YouVersion Logo
Search Icon

Uimhreacha 2

2
Eagar na dTreibheanna
1Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt: 2“Déanadh clann Iosrael a mbothanna a chur suas de réir eagair, gach duine ag a bhrat féin, faoi bhratach theaghlach a shinsearachta. Cuiridís suas a mbothanna mórthimpeall thaibearnacal na Fianaise fad áirithe uaidh amach. 3Maidir leo siúd atá lena mbothanna a chur lastoir: i dtreo éirí gréine, bratach champa Iúdá, faoi chóiriú catha; mar cheann ar chlann Iúdá: Nachsón mac Amaíneádáb, 4agus seachtó ceathair míle sé chéad fear ar a ríomh, faoina cheannas. 5Le campáil taobh leis: treibh Íosácár. Mar cheann ar chlann Íosácár: Natanael mac Zúár, 6agus caoga ceathair míle ceithre chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas. 7Treibh Zabúlun. Mar cheann ar chlann Zabúlun: Eilíáb mac Haelon, 8agus caoga seacht míle ceithre chéad ar a ríomh faoina cheannas. 9Is é líon tionóil iomlán champa Iúdá ar a ríomh, céad ochtó sé mhíle ceithre chéad. Siad atá le bheith ar tosach ag scor campa.
10“Ar an taobh theas: bratach champa Reúbaen faoi chóiriú catha; mar cheann ar chlann Reúbaen: Eilíozúr mac Shidéúr, 11agus daichead sé mhíle cúig céad fear, ar a ríomh, faoina cheannas. 12Le campáil taobh leis: treibh Shímeon. Mar cheann ar chlann Shímeon, Sealuimíéil mac Zúiriseadái, 13agus caoga naoi míle trí chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas. 14Treibh Ghád. Mar cheann ar chlann Ghád: Eiliásáf mac Dheúael, 15agus daichead a cúig mhíle sé chéad agus caoga fear, ar a ríomh, faoina cheannas. 16Is é líon tionóil iomlán champa Reúbaen ar a ríomh, céad agus caoga haon mhíle ceithre chéad agus a caoga. Siad atá le bheith sa dara háit ag scor campa.
17“Ansin gluaiseadh Both na Teagmhála agus campa na Léivíteach i lár na gcampaí eile. Bíodh eagar a ngluaiste ar aon dul le heagar a gcampála, gach duine in ord faoina bhrat féin.
18“Ar an taobh thiar: Bratach champa Eafráim faoi chóiriú catha. Mar cheann ar chlann Eafráim: Eilíseámá mac Aimíohud, 19agus daichead míle cúig céad fear ar a ríomh, faoina cheannas. 20Le campáil taobh leis: treibh Mhanaise. Mar cheann ar chlann Mhanaise: Gamailiéil mac Phadázúr, 21agus tríocha dó míle dhá chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas. 22Treibh Bhiniáimin. Mar cheann ar chlann Bhiniáimin: Aibíodan mac Ghideoiní, 23agus tríocha cúig mhíle ceithre chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas. 24Is é líon tionóil iomlán Eafráim, ar a ríomh, céad agus a hocht míle agus céad. Siad atá le bheith sa tríú háit ag scor campa.
25“Ar an taobh thuaidh: bratach champa Dhán faoi chóiriú catha. Mar cheann ar chlann Dhán: Aichíeizir mac Aimíseadái, 26agus seasca dó míle seacht gcéad fear ar a ríomh, faoina cheannas. 27Lé campáil taobh leis: treibh Áiséar. Mar cheann ar threibh Áiséar: Paigiéil mac Ocrán, 28agus daichead a haon mhíle fear, ar a ríomh, faoina cheannas. 29Ansin treibh Naftáilí: mar cheann ar chlann Naftáilí: Aichíora mac Aenán, 30agus caoga trí mhíle ceithre chéad fear faoina cheannas. 31Is é líon tionóil iomlán champa Dhán, ar a ríomh, céad caoga seacht míle sé chéad. Siad a bheidh ar deireadh ag scor campa, brat ar bhrat.”
32Ba é sin líon chlann Iosrael nuair a rinneadh an daonáireamh de réir teaghlach sinsearachta. Ba é líon iomlán an champa uile, cóirithe ina gceannasaíochtaí faoi leith, sé chéad agus a trí mhíle cúig céad agus a caoga fear. 33Ach níor áiríodh na Léivítigh i measc chlann Iosrael de réir mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois.
34Rinne clann Iosrael de réir mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois; sin mar a shuíodar a gcampa, faoi eagar a mbrat. Sin mar scoireadar campa, gach duine lena mhuintir féin de réir fine.

Currently Selected:

Uimhreacha 2: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in