YouVersion Logo
Search Icon

Iób 22

22
Agallamh a Trí
Cúitíonn Dia
1Ansin dʼfhreagair Eilífeaz ó Théamán agus dúirt:
2An féidir dʼaon duine tairbhe a dhéanamh do Dhia
Le go ndéanfadh an t‑eagnaí tairbhe dó?
3An aon bhuntáiste é don Uilechumhachtach thú a bheith fíréanta?
Nó an aon mhaith dó thú a bheith gan locht i do bhearta?
4An de bharr do dhúthrachta a chuireann sé pionós ort
Agus a théann sé chun breithiúnais leat?
5Nach mór í dʼurchóid,
Agus nach bhfuil do choireanna gan teorainn?
6Bhítheá ag éileamh geall gan chúis ar do bhráithre,
Agus ag sciobadh a gcuid éadaigh ón mbocht.
7Níor thug tú deoch uisce don tuirseach,
Agus dhiúltaigh tú arán don ocrach.
8Ach is ag an tréan atá seilbh ar an talamh,
Agus tá cónaí ar an gcumasach ann.
9Lig tú na baintreacha uait folamh
Agus bhasc tú géaga na ndílleachtaí.
10Uime sin tá gaistí i do thimpeall
Agus uafás tobann do do sceimhliú.
11Dorchaíodh do sholas agus dalladh thú,
Agus tá an díle do do bhá.
12Nach bhfuil cónaí ar Dhia in uachtar neimhe
[Ag féachaint anuas] ar na réaltaí is airde?
13Ach deir tú: “Cén t‑eolas atá ag Dia?
Agus an féidir leis breith a thabhairt tríd an dorchadas?
14Tá na néalta mar bhrat tiubh dó agus ní féidir leis feiceáil,
Agus siúlann sé ar stua na speire.
15An gcloífidh tusa leis an seanchosán,
A ghabh na hurchóidigh?
16Sciobadh iadsan ar shiúl in antráth,
Agus scaoileadh abhainn thar a láithreacha boinn.
17Dúradar le Dia: “Imigh uainn!”
Agus “Cad is féidir don Uilechumhachtach a dhéanamh linne?”
18Líonann sé a dtithe le hiolmhaitheasaí,
Agus is cian uaidh comhairle na n‑urchóideach.”
19Feiceann na fíréin an méid sin agus bíonn áthas orthu,
Agus bíonn na neamhchiontaigh ag fonóid fúthu:
20“Scriosadh a [réim] go dearfa,
Agus loscadh a gconách le tine!”
21Déan réiteach le Dia agus bíodh síocháin agat
Agus rachaidh sin go mór i dtairbhe duit.
22Cuir fáilte roimh bhriathra a bhéil,
Agus taiscigh a theagasc i do chroí
23Más áil leat filleadh ar an Uilechumhachtach agus tú a thógáil aníos,
Díbir an urchóid ó do bhoth,
24Agus caith an t‑ór sa luaithreach,
Agus ór Óifír ar ghrinneall na habhann;
25Ansin beidh an tUilechumhachtach agat mar ór,
Nó mar airgead ina charnáin.
26Beidh an tUilechumhachtach agat mar ábhar lúcháire,
Agus ardóidh tú do ghnúis chun Dé.
27Guífidh tú chuige, agus éistfidh sé leat,
Agus comhlíonfaidh tú do mhóide.
28Má bheartaíonn tú cúrsa, rithfidh leat,
Agus lonróidh solas ar do bhealaí.
29Óir leagann sé ar lár lucht na mbriathar uallach,
Agus slánaíonn sé lucht na súl uiríseal.
30Fuasclaíonn sé an neamhchiontach,
Agus tiocfaidh [tusa] slán trí ghlaine do lámh.

Currently Selected:

Iób 22: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in