Ióéil 4
4
Tabharfar Breith ar na Náisiúin
1“Féach, sna laethanta sin agus ag an am sin
a rathóidh mé Iúdá agus Iarúsailéim arís
2cruinneoidh mé na náisiúin uile le chéile
agus seolfaidh mé síos iad go dtí Gleann Iahóiseáfát
chun breith a thabhairt orthu ansin
mar gheall ar mo phobal agus mʼoidhreacht Iosrael;
mar scaip siad i measc na náisiún iad
agus roinn siad mo thír eatarthu féin.
3Chaith siad crainn ar mo phobal
agus thug siad garsún ar láimh mar mhalairt ar striapach
agus dhíol siad cailín ar fhíon agus dʼól siad é.
4Cad ab áil libh uaimse, a Thuír agus a Shíodón
agus a dhúichí na bhFilistíneach?
An amhlaidh is mian libh díoltas a imirt orm?
Má imríonn sibh díoltas orm
casfaidh mé bhur bhfeillbheart ar bhur gceann féin go tiubh te.
5Sibhse a thóg mo chuid airgid agus óir
agus a dʼiompair isteach in bhur dteampall féin
mo chuid earraí sárluachmhara!
6Sibhse a dhíol clann mhac Iúdá agus Iarúsailéim
leis na Iávánaigh
agus a sheol i bhfad óna dtír dhúchais féin iad!
7Féach! Gríosfaidh mé iad chun teacht ón áit ina bhfuil siad díolta agaibh
agus casfaidh mé bhur bhfeillbheart ar bhur gceann féin
8Díolfaidh mé bhur gclann mhac agus bhur n‑iníonacha
le muintir Iúdá
agus díolfaidh siadsan iad leis na Sabaeigh,
náisiún atá i bhfad ar shiúl uathu.
Is é an Tiarna féin a dúirt é.
9Fógraígí é seo i measc na náisiún!
Ullmhaígí don chogadh!
Gríosaígí na laochra!
Tagadh na saighdiúirí go léir i láthair
agus gluaisidís leo!
10Déanaigí claimhte de bhur gcuid soc
agus sleánna de bhur gcorráin bhainte.
Abradh an lag: ‘Is laoch mé.’
11Tagaigí go tapa,
a náisiúna uile na comharsanachta!
Bailígí le chéile ansin!
(A Thiarna, cuirse do laochra féin chugainn anuas.)
12“Corraíodh na náisiúin iad féin
agus tagadh siad go dtí Gleann Iahóiseáfát
mar is ansin a shuífidh mé chun breith a thabhairt
ar náisiúin uile na comharsanachta.
13Tá an fómhar aibí
cuirigí an corrán ag obair air mar sin.
Tagaigí, satlaígí
tá an chantaoir lán
agus na dabhcha ag cur thar maoil.
Is mór í a mallaitheacht go deimhin.”
14Tá na sluaite tiubha bailithe le chéile
i nGleann an Bhreithiúnais.
Óir, tá lá an Tiarna in achmaireacht
i nGleann an Bhreithiúnais.
Lá an Tiarna
15Tá an ghrian agus an ghealach ag dorchú
agus na réaltaí ag cailleadh a ngile.
16Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíón
agus cloistear a ghlór ó Iarúsailéim.
Tá an spéir agus an talamh ar crith.
Beidh an Tiarna ina dhídean dá phobal,
beidh sé ina dhúnáras do chlann Iosrael.
17“Beidh a fhios agaibh gur mise an Tiarna, bhur nDia,
a chónaíonn ar Shíón, mo shliabh naofa.
Beidh Iarúsailéim ina háit naofa
agus ní ghluaisfidh aon eachtrannach tríthi níos mó.”
An Ghlóir atá i nDán dʼIosrael
18An lá sin
silfidh na sléibhte fíon nua;
beidh leamhnacht ina slaoda ar na cnoic
agus uisce ag rith i gclaiseanna uile Iúdá.
Bhrúchtfaidh tobar amach as teach an Tiarna
agus uisceoidh sé Gleann Sitím.
19Beidh an Éigipt ina díthreabh
agus Eadóm ina fhásach lom
de dheasca na hainíde a dʼimir siad ar chlann Iúdá
nuair a dhoirt siad a gcuid fola neamhchiontaí ina dtír.
20Beidh daoine ina gcónaí in Iúdá
agus in Iarúsailéim ó ghlúin go glúin go deo.
21“Bainfidh mé éiric a gcuid fola amach agus ní ligfidh mé aon duine díobh slán.
Is ar Shíón a bheidh a áitreabh ag an Tiarna.”
Currently Selected:
Ióéil 4: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.