Iób 33
33
Dánaíocht Iób
1Éist le mo bhriathra, a Iób,
Agus tabhair cluas do mʼfhocail go léir!
2Féach, nuair a osclóidh mé mo bhéal,
Agus go mbeidh mo theanga ag gearradh na bhfocal de mo charball,
3Fógróidh mo chroí briathra eagnaí
Agus labhróidh mo bheola le lándáiríre.
4Spiorad Dé a rinne mé,
Agus sé a anáil a chuir anam ionam.
5Bréagnaigh mé, más féidir duit;
Réitigh fód do sheasaimh romham.
6Féach ní [dia] mise, ach duine mar thú féin.
Dealbhaíodh mise as an gcré, do dhála féin.
7Ná cuireadh eagla romham aon mhairg ort,
Ní luífidh mise go trom ort. 8Dúirt tú i gclós mo chluas–
Chuala mé na focail féin uait–
9“Táim gan cháim, gan pheaca;
Táim ionraic, saor ó urchóid.
10Tá sé ag fáil leithscéalta i mʼaghaidh,
Agus do mʼáireamh mar namhaid.
11Chuir sé mo chosa i gceap,
Agus faireann sé mo bhealaí go léir.”
12Níl an ceart agat sa mhéid sin, a deirim leat,
Óir is mó Dia ná an duine.
13Cad ab áil leat ag gearán faoi
Nár fhreagair sé thú, focal ar fhocal.
14Labhraíonn Dia ar dtús ar shlí
Agus ansin ar shlí eile, cé nach dtugtar faoi deara é:
15Labhraíonn sé trí aislingí agus trí fhíseanna oíche,
Nuair a thiteann daoine ina dtoirchim suain,
Agus iad ina sámhchodladh ina leaba.
16Ansin is ea a chuireann sé cogar ina gcluais,
Agus a chuireann sé scéin iontu le huafáis,
17Dʼfhonn an duine a iompú óna dhrochbhearta,
Agus deireadh a chur lena dhíomas.
18Déanann sé a bheo a chosaint ar an uaimh,
Agus a anam a shábháil ó Sheól.
19Déanann sé an duine a cheartú le pianta ar a leaba,
Nuair a bhíonn creathán gan stad ina chnámha,
20Agus bia ag cur masmas dearg air;
Agus gráin ó chroí aige ar shóláis;
21Agus a fheoil á creimeadh os comhair do shúl;
Agus a chnámha le feiceáil ag gobadh go nocht óna gclúid;
22Agus a anam ag druidim leis an uaimh,
Agus a bheo le [teach na marbh].
23Ansin bíonn aingeal láimh leis,
Idirghabhálaí, aon ar mhílte,
Lena dhualgas a chur in iúl dó,
24Le bheith cneasta leis, agus a rá:
“Fuascail é ó thitim san uaimh,
Fuair mé geall ar a shon”;
25Bíonn a chneas arís i mbláth na hóige;
Agus filleann sé arís ar laethanta a chumais.
26Guíonn sé chun Dé agus tugann seisean aird air;
Agus feiceann sé a ghnúis agus lúcháir air,
Agus fógraíonn sé don saol scéal a shaortha;
27Canann sé an chaithréim seo os comhair daoine:
“Pheacaigh mé, agus thréig mé cosán na fíréantachta,
Ach ní dhearna [Dia] díoltas orm.
28Dʼfhuascail sé mʼanam ó dhul síos san uaimh,
Agus beidh mo shaol faoi sholas.”
29Déanann Dia na nithe seo go léir
Arís agus arís eile don duine.
30Fuasclaíonn sé a anam ón uaimh,
Le go mbeadh solas na beatha ag taitneamh air.
31A Iób, éist liom, agus bíodh aird agat orm!
Bí i do thost, tá a thuilleadh le rá agam!
32Má tá aon ní le rá agat, freagair mé!
Labhair amach, mar is fonnmhar a admhóinn thú a bheith gan choir.
33Mura bhfuil, tabhair cluas dom;
Bí i do thost fad a bheidh mise ag teagasc na heagna duit.
Currently Selected:
Iób 33: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

:
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.