Glac le smacht uaimse in áit an airgid,
agus le heolas in áit togha an óir.
11Mar is luachmhaire an eagna ná pearlaí,
agus níl aon ní arbh fhiú a shantú seachas í.
12Mise, an Eagna, tá cónaí orm sa chríonnacht;
aimsím eolas agus éirím;
13Is liomsa dea-chomhairle agus ceartbhreithiúnas;
is liomsa géire intleachta agus cumas.
14(Is cuma fuath don olc nó eagla an Tiarna;)
is fuath liom uabhar, díomas,
cosán an oilc agus an béal bréagach.
15Is tríomsa a rialaíonn ríthe,
agus a reachtaíonn rialtóirí dlíthe córa.
16Is tríomsa a riarann flatha
agus a rialaíonn uaisle an domhan.
17Tugaim grá don mhuintir a thugann grá dom,
agus an mhuintir a lorgaíonn mé, faigheann siad mé.
18Tá maoin agus onóir agamsa,
saibhreas buan agus conách.
19Is fearr mo thoradh ná ór dá fhíre,
agus mo fhómhar ná togha an airgid.
20Siúlaim i mbealach na fíréantachta,
i mbealaí na córa,
21Ag dáileadh maoine ar an muintir a ghránn mé,
agus ag líonadh a dtaiscí.
An Eagna sa Chruthú
22Chruthaigh an Tiarna mé i dtús a shaothair,
roimh gach ní eile dá ndearna sé anallód.
23I bhfad ó shin is ea a rinneadh mé,
i dtosach báire sular cruthaíodh an domhan féin.
24Ní raibh na duibheagáin fós ann,
ná na toibreacha ag brúchtaíl le huisce nuair a rugadh mé.
25Sular cuireadh na sléibhte ina n‑áit,
sula raibh na cnoic fós ann, saolaíodh mise;
26Sula ndearna sé talamh nó tír,
nó fóid thosaigh an domhain.
27Bhí mise ann nuair a bhí sé ag daingniú na bhflaitheas thuas,
agus ag rianú bun na spéire ar dhromchla an duibheagáin,
28Agus ag socrú na scamall lastuas,
agus ag daingniú foinsí an duibheagáin,
29Agus ag ceapadh teorann don fharraige,
chun nach mbrisfeadh na huiscí a reacht,
agus ag leagan síos dúshraith na cruinne.
30Bhí mé lena thaobh mar cheardaí oilte
ag cur áthais air ó lá go lá,
agus ag súgradh ina láthair gan stad,
31Agus ag déanamh spraoi ar fud an domhain mhóir,
agus ag baint aoibhnis as caidreamh daoine.
Cuireadh
32“Anois, a chlann mhac, eistigí liomsa;
is méanar don mhuintir a leanann de mo bhealaí.
33Éistigí le teagasc agus bígí eagnaí;
ná déanaigí faillí air:
34Is méanar don fhear a éisteann liomsa,
ag faire gach lá ag mo gheataí,
ag feitheamh ag mo dhoirse.
35Óir an té a gheobhaidh mise, gheobhaidh sé an bheatha,
agus gnóthóidh sé gnaoi an Tiarna.
36Ach an té dhéanann díobháil domsa, leonann sé a anam féin;
agus an mhuintir a thugann fuath domsa, tugann siad grá don bhás.”

Currently Selected:

Seanfhocal 8: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy