Irimia 28
28
An Chonspóid le Hanainiá
1An bhliain chéanna sin, i dtús réim Zidicíá mhic Ióisíá, rí Iúdá, an cúigiú mí den cheathrú bliain labhair Hanainiá fáidh, mac Azúr, as Gibeón, mar leanas le [Irimia] i dTeampall an Tiarna i láthair na sagart agus an phobail uile: 2“Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Tá cuing rí na Bablóine briste agam. 3Taobh istigh de dhá bhliain tabharfaidh mé liom ar ais chuig an áit seo soithí uile Theampall an Tiarna a rug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis as an áit seo agus a dʼiompair sé chuig an mBablóin. 4Tabharfaidh mé ar ais freisin Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, agus deoraithe uile Iúdá a chuaigh chuig an mBablóin–an Tiarna a labhraíonn. Sea, brisfidh mé cuing rí na Bablóine.’ ” 5Ansin thug Irimia fáidh freagra ar an bhfáidh Hanainiá i bhfianaise na sagart agus an phobail uile a bhí i dTeampall an Tiarna. 6“Bíodh sé amhlaidh,” a dúirt Irimia fáidh. “Go gcomhlíona an Tiarna an tairngreacht a rinne tú, soithí Theampall an Tiarna agus na deoraithe uile a thabhairt ar ais ón mBablóin go dtí an áit seo. 7Ach éist anois leis an bhfocal seo a déarfaidh mise i do chluasa agus i gcluasa an phobail uile. 8Na fáithe a bhí ann romhamsa agus romhatsa anallód, rinne siad tairngreacht faoi chogadh, faoi ghorta, faoi phlá, in aghaidh mórán tíortha agus in aghaidh ríochtaí móra; 9ach an fáidh a thairngríonn síocháin, aithneofar gurb é an Tiarna go fírinneach a chuir uaidh é nuair a thiocfaidh briathra an fháidh i gcrích.” 10Ansin bhain Hanainiá fáidh an chuing de mhuineál Irimia fáidh agus bhris í. 11Labhair Hanainiá ansin i bhfianaise an phobail uile: “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Is mar seo a bhrisfidh mé i gcionn dhá bhliain, cuing Nabúcadnazar rí na Bablóine, agus bainfidh mé í de mhuineál na gciníocha uile.’ ” Dʼimigh Irimia leis ag an bpointe sin. 12Nuair a bhí Hanainiá fáidh tar éis an chuing, a thóg sé de mhuineál Irimia fáidh, a bhriseadh, tháinig briathar an Tiarna go Irimia: 13“Imigh leat go Hanainiá agus abair seo leis: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Tig leat cuingeacha maide a bhriseadh? Más ea, déanfaidh mise cuingeacha iarainn dóibh ina n‑áit. 14Óir seo mar a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Is cuing iarainn a chuirim anois ar mhuineál na gciníocha seo uile le go mbeidh siad faoi chois ag Nabúcadnazar rí na Bablóine. Beidh siad faoina smacht; fiú na mbeithíoch allta, tá siad tugtha agam dó.’ ”
15Dúirt Irimia fáidh le Hanainiá fáidh: “Éist liom go haireach; a Hanainiá: níor chuir an Tiarna uaidh thú; mar gheall ortsa tá an pobal seo anois ag cur a ndóchais i mbréag. 16Ar an ábhar sin–seo mar a deir an Tiarna: ‘Tá fúm thusa a theilgean dʼaghaidh na talún: éagfaidh tú i mbliana, [de bhrí gur sheanmóir tú easumhlaíocht in aghaidh an Tiarna].’ ” 17Dʼéag Hanainiá an bhliain chéanna sin, sa seachtú mí.
Currently Selected:
Irimia 28: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.