YouVersion Logo
Search Icon

Ióéil 3

3
Gealltanais
Doirtfear amach an Spiorad
1“Agus ina dhiaidh sin doirtfidh mé mo spiorad amach ar chách
agus déanfaidh bhur gclann mhac agus bhur n‑iníonacha tairngreacht;
beidh taibhrimh ag bhur seanóirí
agus feicfidh bhur bhfir óga aislingí.
2An uair sin doirtfidh mé mo spiorad
fiú amháin ar bhur sclábhaithe, idir fhir agus mhná.
3Taispeánfaidh mé iontais sa spéir agus ar an talamh,
fuil agus tine agus colúin deataigh.
4“Dorchóidh an ghrian
agus beidh an ghealach chomh dearg le fuil
nuair a thiocfaidh lá mór scéiniúil an Tiarna.
5Agus cibé duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna slánófar é.
Óir fágfar fuíoll éigin slán ar Shliabh Shíón,
faoi mar a dúirt an Tiarna
agus in Iarúsailéim beidh iarmhar áirithe ann a nglaofaidh an Tiarna orthu.

Currently Selected:

Ióéil 3: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in