YouVersion Logo
Search Icon

Uimhreacha 12

12
Gearáin agus Guí
1Rinne Miriám, agus Árón chomh maith léi, monabhar in aghaidh Mhaois i dtaobh na mná Cuisíteach a phós sé; óir phós sé Cuisíteach mná. 2Dúradar: “An trí Mhaois amháin a labhair an Tiarna? Nár labhair sé trínne chomh maith?” Chuala an Tiarna é sin. 3Anois bhí Maois sárumhal, bhí sé ar an duine ba umhla ar talamh. 4Labhair an Tiarna de gheit le Maois le hÁrón agus le Miriám: “Tagadh an triúr agaibh amach,” ar sé, “go Both na Teagmhála.” Chuadar a dtriúr, 5agus thuirling an Tiarna ina cholún néil agus sheas ag doras na Botha. Ghlaoigh sé ar Árón agus ar Mhiriám agus tháinig siad chun tosaigh. 6Dúirt an Tiarna: “Éistigí anois le mo bhriathra:
Más fáidh aon duine in bhur measc,
Cuirim mé féin in aithne dó i bhfís;
Labhraím leis in aisling.
7Ach ní amhlaidh le Maois mo shearbhónta;
Mo theach is baile dó;
8Labhraím leis béal ar bhéal,
Go soiléir gan tomhaiseanna,
Agus feiceann sé cló an Tiarna.
“Conas, más ea, go bhfuil sé de dhánaíocht ionaibh, monabhar a dhéanamh in aghaidh mo shearbhónta Maois?” 9Las bladhm feirge an Tiarna ina gcoinne. Dʼimigh sé leis. 10Chomh luath agus a dʼimigh an néal ón mBoth, ba shin Miriám ina lobhar, chomh geal le sneachta. Chas Árón agus dʼfhéach uirthi; bʼshiúd í ina lobhar.
11Dúirt Árón le Maois: “Fóir orainn, a thiarna! Ná hagair orainn peaca a rinneamar le baois ach ina bhfuilimid ciontach. 12Ná bíodh sí mar arrachtach ag teacht ó bhroinn a mháthar agus leath a chuid feola lofa.” 13Ghuigh Maois go hard chun an Tiarna: “A Dhia,” ar sé, “leigheas í le do thoil, impím ort!” 14Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Mura ndéanfadh a hathair ach seile a chaitheamh san aghaidh uirthi, nach mbeadh sí ina ceap náire ar feadh seacht lá? Cuirtear ar leithrigh amach ón gcampa í ar feadh seacht lá, agus ansin ina dhiaidh sin tugtar isteach arís í.” 15Cuireadh Miriám ar leithrigh dá bhrí sin amach ón gcampa ar feadh seacht lá agus níor chuir an pobal chun bealaigh gur tugadh Miriám isteach arís. 16Ansin dʼimigh na daoine ó Hazaerót agus shuíodar campa i bhfásach Phárán.

Currently Selected:

Uimhreacha 12: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in