YouVersion Logo
Search Icon

Iósua 3

3
Dul thar Iordáin
1Go luath ar maidin dʼéirigh Iósua agus scoir an campa agus ar aghaidh leis ó Shitím agus muintir Iosrael go léir fairis. Shroicheadar bruach na Iordáine agus shuíodar campa ann roimh dhul anonn. 2Faoi chionn trí lá ghabh na hoifigigh tríd an gcampa 3agus thug na treoracha seo don phobal: “Nuair a fheicfidh sibh áirc chonradh an Tiarna bhur nDia agus na sagairt Léivíteacha á hiompar, ní foláir daoibh imeacht ó bhur stáitse agus í a leanúint 4i dtreo go mbeadh a fhios agaibh cén treo ina bhfuil sibh le dul mar nár ghabh sibh an tslí seo riamh cheana. Ach bíodh spás timpeall dhá mhíle banlámh idir sibh féin agus an áirc; ná téigí ina gaire.” 5Dúirt Iósua leis an bpobal: “Naomhaígí sibh féin, óir déanfaidh an Tiarna míorúiltí in bhur measc amárach.” 6Agus dúirt Iósua leis na sagairt: “Tógaigí in airde áirc an chonartha agus ar aghaidh libh roimh an bpobal.” Agus thógadar in airde áirc an chonartha agus ar aghaidh leo roimh an bpobal.
7Dúirt an Tiarna le Iósua: “Inniu féin tosóidh mé ar thú a mhóradh i radharc Iosrael go léir dʼfhonn go mbeadh a fhios acu go mbeidh mé faratsa faoi mar a bhíos fara Maois. 8Agus tabhairse an t‑ordú seo do na sagairt a iompraíonn áirc an chonartha: ‘Nuair a shroichfidh sibh bruach uiscí na Iordáine stadaigí in bhur seasamh sa Iordáin féin.’ ” 9Agus dúirt Iósua le clann Iosrael: “Druidigí i leith agus éistigí le briathra an Tiarna bhur nDia.” 10Dúirt Iósua: “Leis seo a bheidh a fhios agaibh go bhfuil Dia beo in bhur measc, agus go dtiomáinfidh sé amach go cinnte na Canánaigh, na Hitigh, na Hivigh, na Pirizigh, na Giorgáisigh, na hAmóraigh, agus na Iabúsaigh. 11Féach, tá áirc chonradh Thiarna an domhain ar fad, le gabháil thar Iordáin romhaibh amach. 12Toghaigí dáréag fear gan mhoill, dá bhrí sin, as treibheanna Iosrael, fear as gach treibh. 13Na sagairt le háirc chonradh Thiarna an domhain ar fad, a luaithe a leagfaidh siad boinn a gcos ar uiscí na Iordáine, stopfaidh uiscí na Iordáine ina gcúrsa, agus stadfaidh na huiscí uachtair in aon mheall amháin ar a gcúrsa anuas.”
14Nuair a scoir na daoine campa chun gabháil thar Iordáin, thug na sagairt áirc an chonartha leo roimh an bpobal amach. 15A luaithe a shroich lucht iompair na háirce an Iordáin agus gur bhain cosa na sagart a bhí á hiompar le himeall na n‑uiscí–bíonn an Iordáin ag cur thar a bruacha go léir le linn an fhómhair– 16stad na huiscí uachtair go léir agus rinne meall mór díobh thar réimse mhór ó Adám, cathair atá lámh le Záratán; agus iad siúd a shníonn síos i dtreo Mhuir an Arabá, Muir an tSalainn sé sin, scaradh ar fad óna bhfoinsí iad. Ghabh an pobal thar abhainn os comhair Ireachó. 17Na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna, sheasaíodar ar thalamh tirim i lár na Iordáine agus lean clann Iosrael go léir orthu anonn cos tirim nó go raibh an abhainn curtha díobh ag an gcine go léir.

Currently Selected:

Iósua 3: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in