Iób 31
31
Iób á Chosaint Féin
1Rinne mé margadh le mo shúile,
Nach ndéanfaidís moill ag amharc ar mhaighdean.
2Cén roinn a dheonaíonn Dia ó neamh?
Cén oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ó na flaithis?
3Nach tubaiste ar an gcoirpeach?
Agus mí-ádh ar lucht na hurchóide?
4Nach bhfeiceann sé mo bhealaí
Agus nach n‑áiríonn sé mo choiscéimeanna?
5An raibh mé cois ar chois leis an mbréag?
Nó ar sodar i ndiaidh na calaoise?
6Déanadh sé mé a mheá sa mheá ionraic,
Agus bíodh mʼfhíréantacht ar eolas ag Dia!
7Má chuaigh mo chos i leataobh ón mbealach,
Nó má lean mo dhúil mo shúil,
Nó má thóg mé aon ní i mo ghlac,
8Go gcuireadsa an síol ach go mbaine duine eile an fómhar;
Go ndéantar mo shliocht a stoitheadh ar shiúl!
9Má mealladh mé riamh ag bean,
Nó má fhan mé ag faire ag doras mo chomharsan,
10Go meile mo bhean a phlúr do dhuine eile,
Agus go gcodlaí sí faoi bhraillín nach liomsa.
11Ba pheaca drúise é sin,
Coir le [díolt ag an dlí],
12Coir a dʼadhnfadh tine a loscfadh go hAbadón.
Agus a dhófadh mʼfhómhar go léir.
13Dá ndiúltóinn do cheart mo dhaoráin
Nó mo dhaoirsí, nuair a bhíodar ag aighneas liom,
14Cad a dhéanfainn nuair a dʼéireodh Dia?
Cad déarfainn nuair a dhéanfadh sé fiosrú?
15An té a rinne mise sa bhroinn, nach ndearna sé iadsan freisin?
Nach é an [Dia] céanna a rinne sinn go léir i mbolg ár máthar?
16Ar dhiúltaigh mé don bhocht aon ní a bhí de dhíth air?
Ar chuir mé gruaim ar shúile na baintrí?
17Ar chaith mé mo chuid bia liom féin,
Gan cuid a thabhairt don dílleachta?
18Óir bhí [Dia] mar athair agam do mʼoiliúint ó mʼóige,
Agus threoraigh sé mé ó bhroinn mo mháthar.
19An bhfaca mé riamh ainniseoir gan éadach,
Nó fear bocht gan bhrat,
20Agus gan é do mo bheannú ó chroí,
Agus lomra mo chaorach á théamh?
21Ar ardaigh mé mo lámh in aghaidh an [neamhchiontaigh],
Le barr muiníne as mo dhea-mheas ag an ngeata?
22Má rinne mé amhlaidh, go dtite mo ghualainn ó mo shlinneán,
Agus go stractar mo ghéag as alt!
23Óir thiocfadh uafás Dé anuas orm,
Agus ní sheasóinn an fód i láthair a mhórgachta.
24Ar chuir mé mo mhuinín san ór?
Nó ar dhúirt mé leis an ór fíre: “Is tú mo thaca.”
25Ar mhaígh mé as flúirse mo mhaoine?
Nó as an raidhse a ghnóthaigh mé i mo ghlac?
26Nuair a chonaic mé an ghrian ina glóir,
Nó niamh na gealaí ina cúrsa,
27Ar mealladh mo chroí os íseal
Is gur chaith mé póg ó mo láimh leo?
28Ba choir é sin leis a bheadh le díolt ag an dlí–
Mé a shéanadh Dé in airde.
29Ar bhain mé taitneamh as mí-ádh mo namhad,
An ndearna mé lúcháir nuair a bhuail an tubaiste é?
30Cé nár lig mé do mo theanga aon olc a dhéanamh,
Á mhallachtú nó ag guí dianbhás do.
31Nár dhúirt lucht mo bhotha:
“An bhfuil aon duine nach bhfuair a sháith dá fheoil?”
32Níor ghá do dheoraí riamh codladh sa tsráid;
Bhí mo dhoras riamh ar leathadh don [taistealaí].
33Ar cheil mé riamh mo chionta [ó dhaoine]?
Agus ar chuir mé mʼurchóid i bhfolach i mo chliabh?
34An raibh eagla orm riamh roimh chúlghearradh an phobail
Nó scéin roimh fhonóid ón aon teaghlach?
35Uch gan [Dia] le héisteacht liom!
Tá deireadh ráite agam, ó A go U; freagraíodh an tUilechumhachtach mé.
36Nuair a bheidh a scrolla scríofa ag mo chúisitheoir i mo choinne,
Caithfidh mé ar mo ghualainn é,
Nó cuirfidh mé ar mo cheann é mar choróin;
37Tabharfaidh mé cuntas ar gach beart de mo shaol,
Agus rachaidh mé go fearúil, mar thaoiseach, ina araicis.
38Má ghlaoigh mo chuid talún i mʼaghaidh,
Agus go raibh gach clais ar snámh le deora,
39Má ith mé a thoradh gan díol as,
Nó má thug mé cúis ghearáin do lucht a shaothraithe,
40Go bhfása sceacha mar a mbíodh an chruithneacht,
Agus fiailí nimhneacha mar a mbíodh an eorna.
(Sin críoch ar bhriathra Iób.)
Currently Selected:
Iób 31: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: