Uimhreacha 36
36
Oidhreacht Mhná
1Ansin tháinig cinn finí shliocht chlann Ghileád mac Mháicír mac Mhanaise, sliocht de chlann Iósaef, chun tosaigh agus labhraíodar le Maois agus leis na taoisigh, cinn finí chlann Iosrael, agus dúradar: 2“Dʼordaigh an Tiarna duit, a uasail, an talamh a roinnt ar cranna ar chlann Iosrael. Agus dʼordaigh an Tiarna duit, a uasail, oidhreacht ar ndearthár Zalofachád a thabhairt dá iníonacha. 3Anois má phósann siadsan duine as treibh eile de chlann Iosrael bainfear a maoin dʼoidhreacht ár n‑aithreacha. Cuirfear breis le maoin na treibhe lena mbainfidh siad, agus laghdófar ar an maoin a roinneadh orainne. 4Nuair a thiocfaidh iubhaile chlann Iosrael ansin cuirfear a n‑oidhreacht sin le hoidhreacht na treibhe lena mbainfidh siad ansin, agus bainfear í dʼoidhreacht threibh ár n‑aithreacha.”
5Ar ordú an Tiarna thug Maois an bhreith seo do chlann Iosrael; dúirt sé: “Tá an ceart ag treibh chlann Iósaef. 6Seo é breith an Tiarna i gcás iníonacha Zalofachád: ‘Pósaidís a rogha, ach pósaidís laistigh de shliocht threibh a n‑athar. 7Níl oidhreacht chlann Iosrael le hathrú ó threibh go treibh, óir tá gach fear ar chlann Iosrael le cloí le hoidhreacht threibh a aithreacha. 8Agus gach iníon ag a bhfuil oidhreacht i dtreibh de chlann Iosrael, ní foláir di pósadh i bhfine de threibh a hathar, i dtreo go mbeidh oidhreacht a aithreacha ag gach duine de chlann Iosrael. 9Ná hathraítear aon oidhreacht ó threibh go treibh eile; cloíodh gach treibh de chlann Iosrael lena n‑oidhreacht féin.’ ”
10Rinne iníonacha Zalofachád mar a dʼaithin an Tiarna do Mhaois. 11Phós Machlá, Tirzeá, agus Hoglá, agus Milceá, agus Noá, iníonacha Zalofachád, mic deartháireacha a n‑athar. 12Ós rud é gur phósadar i bhfiní chlann Mhanaise mhic Iósaef, dʼfhill a n‑oidhreacht ar threibh fhine a n‑athar.
Dúnadh
13Sin iad na haitheanta agus na dlíthe a dʼaithin an Tiarna do chlann Iosrael trí Mhaois ar bhánta Mhóáb láimh leis an Iordáin sall ó Ireachó.
Currently Selected:
Uimhreacha 36: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.