YouVersion Logo
Search Icon

Iób 32

32
Aithisc Eilíhiú
Réamhrá: Aitheasc a hAon
1Scoir an triúr sin de bheith ag freagairt Iób mar go raibh sé cinnte go raibh sé neamhchiontach. 2Ach tháinig racht feirge ar Eilíhiú mac Bharacael ó Bhúz, de chlann Rám. Bhí a racht dírithe ar Iób mar gur mheas seisean nárbh é Dia ach é féin a bhí sa cheart. 3Bhí a racht dírithe leis ar a thriúr cairde, mar nár thángadar ar fhreagra, agus gur dhaoradar [Dia]. 4Fad a bhíodarsan ag caint le Iób, bhí foighne ag Eilíhiú mar ba shine iad ná eisean. 5Ach nuair a chonaic Eilíhiú nár fágadh focal le freagairt i mbéal an triúir, tháinig rabharta feirge air.
6Agus ansin dʼfhreagair Eilíhiú mac Bharacael agus dúirt:
Táim ar bheagán blianta
Agus sibhse in bhur seanóirí,
Uime sin bhí eagla agus ceann faoi orm
Mo smaointe a nochtadh.
7Dúirt mé: “Labhraíodh na blianta
Agus cuireadh an aois mhór an eagna in iúl!”
8Ach tá fhios agam anois gur spiorad sa duine,
Agus anáil ón Uilechumhachtach a thugann tuiscint.
9Ní le haois mhór a thagann an chríonnacht,
Ná ní hiad na seanóirí is géire breith.
10Deirim, dá bhrí sin, “Tugaigí cluas dom!
Bíodh cead cainte agamsa freisin le mʼeagna a fhógairt!”
11Bhí mise ag éisteacht le bhur mbriathra,
Agus cluas agam do bhur ráite gaoise;
Fad a bhí sibh ag cuartú focal le freagairt,
12Bhí aird agam oraibh.
Ach, féach, ní raibh aon duine le Iób a bhréagnú;
Ní raibh aon duine in bhur measc lena ráitis a fhreagairt.
13Ná bíodh sé de dhánaíocht ionaibh a rá go bhfuair sibh greim ar an eagna,
Ná gurbh ó Dhia agus nach ó dhuine [bhur dteagasc].
14Nílimse chun feidhm a bhaint as a leithéid sin dʼargóint;
Beidh malairt cló ar mo fhreagrasa.
15Tá siad bainte dá mbonna, gan focal astu,
Ná freagra ina mbéal.
16Dʼfhan mé nó gur éisteadar,
Gur stadadar, gan a thuilleadh a rá.
17Beidh rud éigin le rá agamsa anois!
Déanfaidh mise anois mʼeolas a fhógairt.
18Féach! táim lán de chaint!
Agus tá an spiorad i mo bholg do mʼéigniú.
19Tá mo bholg mar fhíon nua ag lorg poill sceite,
Agus ag pléascadh seithe nuaghlan fíona.
20Níl dʼfhaoiseamh agam ach labhairt,
Osclóidh mé mo bhéal agus tabharfaidh mé freagra.
21Ní bheidh lé agam le haon duine,
Ná ní bheidh mé ag bladar le fear ar bith.
22Nílim oilte ar an mbladar
Nó is gearr go gcuirfeadh mo chruthaitheoir deireadh liom.

Currently Selected:

Iób 32: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in