Deotranaimí 1
1
Céad Aitheasc Mhaois
Am–Log
1Seo iad na briathra a labhair Maois le hIosrael go léir lastall den Iordáin. (San fhásach san Arabá sall ó Shúf idir Párán agus Toifil agus Lábán agus Hazaerot agus Dí Zácháb. 2Tá aistear aon lá dhéag ó Horaeb go Cáidéis Bairnéa ar bhealach Shliabh Shaeír.) 3Ba ar an daicheadú lá, ar an gcéad lá den aonú mí dhéag, a labhair Maois le clann Iosrael de réir gach treoir a fuair sé dóibh ón Tiarna. 4Bhí an lámh uachtair faighte aige ar Shíochon rí na nAmórach a chónaigh i Heisbeon, agus ar Óg rí Bháiseán a chónaigh in Aisteárot agus in Eidreí. 5Ansiúd i dtír Mhóáb, lastall den Iordáin, chuir Maois chun an dlí seo a mhíniú. Dúirt sé:
Horaeb agus Cáidéis
6“Dúirt an Tiarna ár nDia linn ag Horaeb: ‘Tá moill bhur ndóthain déanta agaibh ar an sliabh seo. 7Ar aghaidh libh ón áit seo, cuirigí chun bealaigh, agus imigí libh go harda na nAmórach, go dtí an mhuintir a chuireann fúthu san Arabá, sna hardáin agus sna hísleáin, sa Neigib agus san fheorainn; isteach libh i dtír Chanán agus sa Liobáin, chomh fada leis an Abhainn Mhór, an Eofrataes. 8Sin é an tír a fhágaim fúibh; téigí isteach agus gabhaigí seilbh ar an tír a mhionnaigh an Tiarna a thabharfadh sé do bhur n‑aithreacha, dʼAbrahám, dʼIosác agus do Iacób agus dá sliocht dá n‑éis.’
9“Ansin is ea a dúirt mé: ‘Téann díom sibh a iompar liom féin. 10Rathaigh an Tiarna bhur nDia sibh i dtreo gur geall le réaltaí neimhe le háireamh sibh. 11Agus tá an Tiarna Dia bhur sinsear chun sibh a rathú faoi mhíle sa bhreis agus a bheannacht a chur oraibh mar a gheall sé daoibh. 12Conas a dʼfhéadfainn, liom féin amháin, sibhse agus bhur n‑imris a iompar mar ualach? 13Tugaigí chugam saoithe, lucht gaoise agus taithí, as gach treibh ar leith, agus déanfaidh mé ceannairí oraibh díobh.’ 14Dʼfhreagair sibh mé: ‘Is maith an beart atá á mholadh agat dúinn.’ 15Roghnaigh mé ar an gcuma sin daoibh ceannairí treibheanna, lucht tuisceana agus taithí, agus chuir mé i gceannas oraibh iad–ceannairí mílte, ceannairí céadta, ceannairí caogad, agus ceannairí deichniúr, agus scríobhaithe do bhur dtreibheanna. 16Leag mé cúram ar bhur mbreithiúna an uair sin: ‘Éistigí leis na caingne idir bhur mbráithre agus tugaigí breith chóir idir duine agus a bhráthair nó an coimhthíoch a chónaíonn fairis. 17Ná déanaigí leathchuma i mbreithiúnas agus tugaigí cluas don bheag ar aon dul leis an mór; ná bíodh eagla oraibh roimh aon duine, mar is le Dia an bhreith. An chúis a bheidh ródheacair daoibh, tugaigí chugamsa í le héisteacht.” 18Thug mé treoracha daoibh an uair úd do gach a mbeadh le déanamh agaibh.
19“Dʼfhágamar Horaeb agus shroicheamar an fásach mór uafar a chonaic sibh. Ar aghaidh linn go harda na nAmórach mar a dʼaithin an Tiarna dúinn, agus bhaineamar amach Cáidéis Bairnéa. 20Ansin is ea a dúirt mé libh: ‘Tá sibh tagtha chun arda na nAmórach a thug an Tiarna ár nDia dúinn. 21Sin é an tír seo tugtha ar láimh daoibh ag an Tiarna bhur nDia; isteach libh, gabhaigí seilbh air mar a dʼaithin an Tiarna Dia bhur n‑aithreacha daoibh; ná bíodh eagla oraibh ná easpa misnigh.’ 22Ansin tháinig sibh go léir chugam á rá: ‘Seolaimis romhainn lucht braite na tíre; tabharfaidh siad scéala chugainn cén bealach ar a bhfuilimid le gabháil suas agus cad iad na cathracha ina dtriallfaimid.” 23Comhairle mhaith dar liom í siúd agus roghnaíos dáréag daoibh, fear as gach treibh. 24Thugadar-san aghaidh ar na hardáin; thángadar chomh fada le Gleann Eisciol agus rinneadar é a thaiscéaladh. 25Rinneadar cuid de thorthaí na tíre a chnuasach agus a thabhairt anuas chugainn; is é scéala a thugadar chugainn: ‘Tír thorthúil é an tír a thug an Tiarna ár nDia dúinn.’ 26Níorbh áil libh gabháil isteach ann mar sin féin agus rinne sibh ceannairc in aghaidh ordú an Tiarna bhur nDia. 27Rinne sibh monabhar in bhur mbothanna á rá: ‘Le barr fuatha dúinn a thug an Tiarna amach as tír na hÉigipte sinn, dʼfhonn sinn a thabhairt ar láimh do na hAmóraigh, agus a scrios ar an gcuma sin! 28Cá bhfuil ár dtriall? Chuir ár mbráithre féin lagmhisneach orainn: “Is mó agus is airde iad na daoine ná sinne,” ar siad, “tá a gcathracha ábhalmhór le ballaí a shroicheann chun neimhe; chonaiceamar clann Anácaím ann chomh maith.’ ” 29Agus dúirt mé libh: “Ná bíodh scéin ná eagla oraibh rompu. 30Beidh an Tiarna bhur nDia ag gabháil romhaibh amach agus é féin ag troid ar bhur son, faoi mar a rinne ar bhur son san Éigipt os comhair bhur súl. 31Fuair tú radharc air leis san fhásach; conas mar a dʼiompair an Tiarna Dia thú, faoi mar a dhéanfadh athair a mhac, an bealach go léir a ghabh sibh go dtí gur bhain sibh amach an áit seo.” 32Ach dá ainneoin sin uile níl creideamh agaibh sa Tiarna, bhur nDia, 33an té sin a ghabh romhaibh ar an tslí le háit champála a fháil daoibh, agus é sa tine san oíche ag soilsiú an chosáin daoibh, agus sa néal sa lá.
34“Chuala an Tiarna bhur gcuid cainte, agus mhionnaigh sé le fearg: 35‘Ní fheicfidh fiú duine de na daoine seo, den ghlúin chlaon seo, an tír shaibhir a mhionnaigh mé a thabharfainn do bhur n‑aithreacha, 36seachas Cálaeb mac Iafuna. Feicfidh seisean é. Dósan agus dá shliocht, tabharfaidh mé an talamh ar ar leag sé cos, óir lean sé an Tiarna go beacht!’ 37Bhí an Tiarna i bhfearg liomsa leis de bhur mbarrsa, agus dúirt: ‘Ní rachaidh tusa ansiúd isteach ach chomh beag. 38Iósua mac Nún, do shearbhónta, is ea a rachaidh isteach; tabhair misneach dó óir is é a chuirfidh Iosrael i seilbh na tíre. 39Bhur miondaoine leis, iad siúd a dúirt sibh a ghabhfaí mar chreach, agus nach bhfuil fios na maitheasa agus an oilc fós acu, rachaidh siadsan ansiúd isteach; tabharfaidh mé dóibh é agus beidh sé ina seilbh acu. 40Ach maidir libhse, iompaígí agus siar libh faoin bhfásach i dtreo Mhara Súf.’
41“Ansin dʼfhreagair sibh mé: ‘Pheacaíomar in aghaidh an Tiarna ár nDia. Rachaimid suas agus troidfimid mar a dʼordaigh an Tiarna ár nDia dúinn.’ Ghabh gach duine agaibh a arm catha chuige agus in airde faoi na harda libh le flosc. 42Ach dúirt an Tiarna liom: ‘Abair leo: Ná téigí suas ag troid–nílimse faraibh–le heagla go mbeadh an bua ag bhur naimhde oraibh.’ 43Dúirt mé sin libh, ach ní éisteodh sibh liom, ach ceannairc á dhéanamh in aghaidh ordú an Tiarna, agus dul suas faoi na harda le barr dánaíochta. 44Na hAmóraigh, an mhuintir a chónaíonn sa dúiche shléibhteach sin, amach leo in bhur n‑aghaidh mar shaithe beach, agus chuadar sa tóir oraibh agus phleancadar sibh i Saeír agus ar aghaidh go Hormá. 45Agus ar fhilleadh daoibh, shil sibh deora i láthair an Tiarna; ach níor éist an Tiarna le bhur nglór ná níor thug sé cluas daoibh. 46Is iomaí sin lá, is iomaí sin, a dʼfhan sibh i gCáidéis.
Currently Selected:
Deotranaimí 1: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.