YouVersion Logo
Search Icon

Nihimiá 1

1
A Ghlaoch
1Briathra Nihimiá mac Hacailiá. I mí Cisléu san fhichiú bliain [de réimeas Artaxarxaes rí], agus mé i ndúnfort Shúsá, 2tháinig chugam duine de mo ghaolta, Hanáiní, le daoine áirithe ó Iúdá. Chuir mé ceist orthu i dtaobh na nGiúdach, an t‑iarmhar a fuasclaíodh ó dheoraíocht, agus i dtaobh Iarúsailéim. 3“An mhuintir a tháinig slan ón deoraíocht,” dʼfhreagair siad, “agus atá ar ais ansiúd sa chúige, tá siad i gcruatan agus faoi leatrom náireach, tá ballaí Iarúsailéim ar lár agus a geataí loiscthe ag tine.” 4Nuair a chuala mé na focail sin, shuigh mé síos agus bhris mo ghol orm, agus chaoin mé lá i ndiaidh an lae agus mé ar troscadh agus ag guí i láthair Dhia neimhe.
5Agus dúirt mé: “A Thiarna, a Dhia neimhe, a Dhia mhór an imeaglaithe, a chothaíonn conradh agus cairdeas buan leo seo a thugann grá duit agus a chomhlíonann dʼaitheanta, 6tabhair cluas go grinn agus súil go géar do ghuí do shearbhónta, an ghuí atá á déanamh agam chugat anois de lá agus dʼoíche ar mhaithe le clann Iosrael, do shearbhóntaí; admhaím na peacaí a rinneamarna, clann Iosrael, i dʼaghaidh; pheacaigh mise agus pheacaigh teaghlach mʼathar. 7Is coiriúil coirpeach a pheacaíomar i dʼaghaidh, gan na haitheanta, na dlíthe ná na gnásanna a leag tú ar do shearbhónta Maois a chomhlíonadh. 8Cuimhnigh, impím ort, ar an bhfoláireamh a thug tú do Mhaois do shearbhónta: ‘Má bhíonn sibh mídhílis, déanfaidh mé sibh a scaipeadh i measc na gciníocha; 9ach má fhilleann sibh agus mʼaitheanta a choimeád agus a chleachtadh, fiú dá mbeadh bhur ndíbeartaigh ar fán thar íor na spéire is faide i gcéin, déanfaidh mé iad a chruinniú ón áit sin agus a thabhairt ar ais chun na háite a roghnaigh mé le mʼainm a lonnú ann.’
10“Siad seo do shearbhóntaí, do phobal, an mhuintir a dʼfhuascail tú le do mhórneart agus do láimh thréan. 11A Thiarna tabhair cluas dʼurnaí do shearbhónta agus dʼurnaí do shearbhóntaí gur gean leo urraim a thabhairt do dʼainm. Cuir an rath ar do shearbhónta inniu, agus deonaigh go mbeidh gnaoi an fhir seo air.” Ba chornaire ag an rí mé an uair úd.

Currently Selected:

Nihimiá 1: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in