YouVersion Logo
Search Icon

Seanfhocal 7

7
1Coinnigh greim ar mo bhriathra, a mhic,
agus cuir m'aitheanta i dtaisce duit féin.
2Comhlíon m'aitheanta agus mairfidh tú beo;
coinnigh mo theagasc mar mhac imreasan do shúile.
3Ceangail de do mhéireanna iad
agus scríobh ar chlár do chroí iad.
4Abair leis an eagna: “Is tú mo shiúr,”
agus tabhair do “chara dil” ar an tuiscint,
5Le thú a chosaint ar an mbean drúisiúil,
ón strainséir mná le briathra bladair.
6D'fhéach [sí] ó fhuinneog a tí,
amach ar an tsráid,
7[Féachaint] an raibh i measc na bhfear óg gan taithí
aon ógánach éaganta.
8Seo an tsraid síos anois é, le hais a cúinne,
agus ag gabháil an chosáin chun a tí,
9Idir dhá sholas, um thráthnona,
faoi choim na hoíche agus sa dorchadas.
10Ach, féach, seo bean faoina dhéin,
gléasta mar striapach agus calaois ina croí.
11Báirseach gan iontaoibh í,
nach dtéann suaimhneas ar a cosa sa bhaile.
12Bíonn sí san airdeall ar an tsráid, sa mhargadh,
agus ag gach cúinne.
13Beireann sí greim air agus pógann é,
agus deir sí leis lena gnúis mhínáireach:
14“Bhí íobairtí le hofráil agam,
agus chomhlíon mé mo mhóide inniu.
15Uime sin tháinig mé amach i do choinne,
agus mé sa tóir ort; agus fuair mé thú.
16Chóirigh mé mo leaba le brait,
agus [leath mé uirthi] togha brailliní ón Éigipt.
17Chroith mé miorra, aloes, agus cainéal
mar chumhráin ar mo leaba.
18Tar! bímis ag ól ár sáith de dheoch an ghrá go maidin;
bíodh suáilceas an ghrá againn.
19Óir níl m'fhear céile sa bhaile,
ach é imithe ar aistear fada.
20Thug sé mála airgid leis;
fillfidh sé abhaile leis an lánré.”
21Cuireann sí cluain air lena tuile de bhladar mealltach,
agus áitíonn air lena plámás séimh.
22Leanann sé í de gheit,
faoi mar a rachadh damh chun a mharaithe,
Nó mar a rachadh fia i ngaiste,
23nó go gcuirfí saighead ina ionathair;
Nó mar a sceinnfeadh éan i súil ribe
gan a fhios aige go bhfuil an bás faoina chomhair.
24Éist liom anois, [a mhic],
agus tabhair aird ar bhriathra mo bhéil:
25Ná lig do do chroí dul amú ina bealaí,
agus ná bí ag faoileáil ar a cosáin.
26Óir is iomaí fear a leag sí ar lár,
agus thug sí íde ar na gaiscígh go léir.
27Sé a teach an bealach go Seól
agus an tslí síos go cúirteanna an bháis.

Currently Selected:

Seanfhocal 7: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy