Uimhreacha 3
3
Treibh Léiví
1Seo iad sliocht Árón agus Mhaois nuair a labhair an Tiarna le Maois ar Shliabh Shíonái. 2Seo iad ainmneacha chlann Árón: Nádáb an chéadghin agus Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár. 3Sin iad ainmneacha chlann Árón, na sagairt ungtha a dʼoirnigh sé le fónamh i mbun dualgais na sagartachta. 4Ach fuair Nádáb agus Aibíchiú bás i láthair an Tiarna nuair a dʼofráladar tine mhídhleathach i láthair an Tiarna i bhfásach Shíonái. Níor fhágadar sliocht. Dá bhrí sin fágadh faoi Eileázár agus Íteámár fónamh mar shagairt faoina n‑athair Árón.
5Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 6“Tionól treibh Léiví agus cuir ar fáil iad do Árón an sagart, le freastal air. 7Comhlíonaidís na dualgais atá dlite de agus dlite den chomhthionól go léir os comhair Bhoth na Teagmhála ina seirbhís don taibearnacal. 8Bíodh gréithe uile Bhoth na Teagmhála ina gcúram, agus déanaidís na dualgais go léir atá dlite de chlann Iosrael ina seirbhís don taibearnacal a ghabháil chucu féin. 9Tabhair na Léivítigh dʼÁrón agus dá mhic mar thoirbheartaigh; tugadh clann Iosrael dó iad. 10Cláraigh Árón agus a chlann mhac agus déanaidís a ndualgais sagairt a chomhlíonadh; ach má thagann aon duine eile i ngar, cuirtear chun báis é.”
11Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 12“Roghnaigh mé féin na Léivítigh as clann Iosrael in áit gach céadghin a osclaíonn an bhroinn i measc chlann Iosrael; liomsa na Léivítigh dá bhrí sin. 13Óir is liomsa gach céadghin. An lá a mharaigh mé gach céadghin i dtalamh na hÉigipte, rinne mé gach céadghin in Iosrael idir dhuine agus ainmhí a choisreacan dom féin; is liomsa iad. Mise an Tiarna.”
Daonáireamh na Léivíteach
14Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái agus dúirt: 15“Déan clann Léiví a áireamh de réir teaghlaigh shinsearachta agus de réir fine; ní foláir gach fireannach míosa nó breis a chomhaireamh.” 16Rinne Maois iad a áireamh mar a dúirt an Tiarna ag déanamh de réir a orduithe. 17Seo iad ainmneacha chlann Léiví: Géirseon, Cohát agus Maráraí. 18Seo iad ainmneacha shliocht Ghéirseon de réir fine: Libní agus Simí. 19Clann Chohát de réir fine: Amrám agus Izeár, Heabrón agus Uizíéil. 20Clann Mharáraí de réir fine: Mailí agus Múisí. Sin iad sleachta Léiví de réir a dteaghlaigh shinsireachta.
21Ó Ghéirseon shíolraigh sleachta na Libníoch agus na Simíoch; sin iad sleachta Ghéirseon. 22Ba é a líon iomlán, ag cur na bhfireannach go léir mí dʼaois nó breis san áireamh, seacht míle cúig céad. 23Shuigh sleachta Ghéirseon a gcampa ar chúl an taibearnacail laistiar. 24Ba é Eiliásáf mac Láéil ceann theaghlach Ghéirseon. 25Sé cúram a bhí ar chlann Ghéirseon i mBoth na Teagmhála, an taibearnacal, an Bhoth lena brait, an chliath do dhoras Bhoth na Teagmhála, 26na brait ag crochadh timpeall na faiche, an chliath do dhoras na faiche atá timpeall an taibearnacail agus na haltóra, agus na téada go léir ba ghá don ghnó seo.
27Ó Chohát shíolraigh sleachta na nAmrámach, sleachta na nIzeárach, sleachta na Heabrónach, agus sleachta na nUizíéalach. Sin iad sleachta na gCohátach. 28Ba é a líon iomlán, ag cur na bhfireannach go léir mí dʼaois nó breis san áireamh, ocht míle sé chéad. Bhí siadsan i bhfeighil an tsanctóra. 29Shuigh sleachta Chohát a gcampa ar an taobh theas den taibearnacal. 30Ba é Ealzáfán mac Uizíéil ceann teaghlaigh chlanna Chohát. 31Sé cúram a bhí orthu, an áirc, an bord, an coinnleoir, na haltóirí, soithí beannaithe an tsanctóra lena ndéanann na sagairt seirbhís, agus an chliath le gach a ngabhann léi.
32Ba é Eileázár, mac Árón an sagart, taoiseach cheannairí na Léivíteach. Bhí sé i gceannas orthu siúd go léir a bhí i bhfeighil an tsanctóra.
33Ó Mharáraí shíolraigh sleachta na Mailíoch agus na Múisíoch; sin iad sleachta Mharáraí. 34Ba é a líon iomlán, ag cur na bhfireannach go léir mí dʼaois nó breis san áireamh, sé mhíle dhá chéad. 35Ba é Zúiríéil mac Aibíocháil ceann teaghlaigh chlanna Mharáraí, agus shuíodar a gcampa ar an taobh thuaidh den taibearnacal. 36Bhí clann Mharáraí i bhfeighil chreat an taibearnacail, na bataí, na cuaillí, na ceapa agus a ghréithe go léir agus a ngabhann leo, 37agus cuaillí na faiche mórthimpeall lena gceapa agus a bpionnaí agus a dtéada.
38Siad a shuigh a gcampa ar an taobh thoir, os comhair an taibearnacail agus Bhoth na Teagmhála, i dtreo éirí gréine, Maois agus Árón agus a chlann mhac a bhí i bhfeighil ghnásanna an tsanctóra thar ceann chlann Iosrael. Aon duine eile a thiocfadh i ngar, bhí sé le cur chun báis. 39Ba é líon iomlán na Léivíteach mí dʼaois nó breis, a dʼáirigh Maois agus Árón de réir fine mar a dʼordaigh an Tiarna dhá mhíle agus fiche.
Na Léivítigh agus Fuascailt na gCéadghinte
40Dúirt an Tiarna le Maois: “Déan daonáireamh ar gach céadghin fir ar chlann Iosrael mí dʼaois agus breis á n‑áireamh ó ainm. 41Ansin déan na Léivítigh a thoirbhirt domsa, mise an Tiarna, in áit gach céadghine de chlann Iosrael; ar an gcaoi chéanna tabharfaidh tú a n‑eallach in áit gach céadghin eallaigh le clann Iosrael.” 42Rinne Maois dá bhrí sin daonáireamh ar gach céadghin mhic ar chlann Iosrael mar a dʼordaigh an Tiarna. 43Ba é líon iomlán na gcéadghinte mí dʼaois agus breis, fiche dó míle dhá chéad agus seachtó trí. 44Ansin labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 45“Tóg na Léivítigh in áit gach céadghine ar chlann Iosrael, agus eallach na Léivíteach in áit a n‑eallaigh. Liomsa féin na Léivítigh; mise an Tiarna.
46Mar fhuascailt ar son an dá chéad agus seachtó trí céadghin ar chlann Iosrael atá de bhreis ar líon na Léivíteach, 47tóg cúig sheicil an ceann, de réir sheicil an tsanctóra, fiche géará sa seicil. 48Tabhair an t‑airgead seo dʼÁrón agus dá mhic mar dhíolaíocht as fuascailt an líon breise seo.”
49Thóg Maois an t‑airgead fuascailte seo thar ceann na breise nár fhuascail na Léivítigh. 50Thóg sé airgead céadghin chlann Iosrael, míle trí chéad agus seasca cúig sheicil, de réir sheicil an tsanctóra. 51Thug Maois an t‑airgead fuascailte dʼÁrón agus dá mhic de réir órdú an Tiarna mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois.
Currently Selected:
Uimhreacha 3: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.