YouVersion Logo
Search Icon

Iób 21

21
Ní mar sin Atá
1Ansin dʼfhreagair Iób agus dúirt:
2Tugaigí cluas ghéar do mo ráite,
Agus bíodh an méid seo mar shólás agaibh uaimse.
3Tugaigí cead cainte domsa chomh maith
Agus nuair a bheidh deireadh ráite agam, ar aghaidh le bhur bhfonóid.
4An in aghaidh an duine atáimse ag gearán?
Cén fáth nach mbeadh mífhoighne orm?
5Tugaigí aird orm, agus cuirfear déistean oraibh,
Agus ní bheidh focal asaibh.
6Ní gá dom ach cuimhneamh agus tagann uafás orm,
Agus bím ar ballchrith.
7Cén fáth gur buan iad na coirpigh
Agus go méadaíonn a maoin le himeacht na mblianta?
8Cuirtear bun faoina gclann ina láthair,
Agus faoina ngaolta agus faoina sliocht os comhair a súl.
9Tá a dtithe slán, gan eagla;
Ní orthusan a bhagraíonn Dia a shlat.
10Doireann a dtarbh, agus bíonn an rath air,
Beireann a mbó lao, agus ní marbhghamhain.
11Ligeann siad dá naíonáin súgradh mar na huain,
Agus dá leanaí damhas [mar na fianna].
12Canann siad le ceol tiompáin agus cláirsí,
Agus bíonn siad ag rangás le poirt na feadóige.
13Caitheann siad a ré faoi lúcháir,
Agus téann siad síos go Seól faoi shíocháin.
14Ach is iadsan a deir le Dia: “Imigh uainn!
Ní áil linn eolas a chur ar do bhealaí!
15Cad ab áil linn bheith ag fónamh don Uilechumhachtach,
Agus cén tairbhe a bheidh againn má ghuímid chuige?”
16“Ní ar a láimh féin atá a gconách,
Agus is fada ó Dhia comhairle na gcoirpeach”
17–An minic a mhúchtar lampa na gcoirpeach?
Nó a thagann an tubaiste sa mhullach orthu?
An roinneann sé pianta ina racht feirge?
18An cuma iad nó diasa á séideadh ag an ngaoth,
Nó cáith a scuabadh ag an stoirm?
19Deir sibh: “Déanann Dia pionós an duine a chur i dtaisce dá chlann.”
Déanadh sé díoltas air féin–dʼfhonn go mbeadh a fhios aige!
20Go bhfeice a shúile féin a scrios,
Agus go n‑ola sé fearg an Uilechumhachtaigh!
21Óir cén mhairg dó a theach ina dhiaidh,
Nuair atá líon a mhíonna thart?
22“Cé a dʼfhéadfadh ceachta san eagna a thabhairt do Dhia,
Agus gurb é a thugann breith ar na huachtaráin?”
23Faigheann duine bás i mbarr a chumais,
Agus é go sona sásta ar fad,
24A cheathrúna ramhar méith,
Agus smior a chnámh gan seascadh.
25Faigheann duine eile bás agus é searbh ó chroí,
Gan aon aoibhneas riamh a bhlaiseadh.
26Luíonn siad le chéile sa chré,
Agus brat cruimheanna orthu.
27Is maith is eol dom bhur smaointe
Agus na bearta atá á dtaibhreamh daoibh i mʼaghaidh,
28Óir deir sibh: “Cá bhfuil teach an fhlatha?
Agus cá bhfuil an both inar lonnaigh an coirpeach?”
29Nár chuir sibh riamh ceist ar lucht taisteal na slí?
Nó ar bhain sibh míchiall as séadchomharthaí?
30“Déantar an coirpeach a shábháil i gcomhair lá an uafáis;
Scuabtar ar shiúl é lá na feirge”–
31Cé a chuirfidh a bhealaí ina leith aghaidh ar aghaidh,
Cé a dhéanfaidh a bhearta a chúiteamh leis?
32Déantar é a iompar chun na huaighe,
Agus cuirtear faire ar a leacht.
33Is milis leis fóda an ghleanna;
Leanann an saol mór é ina shochraid
(Agus gabhann slua gan áireamh roimhe amach).
34Cén chiall mar sin atá le bhur sólás baoth?
Maidir le bhur bhfreagraí, níl fágtha iontu ach bréag!

Currently Selected:

Iób 21: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in