Iób 34
34
Theip ar an Triúr
1Lean Eilíhiú air lena aitheasc agus dúirt:
2Éistigí lena bhfuil le rá agam, a shaoithe,
Agus tugaigí cluas dom, a lucht an eolais.
3Óir déanann an chluas briathra a phromhadh,
Mar a dhéanann an carball bia a bhlas.
4Faighimis amach dúinn féin cá bhfuil an ceart;
Agus deimhnímis eadrainn féin céard is cóir.
5Dúirt Iób: “Táimse fíréanta,
Ach dhiúltaigh Dia mo cheart dom.
6Tá breitheamh mo chúise i bhfaltanas liom,
Is tinn é mo chréacht cé nach ndearna mé coir.”
7An bhfuil a lán de leithéid Iób ann,
A shlogann an sciolladh mar uisce?
8Agus a dhéanann caidreamh le lucht déanta an oilc
Agus a shiúlann le hurchóidigh?
9Mar nár dhúirt sé: “Saothar in aisce é
Do dhuine a bheith ag iarraidh Dia a shásamh.”
10Éistigí dá bhrí sin liomsa, a lucht na heagna;
Is fada ó Dhia an choirpeacht
Agus an éagóir ón Uilechumhachtach.
11Déanann sé cúiteamh leis an duine de réir a oibreacha,
Agus de réir bearta a shaoil a thugann sé luach saothair dó.
12Is léir nach ndéanfaidh Dia éagóir,
Agus ní chlaonann an tUilechumhachtach an bhreith;
13Cé chuir an chruinne faoina chúram
Agus an saol mór ina iontaoibh?
14Dá dtarraingeodh sé a spiorad ar ais chuige féin,
Agus a anáil a bhailiú chuige féin,
15Gheobhadh gach feoil bás,
Agus dʼfhillfeadh an duine ar an gcré.
16Má tá aon tuiscint ionat, éist leis seo,
Agus tabhair cluas dá bhfuil á rá agam:
17An mbeidh duine gur fuath leis an ceart i gceannas?
An ndéanfaidh tú breitheamh na dtréan a dhaoradh?
18An té a thabharfadh “suarachán” ar a rí,
Agus “coirpeach” ar thaoiseach,
19Agus nach mbeadh lé aige le flatha,
Ná le saibhre thar na boicht,
Mar gur óna láimh féin iad uile.
20Faigheann siad bás i bprapadh na súl;
Dá thábhachtaí iad, éagann siad i lár na hoíche,
Ní [aon nath leis] tíoránach a chur ar an éadreoir;
21Óir tá súil aige ar iompar an duine,
Agus faireann gach coiscéim dá ngabhann.
22Níl dorchadas ná scáil bháis ann,
Ina bhféadfadh lucht an oilc dul i bhfolach.
23Óir ní dhearna sé coinne dʼaon duine
Le dul i láthair Dé i mbreithiúnas.
24Bascann sé cumhacht lucht an nirt gan fiosrú ina dtaobh,
Agus cuireann dream eile ina n‑áit.
25Tá fios a mbeart aige,
Agus treascrann sé faon ar lár iad san oíche.
26Buaileann sé iad de bharr a gcoirpeachta,
Agus [déanann cimí díobh] os comhair an tsaoil.
27“Dʼiompaíodar óna sheirbhís,” a deir tú,
“Agus níor thóg siad ceann dá bhealaí go léir,
28I dtreo go dtáinig glao an duine bhoicht chun [Dé]
Agus gur chuala sé glór an deibhleáin.
29Dʼfhan sé socair gan aon duine a dhaoradh;
Nuair a cheileann sé a aghaidh, cé ar féidir dó é a fheiceáil?”
Ach bíonn trócaire aige ar náisiún agus ar dhaoine,
30Agus saorann sé fiú an t‑aindiaga ó ghreim na hainnise.
31Má deir duine le Dia:
“Mealladh mé, ní le hurchóid a rinne mé beart.
32Má pheacaigh mé, cuir in iúl dom é!
Má bhí mé éagórach, ní bheidh mé amhlaidh arís.”
33–Sa chás sin ar chóir dó, dar leat, é a phionósú,
Ós rud é go ndiúltaíonn tú dá bhreitheanna?
Ón uair nach agamsa ach agatsa atá an rogha le déanamh,
Abair céard atá ar eolas agat.
34An mhuintir thuisceanach go léir,
Agus na saoithe i measc mo lucht éisteachta, déarfaidh siad liom:
35“Briathra gan ghaois a labhraíonn Iób,
Agus níl aon tuiscint ina chuid cainte.”
36Ach déanfar Iób a phromhadh go ceann scríbe,
Mar go bhfreagraíonn sé mar a dhéanfadh urchóidigh.
37Óir cuireann sé ceannairc mar bhreis lena pheaca,
Ag [caitheamh amhrais faoin gcoir inár measc]
Agus ag tabhairt masla ar mhasla do Dhia.
Currently Selected:
Iób 34: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: