YouVersion Logo
Search Icon

Marcas 16

16
An Tuama Folamh: an tAingeal
1Nuair a bhí an tsabóid thart, cheannaigh Máire Mhaigdiléana, Máire máthair Shéamais, agus Salómae, spíosraí chun dul agus é a ungadh. 2Agus an-mhoch ar an gcéad lá den tseachtain, agus an ghrian ina suí, tháinig siad go dtí an tuama. 3Agus bhí siad á rá le chéile: “Cé a iompóidh an chloch siar dúinn ó bhéal an tuama?” 4Ach nuair a d'fhéach siad, chonaic siad go raibh an chloch iompaithe siar. Bhí sí an-mhór. 5Agus nuair a chuaigh siad isteach sa tuama, chonaic siad an fear óg ina shuí ar dheis agus éide gheal air, agus tháinig scéin orthu. 6Ach dúirt sé leo: “Ná bíodh scéin oraibh. Íosa an Nazairéanach, an té a céasadh, atá sibh a lorg. D'éirigh sé. Níl sé anseo. Féach an áit inar chuir siad é. 7Ach imígí agus abraigí lena dheisceabail agus le Peadar: ‘Tá sé ag dul romhaibh don Ghailíl; ansiúd a fheicfidh sibh é faoi mar a dúirt sé libh.’ ” 8Tháinig na mná amach agus theith siad ón tuama mar ghabh scanradh agus uamhan iad. Agus ní dúirt siad aon ní le haon duine; óir bhí eagla orthu.
Íosa arna Aiséirí
9Tar éis aiséirí dó maidin an chéad lae den tseachtain, thaispeáin sé é féin ar dtús do Mháire Mhaigdiléana, an bhean as ar chaith sé seacht ndeamhain amach. 10D'imigh sise agus d'inis sí é don mhuintir a bhíodh in éineacht leis, agus iadsan ag caoi agus ag gol. 11Ach nuair a chuala siadsan go raibh sé beo, agus go raibh sé feicthe aici, níor chreid siad. 12Ina dhiaidh sin thaispeáin sé é féin, i riocht eile, do bheirt acu agus iad ar an tslí ag gabháil amach faoin tuath. 13Tháinig siadsan ar ais agus d'inis don chuid eile é, ach ní mó ná sin a chreid siad iadsan.
Misean na nAspal: An Deascabháil
14Níos déanaí, thaispeáin sé é féin don aonar déag agus iad ag bord, agus d'athchas sé leo a ndíchreideamh agus stuacacht a gcroí, mar nár chreid siad an mhuintir a chonaic é aiséirithe. 15Agus dúirt sé leo: “Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile. 16An té a chreidfidh agus a bhaistfear, slánófar é; ach an té nach gcreidfidh, daorfar é.
17“Agus leanfaidh na comharthaí seo an dream a chreideann: caithfidh siad deamhain amach i m'ainmse, labhróidh siad i dteangacha nua; 18tógfaidh siad nathracha ina lámha, agus má ólann siad aon deoch mharfach, ní dhéanfaidh sí díobháil dóíbh; leagfaidh siad a lámha ar easláin, agus beidh siad ar fónamh.”
19Tar éis dó labhairt leo, dá bhrí sin, tógadh an Tiarna Íosa suas ar neamh, agus chuaigh sé chun suite ar dheasláimh Dé. 20Ach iad siúd, d'imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair leis na comharthaí a lean é.

Currently Selected:

Marcas 16: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy