YouVersion Logo
Search Icon

Leabhar na n‑Olagón 2

2
Is é an Tiarna a Smachtaigh Thú; Déan Aithrí
1Ochón!
Tá an Tiarna tar éis duibhe a chur
ar iníon Shíón le corp cuthaigh;
theilg sé ó neamh go talamh
áilleacht Iosrael;
níor chuimhin leis stóilín a chos
ar lá a chuid díbheirge.
2Scrios an Tiarna go neamhthrócaireach
áitribh uile Iacóib;
chreach sé go fíochmhar feargach
dúnta iníon Iúdá;
leag sé ar lár agus thruailligh sé
an ríocht agus a flatha.
3Bhasc sé le fraoch feirge
cumhacht uile Iosrael;
níor thug sé tacaíocht a dheasláimhe
in aghaidh an namhad;
las sé suas in Iacób mar chraos tine
a dʼídigh a raibh ina thimpeall.
4Theann sé a bhogha mar namhaid
agus dhaingnigh sé a dheaslámh mar eascara;
rinne sé ár orthu siúd
ar lán a shúl iad tráth;
lig sé a racht amach mar thine
ar bhoth iníon Shíón.
5Dʼiompair an Tiarna é féin mar namhaid;
rinne sé Iosrael a mhilleadh;
scartáil sé a caisleáin go léir;
leag sé a dúnta daingne;
mhéadaigh sé an éagaoin agus an t‑éagnach
a bhí á ndéanamh ag iníon Iúdá.
6Scrios sé an gairdín agus a bhoth;
chreach sé a ionad teagmhála;
i Síón chuir an Tiarna ar ceal
an tionól féiliúil agus an tsabóid;
le racht cuthaigh thug sé droim láimhe
don rí agus don sagart araon.
7Rinne an Tiarna a bheag dá altóir;
ghlac sé fuath dá shanctóir;
chuir sé ballaí a caisleán
i seilbh a naimhde nimhneacha;
tógadh gártha i dteach an Tiarna
mar a thógfaí ar fhéile reachtúil.
8Chinn an Tiarna ar chonamar a dhéanamh
de bhalla iníon Shíón;
shín sé an dorú tomhais leis
agus níor stad sé go raibh sé scriosta;
chuir sé drochbhail ar bhalla agus ar bhábhún
sa chaoi go bhfuil siad araon ag mionú.
9Tá a geataí sáite sa talamh;
mar réab sé agus bhris sé a mbarraí;
tá a rí agus a flatha i measc na náisiún
agus níl aon dlí ann níos mó;
go fiú ní bhfaigheann a cuid fáithe
aon fhís ar bith ón Tiarna.
10Tá seanóirí iníon Shíón
ina suí ar an talamh ina dtost,
luaithreach caite ar a gceann acu
agus iad gléasta in éadach róin;
tá a gceann cromtha go talamh
ag maighdeana Iarúsailéim.
11Tá mo shúile tnáite le caoineadh
agus a bhfuil istigh ionam corraithe cráite;
tá mo chroí á reabadh le brón
mar gheall ar léirscrios mo phobail ionúin;
óir tá naíonáin agus leanaí cíche
ag snoí i gcearnóga na cathrach.
12Bíonn siad ag fiafraí dá máithreacha
“Cá bhfuil an t‑arán (agus an fíon)?”
agus iad ag titim mar dhaoine gonta
i gcearnóga an bhaile,
agus an t‑anam ag sceitheadh astu
i mbaclainn a máithreacha.
13Cá bhfaighidh mé do leithéid nó do shamhail,
a iníon Iarúsailéim?
Cad leis a samhlóinn thú chun tú a shólású,
a iníon ógh Shíón?
Óir, tá do scrios chomh leathan leis an bhfarraige.
Cé a fhéadfaidh thú a leigheas?
14Chonaic do chuid fáithe thar do cheann
físeanna folmha fealltacha;
níor nocht siad duit dʼurchóid,
rud a chuirfeadh cor bisigh i do chinniúint;
ní bhfuair siad thar do cheann sna físeanna
ach oracail bhréagacha mhealltacha.
15Na daoine uile a ghluaiseann tharat,
buaileann siad a mbosa i dʼaghaidh;
déanann siad faireach agus croitheann siad a gceann
le hiníon Iarúsailéim:
“An í seo an chathair ar glaodh uirthi:
‘Blas na hÁille’, ‘Ábhar Áthais an Domhain Mhóir’?”
16Osclaíonn do naimhde uile a gcraos
chun tú a shlogadh;
déanann siad faireach agus díoscán fiacal;
“Tá sí slogtha siar againn,” deir siad,
“is é seo an lá a rabhamar ag súil leis;
tá sé buailte linn anois go soiléir.”
17Rinne an Tiarna a raibh beartaithe aige;
an rabhadh a thug sé fadó riamh
tá sé curtha i gcrích aige anois;
tá sé tar éis tú a threascairt gan trua;
rinne sé ábhar suilt do do naimhde díot
agus chuir sé go mór lena gcumhacht.
18Éigh ó do chroí amach ar an Tiarna,
a bhalla iníon Shíón;
bí ag tál na ndeor ina dtuile
de lá agus dʼoíche;
ná tabhair faoiseamh ar bith duit féin;
nár thriomaí do shúile choíche.
19Éirigh! Glaoigh amach san oíche
i dtús gach seala faireacháin!
lig do racht bróin amach mar thuile
i láthair an Tiarna!
Ardaigh chuige do lámha
ar son bheatha do leanaí óga,
(atá ag titim i laige le hocras
ag béal gach uile shráide).
20Féach, a Thiarna, agus breathnaigh
ar cé hí ar chaith tú léi mar seo;
ní féidir gurbh éigean do mhná
naíonáin dhea-chumtha a mbroinne féin a ithe;
ní féidir gurbh éigean sagairt agus fáithe
a mharú i sanctóir an Tiarna!
21Tá óg agus aosta ina luí
ar an talamh sna sráideanna;
tá mʼógfhir agus mo mhaighdeana tar éis titim
le faobhar an chlaímh;
tusa a mharaigh iad ar lá do dhíbheirge;
rinne tú sléacht orthu gan trua.
22Chruinnigh tú uafás thart orm ó gach taobh,
mar a chruinníonn daoine le chéile ar lá féile;
níor fágadh fuíoll áir ná fear inste scéil
ar lá dhíbheirge an Tiarna;
an chlann a rug agus a thóg mé,
dhíothaigh mo namhaid iad go léir.

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Leabhar na n‑Olagón 2