YouVersion Logo
Search Icon

Iósua 2

2
Spiaireacht
1Sheol Iósua mac Nún beirt fhear faoi choim ó Shitim mar spiairí á rá leo: “Ar aghaidh libh, breathnaígí an dúiche, go háirithe Ireachó.” Ar aghaidh leo agus chuadar isteach i dteach striapaí darbh ainm Rácháb, agus chuireadar fúthu ann. 2Tugadh scéala go rí Ireachó: “Féach, tá fir tagtha anseo anocht ó Iosrael chun an tír a bhrath.” 3Ansin chuir rí Ireachó scéal go Rácháb á rá: “Tabhair amach na fir a tháinig chugat, agus a chuaigh i do theach isteach, mar is chun an tír go léir a bhrath a thángadar.” 4Ach bhí an bheirt glactha chuici ag an mbean agus ceilte aici; dúirt sí dá bhrí sin: “Sea, tháinig fir chugam go deimhin, ach níorbh eol dom cárbh as dóibh 5agus nuair a bhí an geata le dúnadh le titim na hoíche, dʼimíodar leo amach. Ní fheadar cár ghabh na fir; téigí sa tóir orthu go tapa mar béarfaidh sibh orthu.” 6Ach thug sí suas ar dhíon an tí iad agus chuir i bhfolach iad faoi ghasa lín a bhí leagtha ina sraitheanna aici ar an díon. 7Chuaigh na fir sa tóir orthu ar feadh na slí chun na Iordáine chomh fada leis na háthanna. A luaithe a dʼimigh an tóir amach, dúnadh an geata.
8Sula ndeachaigh an dream eile a luí, tháinig sí aníos ar an díon chucu 9agus dúirt sí leis na fir: “Tá a fhios agam gur thug an Tiarna an tír daoibh agus gur bhuail scanradh sinn romhaibh, agus gur thit an lug ar an lag ar dhúchasaigh na tíre romhaibh. 10Óir chualamar conas mar a thriomaigh an Tiarna uiscí Mhuir na nGiolcach romhaibh nuair a tháinig sibh as an Éigipt amach, agus cad a rinne sibh le beirt rí na nAmórach thar Iordáin thall, Síochon agus Óg; scrios sibh iad faoin mbang. 11A luaithe a chualamar an scéal, thit an lug ar an lag againn, agus níor fhan misneach ag aon duine de bhur mbarr; óir sé an Tiarna bhur nDia, is Dia ar neamh thuas agus ar talamh thíos. 12Anois dá bhrí sin, tugaigí an leabhar dom dar an Tiarna, ós rud é go raibh mise dílis cineálta libhse go mbeidh sibhse leis dílis cineálta le líon tí mʼathar agus tugaigí geall cinnte dom, 13go ndéanfaidh sibh anacal ar mʼathair agus ar mo mháthair, ar mo dheartháireacha agus ar mo dheirfiúracha, agus ar gach aon duine a bhaineann leo, agus go dtabharfaidh sibh slán ón mbás sinn.” 14Ansin dʼfhreagair na fir í: “Ár n‑anam in áit bhur n‑anam, mura sceitheann tú ar an réiteach eadrainn; beimid cineálta dílis leat nuair a bhronnfaidh an Tiarna an fearann orainn.” 15Ansin lig Rácháb síos iad ar théad ón bhfuinneog mar bhí an teach buailte le balla na cathrach ach í ina cónaí laistigh den bhalla. 16Dúirt sí leo: “Suas libh faoi na sléibhte chun éalú ón tóir atá oraibh. Téigí i bhfolach ar feadh trí lá go bhfillfidh an tóir agus ansin imígí libh.” 17Dʼfhreagair na fir: “An mionn a chuir tú dʼiallach orainn a mhionnú duit, ní luífidh sé orainn ach ar na coinníollacha seo: 18Féach nuair thiocfaimidne isteach sa tír déansa an coirdín craorag seo a cheangal den fhuinneog ónar scaoil tú anuas sinn; ní foláir duit dʼathair agus do mháthair agus muintir dʼathar ar fad a thabhairt leat isteach i do theach. 19Má théann aon duine thar thairseacha do thí amach sa tsráid, beidh a chuid fola sa mhullach air féin, ach beimidne neamhchiontach; ach má leagtar lámh ar aon duine a bheidh farat sa teach, beidh a chuid fola sa mhullach orainne. 20Ach má sceitheann tú ar an ngnó seo againne, ansin beimid saor ón mionn a chuir tú dʼiallach orainn a thabhairt duit.” 21Agus dúirt sí: “Bíodh mar a deir sibh.” Scaoil sí leo agus dʼimíodar. Cheangail sí an coirdín craorag den fhuinneog.
22Chuireadar chun siúil agus suas leo faoi na sléibhte, agus dʼfhanadar ansiúd trí lá go dtí gur fhill an tóir tar éis dóibh an dúiche go léir a chuardach ach gan iad a fháil. 23Ansin tháinig an bheirt anuas ó na sléibhte agus anall thar abhainn leo agus thángadar go Iósua mac Nún agus dʼinsíodar dó gach ar tharla dóibh. 24Dúradar le Iósua: “Tá an tír go léir tabhartha faoinár láimh ag an Tiarna, agus tá ballchrith ar a gcónaíonn ann le heagla romhainn.”

Currently Selected:

Iósua 2: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in