Uimhreacha 13
13
Taiscéalaíocht
1Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 2“Seol amach fir, fear as gach treibh, chun tír Chanán atá á thabhairt agam do chlann Iosrael a spiúnadh. Seol ceannaire gach treibhe.” 3Faoi ordú an Tiarna dá bhrí sin sheol Maois iad ó fhásach Phárán; ba cheannairí ar chlann Iosrael na fir seo go léir; 4is iad seo a n‑ainmneacha: Thar ceann treibh Reúbaen, Seamua mac Zacúr. 5Thar ceann treibh Shímeon, Seáfát mac Hóraí. 6Thar ceann treibh Iúdá, Cálaeb mac Iafuna. 7Thar ceann treibh Íosácár, Igeal mac Iósaef. 8Thar ceann treibh Eafráim, Hóiséa mac Nún. 9Thar ceann treibh Bhiniáimin, Pailtí mac Ráfú. 10Thar ceann treibh Zabúlun, Gaidíéil mac Shóidí. 11Thar ceann treibh Iósaef, thar ceann treibh Mhanaise, Gaidí mac Shúsaí. 12Thar ceann treibh Dhán, Aimíael mac Ghamaillí. 13Thar ceann treibh Áiséar, Satúr mac Mhíocáéil. 14Thar ceann treibh Naftáilí, Nachbaí mac Vofsaí. 15Thar ceann treibh Ghád, Geúéil mac Mhácaí.
16Sin iad ainmneacha na ndaoine a sheol Maois uaidh ag taiscéaladh na tíre. Ansin thug Maois an t‑ainm Iósua ar Hóiséa mac Nún. 17Chuir Maois uaidh iad chun taiscéaladh a dhéanamh ar Chanán. “Téigí suas isteach san Neigib,” ar sé leo, “agus as sin go dtí na hardáin; 18faighigí amach cén sórt tíre é, agus cén sórt iad lucht a áitrithe, an tréan nó lag dóibh, an tiubh nó gann dóibh; 19an talamh maith nó drochthalamh atá fúthu; cén sórt bailte atá acu, an bhfuilid gan chosaint nó an caisil iad; 20an bhfuil an ithir féin saibhir nó bocht, faoi choillte nó a mhalairt. Bíodh misneach agaibh agus tugaigí cuid de thorthaí na tíre ar ais libh.” Ba é séasúr na bhfíniúna luatha é.
21Chuadar suas dá bhrí sin, chun an tír a bhrath, ó fhásach Zin go dtí Rachob agus Bealach Hamát. 22Ghabhadar ó thuaidh fan an Neigib go dtí Heabrón mar a raibh cónaí ar chlann Anac, Aichíomán agus Séisea agus Talmai (bunaíodh Heabrón seacht mbliana roimh Zoan san Éigipt). 23Thángadar go dtí Gleann Eisciol agus ghearradar craobh fíniúna ann le crobhaing caor; thug beirt acu leo í ar chuaille eatarthu; thugadar leo chomh maith pomagránaití agus figí. 24Tugadh Gleann Eisciol (“Crobhaing”) ar an áit ón gcrobhaing a ghearr clann Iosrael anuas ansiúd.
25Tar éis daichead lá dʼfhilleadar óna dtaiscéaladh ar an tír. 26Thángadar go dtí Maois, Árón agus go comhthionól uile chlann Iosrael i bhfásach Phárán ag Cáidéis. Thugadar a dtuairisc dóibhsean agus don chomhthionól go léir agus thaispeánadar torthaí na tíre dóibh. 27Mar seo a dúradar: “Ghabhamar isteach sa tír inar sheol tú sinn; tá bainne agus mil ina slaoda ann, go deimhin, agus seo cuid dá thoradh. 28Dream cumhachtach iad siúd a chónaíonn ann áfach; tá cóir chosanta ar a mbailte agus tá siad an-mhór; agus, sea, chonaiceamar sliocht Anac ann. 29Tá seilbh ag an Amailéiceach ar dhúiche an Neigib; ag an Hiteach an Amórach agus an Iabúsach ar na hardáin, agus ag an gCanánach ar fheorainn na farraige agus na Iordaine.”
30Bhí Cálaeb ag gríosú na ndaoine i láthair Mhaois agus dúirt: “Ar aghaidh linn gan mhoill agus gabhaimis seilbh ar an tír seo; is féidir dúinn é a smachtú.” 31Ach dúirt na daoine a chuaigh suas fairis: “Ní féidir dúinn máirseáil i gcoinne na ndaoine seo; is treise iad ná sinne.” 32Ansin chromadar ar thromaíocht le clann Iosrael ar an tír a bhí braite acu: “An tír a ndeachamar ag taiscéaladh air, is tír é a alpann lucht a áitrithe. Bhí toirt ainspianta i ngach fear dá bhfacamar ann. 33Chonaiceamar, chonaiceamar sin, fathaigh ann (clann Anac, sliocht na bhfathach) agus ba gheall le dreoiliní teaspaigh sinn féin, dar linn, agus bhíodarsan den tuairim gur míoltóga sinn.”
Currently Selected:
Uimhreacha 13: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.