YouVersion Logo
Search Icon

Iób 40

40
Dara hAitheasc an Tiarna
1Ansin dúirt an Tiarna le Iób:
2An bhfuil céile comhraic an Uilechumhachtaigh ar tí géilleadh?
An bhfuil freagra tagtha chun an té atá ag áiteamh le Dia?
3Ansin dʼfhreagair Iób an Tiarna:
4Féach! Is beag le rá mise; cén freagra a thabharfaidh mé ortsa?
Is fearr dom mo lámh a leagan ar mo bhéal, dá bhrí sin.
5Aon uair amháin a labhair mé, agus ní [labhróidh mé] athuair.
Arís eile ní dhéanfaidh mé a thuilleadh.
6Ansin dʼfhreagair an Tiarna Iób as an anfa gaoithe agus dúirt:
7Cuir do chrios faoi do choim go fearúil;
Cuirfidh mise na ceisteanna anois agus tabhairse na freagraí.
8An dteastaíonn uait mo bhreith a bhréagnú,
Mise a chur san éagcóir dʼfhonn thú féin a chur sa chóir?
9An bhfuil neart Dé i do láimhse,
An bhfuil glór toirní agat mar atá aigesean?
10Gabh chugat do dhínit agus do mhaorgacht más ea!
Cuir umat do ghlóir is do loinnir!
11Scaoil le fraoch dʼfheirge,
Ísligh gach uaibhreach le silleadh do shúl.
12Treascair gach díomasach le silleadh do shúl,
Agus leag ar lár na hurchóidigh ar an bhfód ina bhfuil siad.
13Adhlaic le chéile sa chré iad,
Agus iaigh sa charcair íochtarach iad, gan focal as a mbéal.
14Beidh mise ar an gcéad duine ansin lena admháil,
Gur féidir do do lámh dheas féin an bua a bhreith duit.
15Féach Bahaemót! rinne mé é mar aon leat;
Itheann sé féar mar an damh
16Nach aige atá an neart ina leasracha,
Agus an cumas i bhfeithleoga a bhoilg!
17Tá a eireaball chomh teann le crann céadair,
Agus tá féithleoga a cheathrúna go daingean le chéile.
18Is cuma nó píopaí práis a chnámha,
Agus is cuma a ghéaga nó sparaí iarainn.
19Eisean sárshaothar Dé,
Ach bhagair a chruthaitheoir an claíomh air,
20Á chosc ó arda na sléibhte,
Mar a mbíonn na hainmhithe allta go léir ag súgradh.
21Luíonn sé dá bhrí sin faoin loiteog,
Agus téann i bhfolach i measc ghiolcach an bhogaigh;
22Faigheann sé scáth ó dhuilliúr na loiteoige,
Agus fothain ó shaileoga an tsrutháin.
23Má sceitheann abhainn thar a bruacha, ní chuireann sé mairg air.
Dá mbrúchtfadh an Iordáin [ina chraos], ba chuma leis.
24Cé a bhéarfaidh air ina uachais,
Nó a chuirfidh bacán ar a chaincín?
25An féidir duit an Leiviatan a tharraingt amach ar dhubhán?
Nó dorú a chur timpeall a theanga?
26An féidir duit fáinne a chur ar a shrón
Nó dubhán a chur trína ghiall?
27An ndéanfaidh sé mórchuid impí chugat?
Nó an meallfaidh sé thú le bladar?
28An ndéanfaidh sé margadh leat
A bheith ina dhaor agat go brách?
29An ndéanfaidh tú peata de mar a dhéanfá dʼéan
Nó é a chur ar iall do do chailíní?
30An ndéanfaidh na cumainn iascairí é a dhíol
Agus ansin é a roinnt ar na ceannaitheoirí?
31An ndéanfaidh tú a sheithe a chlúdach le bacáin,
Nó a cheann le gathanna?
32Ní gá duit ach baint leis,
Agus ní dhéanfaidh tú dearmad ar a chomhrac, ná dul sa seans arís.

Currently Selected:

Iób 40: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in