Iób 41
41
1Ba bhaoth é do dhóchas go deimhin,
Mar dhéanfadh fiú radharc air duine a threascairt.
2Nuair a mhúsclaítear é, éiríonn sé fíochmhar,
Ní féidir dʼaon duine dul i ngleic leis.
3Cé a dʼfhéadfadh é ionsaí agus teacht slán?
Ní fhéadfadh neach faoin spéir.
4Ní bheidh mé i mo thost faoina ghéaga,
Ná faoina neart éachtach, ná a chló gan cháim.
5Cé a dʼfhéadfadh béal a chóta a oscailt
Nó ropadh trína lúireach dhúbailte?
6Cé a dʼfhéadfadh comhlaí a aghaidh a oscailt?
Tá uafás mórthimpeall a fhiacal.
7Is cuma nó sraith sciath a dhroim,
Agus séala cloch á n‑iadh.
8Táid i ngar dá chéile,
I dtreo nach dtéann aer eatarthu.
9Táid i ngreim ina chéile,
I dtreo go bhfuil siad go dlúth ina n‑aonad.
10Nuair a ligeann sé sraoth, bladhmann solas uaidh,
Agus bíonn a shúile mar dheargadh an dá néal.
11Tagann lóchrainn lonracha as a bhéal,
Agus preabann mar a bheadh spréanna tine as.
12Tagann gal óna pholláirí
Mar a bhíonn ó choire ar fiuchadh ar an tine.
13Cuireann a anáil sméaróidí trí thine,
Agus tagann lasair as a bhéal.
14Tá an neart ag lonnú ina mhuineál,
Agus tá an t‑uafás ag damhsa os a chomhair.
15Dlúthaíonn a sprochaillí feola le chéile,
Agus bíonn siad daingean dobhogtha air.
16Tá a chroí chomh teann le cloch,
Chomh daingean leis an mbró íochtair.
17Nuair a éiríonn sé tagann scéin ar na [tonnta],
Agus téann na [madhma] féin ar gcúl.
18Dá mbuailfeadh an claíomh é, ní chuirfeadh sé as dó,
Ná an tsleá, ná an ga, ná an bhunsach.
19Is cuma leis iarann nó dias,
práis nó adhmad críon.
20Ní chuireann saighead an teitheadh air,
Agus is cuma leis clocha láimhe nó brobanna tuí.
21Is cuma leis bata nó giolcach,
Agus gáireann sé faoi fhead na bunsaí.
22Tá sligí géara faoi thíos,
Agus gluaiseann sé thar an gceachair mar bhráca.
23Cuireann sé an duibheagán ar fiuchadh mar choire,
Agus an fharraige ag brúchtaíl mar phota cumhráin.
24Fágann sé cosán glioscarnach ina dhiaidh,
Agus bíonn mar a bheadh lomra geal ar na huiscí.
25Níl a leithéid eile ar talamh,
Créatúr gan eagla.
26Féachann sé sa tsúil ar gach ní uaibhreach,
Agus is rí é ar mhic an díomais.
Currently Selected:
Iób 41: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.