YouVersion Logo
Search Icon

Eazrá 10

10
1Fad a bhí Eazrá ag guí agus ag admháil peacaí le deora agus é faon ar lár os comhair Theampall an Tiarna, chruinnigh slua mór Iosraelach ina thimpeall idir fhir agus mhná agus leanaí, agus iad ag gol go goirt. 2Ansin labhair Seacainiá mac Ichíéil de chlann Éalám amach agus dúirt le hEazrá: “Rinneamar feall ar ár nDia agus phósamar mná deoranta de phór dúchasach na tíre; ach dá ainneoin sin, tá dóchas éigin ann dʼIosrael fós. 3Déanaimis conradh lenár nDia, ár mná seo go léir agus an chlann a rugadh dóibh a chur i leataobh de réir do chomhairle-sé agus a gcomhairle siúd a chreathnaíonn roimh aithne ár nDé. Déanaimis de réir an dlí. 4Éirigh! Is é do chúramsa é, ach beimidne le dʼais. Bíodh misneach agat! Ar aghaidh leat!” 5Ansin dʼéirigh Eazrá agus chuir dʼiallach ar na príomhshagairt agus ar na Léivítigh agus ar na hIosraelaigh go léir mionn a thabhairt go ndéanfaidís mar a dúradh; thug siad an mionn. 6Ansin dʼimigh Eazrá leis óna ionad os comhair Theampall an Tiarna agus chuaigh isteach i seomra Iahóchánán mac Eiliáisíb mar ar [fhan sé an oíche sin] gan arán ná uisce a chaitheamh, mar bhí sé ag caoineadh feall na ndeoraithe.
7Eisíodh fógra in Iúdá agus in Iarúsailéim do na deoraithe go léir a dʼfhill, á rá leo cruinniú le chéile in Iarúsailéim, 8agus aon duine nach dtiocfadh laistigh de thrí lá–ba é sin rabhadh na gceannairí agus na seanóirí–go ndéanfaí a mhaoin go léir a ghabháil agus é féin a dhíbirt ó chomhthionól na ndeoraithe. 9Dá bharrsan tháinig muintir Iúdá agus Bhiniáimin go léir le chéile in Iarúsailéim laistigh de thrí lá; ba é an naoú mí é, agus an fichiú lá den mhí. Chruinnigh an pobal go léir sa chearnóg os comhair Theampall an Tiarna. Bhí siad ar ballchrith de bharr na hócáide agus de bharr tulca báistí. 10Ansin dʼéirigh Eazrá an sagart ina sheasamh agus dúirt: “Rinne sibh feall mar gur phós sibh mná deoranta, agus chuir sibh le ciontacht Iosrael. 11Ach anois beirigí buíochas leis an Tiarna, Dia bhur sinsear, agus déanaigí a réir; scaraigí le pór na tíre agus le bhur mná deoranta.” 12Dʼfhreagair an comhthionól go léir dʼaonghuth in ard a gcinn: “Mar sin atá; is é ár ndualgas déanamh mar a deir tú! 13Ach tá mórán daoine anseo agus is é séasúr na báistí é agus ní féidir dúinn fanacht amuigh faoin spéir. Ní gnó lae nó dhó é seo, mar pheacaigh a lán againn ar an tslí seo. 14Déanadh ár gceannairí ionadaíocht don chomhthionól go léir; tagadh an mhuintir inár gcathracha a thóg mná deoranta chucu ar am ceaptha agus seanóirí agus breithiúna ó gach cathair ina gcoimhdeacht, nó go gcuirfear dínn fraoch feirge ár nDé i dtaobh an ghnó seo.” 15Níor chuir aon duine ina choinne sin ach Iónátán mac Asáhael agus Iachzaiá mac Thicveá, le tacaíocht ó Mhisiulám agus ó Sheabataí an Léivíteach. 16Rinne na deoraithe de réir an mholta sin. [Thogh] Eazrá an sagart mar chúntóirí, cinn na bhfiní de gach teaghlach, agus gach duine díobh luaite ó ainm. Shuigh siad le breith a thabhairt ar na cásanna faoi leith ar an gcéad lá den deichiú mí, 17agus faoin gcéad lá den chéad mhí bhí cás na bhfear go léir a thóg mná deoranta pléite acu.
18Seo iad ainmneacha na bhfear de shliocht na sagart a fuarthas a phós mná deoranta: Ar chlann mhac Iéisiúa mac Iózádác agus i measc a ghaolta: Másaeiá, Eilíeizir, Iáiríb agus Gadailiá. 19Thug siad a mbriathar gill go gcuirfidís a mná ar shiúl agus dʼofráil siad reithe mar íobairt pheaca mar leorghníomh ina gciontacht. 20Ar chlann mhac Iméir: Hanáiní agus Zabaidiá; 21ar chlann mhac Háirim: Másaéiá, Éilíá, Seamaiá, Ichíéil agus Uizíá; 22ar chlann mhac Phaischiúr: Eilióaenaí, Másaéiá, Ísmeáéil, Natanael, Iózábád agus Ealásá; 23ar na Léivítigh: Iózábád, Simeí, Caeláiá–Cilíeá is é sin–Pataichiá, Iúdá agus Eilíeizir; 24ar na cantairí: Eiliáisíb [agus Zacúr]; ar ghardaí na ngeataí: Sealúm agus Teilim agus Úirí.
25Ar na hIosraelaigh: ar clann mhac Pharois: Raimiá, Ízíá, Mailcíveá, Míováimin, Eileázár, Mailcíveá agus Banáiá; 26ar chlann mhac Éalám: Matainiá, Zacairiá, Ichíéil, Aibdí, Iréamót agus Éilíá; 27ar chlann mhac Zatú: Eilióaenaí, Eiliáisíb, Matainiá, Iréamót, Zábád agus Aizízeá; 28ar chlann Bhaebaí: Iahóchánán, Hanainiá, Zabaí agus Atlái; 29[ar chlann Bhigví]: Misiulám, Malúc, Iadáiá, Iáisiúb, Seál agus Iréamót; 30ar chlann Phachat Móáb: Adná, Calál, Banáiá, Másaeiá, Matainiá, Bazalael, Bionúi agus Manaise; 31ar chlann mhac Háraim: Éilíeizir, Isíveá, Mailcíveá, Seamaiá, Simeon, 32Biniáimin, Malúc agus Samairiá; 33ar chlann mhac Háisiúm: Matanaí, Matatá, Zábád, Eilífilit, Iréama, Manaise agus Simeí; 34ar chlann mhac Bháiní: Madaí, Amrám, Úéil, 35Banáiá, Béidiá, Calúihí, 36Vainiá, Maraemót, Eiliáisíb, 37Matainiá, Matanaí agus Iásaú; 38ar chlann mhac Bhionúi: Simeí, 39Seilimiá, Nátán agus Adáiá; 40[ar chlann mhac Zacaí]: Seáisaí, Seárái, 41Azarael, Seilimiá, Samairiá, 42Sealúm agus Amairiá, agus Iósaef; 43ar chlann mhac Neabó: Ieíéil, Maititiá, Zábád, Zibíneá, Iadaí, Ióéil, Banáiá. 44Bhí siadsan go léir pósta le mná deoranta; chuir siad ar shiúl iad, [idir mhná agus chlann].

Currently Selected:

Eazrá 10: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in