Marcas 15
15
Íosa i Láthair Phioláit
1Ar maidin bhí a gcomhairle ullamh gan mhoill ag uachtaráin na sagart fara na seanóirí agus na scríobhaithe–an tsainidrín uile. Tar éis dóibh Íosa a cheangal, thug siad leo é agus thug ar láimh é do Phioláit. 2Dʼfhiafraigh Pioláit de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt sé leis á fhreagairt: “Tá sé ráite agat.” 3Agus chuir uachtaráin na sagart a lán ina leith. 4Dʼfhiafraigh Pioláit de arís: “Nach bhfuil aon fhreagra agat á thabhairt? Féach a bhfuil acu á gcur i do leith!” 5Ach níor thug Íosa freagra ar bith eile, rud a chuir ionadh ar Phioláit.
6Le linn na féile ba bhéas leis príosúnach, an té a lorgaídís, a scaoileadh saor. 7Agus bhí fear darbh ainm Barabas ar láimh an uair sin leis an lucht ceannairce, dream a raibh dúnmharú déanta acu sa cheannairc. 8Chuaigh an slua suas dá bhrí sin agus thosaigh siad ar a iarraidh air déanamh dóibh mar ba ghnách. 9Dʼfhreagair Pioláit iad á rá: “An mian libh go scaoilfinn saor chugaibh Rí na nGiúdach?” 10Óir bhí fhios aige gur formad faoi deara do uachtaráin na sagart é a thabhairt ar láimh. 11Ach spreag uachtaráin na sagart an slua chun gurbh é Barabas seachas eisean a scaoilfeadh sé saor chucu. 12Agus dúirt Pioláit leo arís á bhfreagairt: “Más ea, cad a dhéanfaidh mé leis an té ar a dtugann sibh Rí na nGiúdach?” 13Scread siad arís: “Céas é!” 14Dúirt Pioláit leo: “Ach, cén t‑olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a scread siad: “Céas é!” 15Agus chun an slua a shásamh, scaoil sé Barabas saor chucu ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é.
An Choróin Dheilgneach
16Rug na saighdiúirí leo é isteach sa taobh istigh den chúirt, is é sin an préatóiriam, agus ghlaoigh siad an cathlán go léir le chéile. 17Chuir siad brat corcra uime, agus rinne siad coróin dheilgneach a fhí agus a chur air. 18Agus thosaigh siad ar bheannú dó: “Sé do bheatha, a Rí na nGiúdach!” 19Agus bhí siad á bhualadh sa cheann le giolcach agus ag caitheamh seilí air, agus ag teacht ar a nglúine ag déanamh ómóis dó. 20Agus tar éis dóibh fonóid a dhéanamh faoi, bhain siad de an brat corcra, agus chuir siad a chuid éadaigh féin air.
An Céasadh
Agus sheol siad amach é chun é a chéasadh. 21Agus duine a bhí ag gabháil an bhóthair, ag teacht ón tuath, Síomón, Cuiréanach, athair Alastair agus Rufus, chuir siad dʼfhiacha air a chros a iompar. 22Agus rug siad leo é go dtí an áit Golgotá–a chiallaíonn Áit an Chloiginn. 23Agus bhí fíon, a raibh miorr tríd, á thabhairt acu dó, ach níor ghlac sé é. 24Chéas siad é agus roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, á gcur ar chrainn féachaint cén balla bhéarfadh gach duine. 25Ba é an tríú huair é nuair a chéas siad é. 26Agus bhí inscríbhinn a chúise scríofa: “Rí na nGiúdach.” 27Agus chéas siad beirt robálaithe mar aon leis, duine acu ar a dheis agus duine acu ar a chlé. 28Agus comhlíonadh an scrioptúr a deir: “Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.” 29Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann agus ag rá: “Ahá! Tusa a leagfadh Teampall Dé agus a thógfadh é i dtrí lá! 30Saor thú féin! tar anuas ón gcros!” 31Bhí uachtaráin na sagart ag fonóid faoi sa tslí chéanna eatarthu féin, in éineacht leis na scríobhaithe. “Shaor sé daoine eile,” a deiridís, “ní féidir leis é féin a shaoradh. 32Tagadh an Críost, Rí Iosrael, anuas ón gcros feasta chun go bhfeicfimis agus go gcreidfimis.” Iad seo a bhí á gcéasadh mar aon leis, bhí siad á aithisiú freisin.
Bás Chríost
33Nuair a tháinig an séú huair, luigh dorchadas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair. 34Agus ar an naoú huair dʼéigh Íosa de ghlór ard: “Elóí, Elóí, lamá sabachthaní?” a chiallaíonn: “A Dhia, a Dhia, cén fáth ar threig tú mé?” 35Dúirt cuid dá raibh ina seasamh timpeall ar a chloisteáil sin dóibh: “Feach, tá sé ag glaoch ar Éilias.” 36Rith duine agus thum sé spúinse i bhfínéagar, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó ag rá: “Fanaigí go bhfeicfimid an dtiocfaidh Éilias chun é thógáil anuas.” 37Ach ghlaoigh Íosa de ghuth ard agus shíothlaigh sé.
38Agus réabadh brat an Teampaill ina dhó ó bhun go barr. 39An taoiseach céad a bhí ina sheasamh os a chomhair, chonaic sé mar a shíothlaigh sé amhlaidh sin agus dúirt sé: “Go dearfa ba é Mac Dé an duine sin.”
40Bhí mná ann agus iad i bhfad uaidh ag breathnú. Bhí Máire Mhaigdiléana orthu, agus Máire máthair Shéamais Bhig agus Iósaef, agus Salómae. 41Bhídís seo á leanuint agus ag freastal air nuair a bhí sé sa Ghailíl. Agus bhí a lán ban eile ann a bhí tagtha suas go Iarúsailéim in éineacht leis.
Íosa á Adhlacadh
42Agus nuair a bhí an tráthnóna cheana féin ann, ós rud é gurb é Lá an Ullmhaithe é (is é sin an lá roimh an tsabóid) 43tháinig Iósaef ó Aramatáia, ball creidiúnach den chomhairle, fear a bhí, é féin, ag súil le ríocht Dé; agus chuaigh sé isteach go dána go dtí Pioláit agus dʼiarr corp Íosa air. 44Bhí ionadh ar Phioláit é a bheith marbh cheana féin, agus ghlaoigh sé chuige an taoiseach céad agus dʼfhiafraigh de an raibh sé marbh cheana féin. 45Nuair a bhí a fhios sin aige ón taoiseach céad, cheadaigh sé an corp a thabhairt do Iósaef. 46Cheannaigh Iósaef línéadach agus thóg anuas den chrois é agus dʼfhill sa línéadach é agus chuir é i dtuama a bhí gearrtha as carraig, agus dʼiompaigh cloch mhór le béal an tuama. 47Bhí Máire Mhaigdiléana, agus Máire máthair Iósaef ag breathnú ar cár cuireadh é.
Currently Selected:
Marcas 15: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.