Irimia 27
27
An Chuing Shamhailteach
1I dtosach réim Zidicíá, rí Iúdá, tháinig an briathar seo go Irimia ón Tiarna. 2Dúirt an Tiarna é seo liomsa: “Déan duit féin rópaí agus cuing agus buail ar do mhuineál iad. 3Cuir scéala ansin go rí Eadóm, go rí Mhóáb, go rí na nAmónach, go rí Tuíre agus go rí na Síodóine, le béal a dteachtaí a thagann go Iarúsailéim go Zidicíá rí Iúdá. 4Ordaigh dóibh a rá lena máistri: ‘Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Seo a ndéarfaidh sibh le bhur máistrí: 5Le mo mhórchumhacht agus le mo láimh sínte amach rinne mé an talamh, an duine agus na hainmhithe ar talamh. Agus féadaim é a thabhairt don té is maith liom. 6Tá na tíortha seo uile tugtha agam faoi láthair i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach; thug mé dhó fiú na beithígh allta le fónamh dó. 7Beidh na ciníocha uile umhal dó féin, dá mhac agus do mhac a mhic, nó go dtaga am cinnte a thíre féin ar a seal agus go gcuirfidh náisiúin chumhachtacha agus ríthe móra é féin i ndaoirse. 8Cibé cine nó ríocht nach ngéillfidh do Nabúcadnazar rí na Bablóine, agus nach gcromfaidh a muineál faoi chuing rí na Bablóine, smachtóidh mise an cine sin leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá–a deir an Tiarna–go dtuga mé ina láimh é. 9Mar sin, ná héistigí le bhur bhfáithe, le bhur n‑asarlaithe, le bhur bhfísithe, ná le bhur ndraoithe, ná le bhur ngreasadóiri a deir libh: Ní bheidh sibh faoi smacht rí na Bablóine. 10Is fáidheoireacht bhréige a dhéanann siad daoibh, agus dá bharrsan tógfar ó bhur ndúiche sibh, díbreoidh mise sibh agus caillfear sibh. 11An cine, áfach, a chromann a mhuineál faoi chuing rí na Bablóine agus a dhéanann fónamh dó, fágfaidh mé faoi shíocháin iad ina dtír féin–a deir an Tiarna–saothróidh siad í agus fanfaidh siad ann.’ ”
12Labhair mé mar an gcéanna le Zidicíá rí Iúdá: “Tugaigí bhur muiníl,” dúirt mé leis, “faoi chuing rí na Bablóine; géilligí dó féin agus dá mhuintir agus mairfidh sibh. 13Cad chuige a n‑éagfadh sibh, tú féin agus do mhuintir, leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá a bhagair an Tiarna ar an gcine nach ngéillfidh do rí na Bablóine? 14Ná héistigí le briathra na bhfáithe a deir libh: ‘Ní bheidh sibh faoi smacht rí na Bablóine.’ Is fáidheoireacht bhréige a dhéanann siad daoibh. 15Óir ní mise a chuir uaim iad–a deir an Tiarna–tairngríonn siad bréaga i mʼainm. Dá bharr sin díbreoidh mise sibh, caillfear sibh féin agus mar an gcéanna na fáithe a thairngríonn daoibh.”
16Ansin labhair mé leis na sagairt agus leis an bpobal uile: “Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Ná héistigí le briathra bhur bhfáithe a fháistiníonn daoibh á rá: Féach! tabharfar ar ais go luath soithí Theampall an Tiarna ón mBablóin; tairngríonn siad bréaga daoibh. 17Ná héistigí leo; géilligí do rí na Bablóine agus mairfidh sibh; cad chuige a bhfágfaí an chathair seo ina fásach? 18Dá mba fháithe iad agus dá mbeadh briathar an Tiarna leo, bheidís anois ag guí Tiarna na Slua nach dtógfaí don Bhablóin na soithí atá fágtha i dTeampall an Tiarna, i bpálás rí Iúdá agus in Iarúsailéim. 19Óir is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh (na gcolún, na farraige, na seastán agus) na soithí eile atá fós sa chathair seo, 20na cinn nár rug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis nuair a rug sé Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, i láimh leis ó Iarúsailéim don Bhablóin mar aon le maithe uile Iúdá agus Iarúsailéim. 21Is ea, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, faoi na soithí atá fágtha fós i dTeampall an Tiarna, i bpálás rí Iúdá agus in Iarúsailéim: 22Tabharfar don Bhablóin iad, agus beidh siad ann nó go dté mise faoina ndéin–an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mise ar ais iad ansin agus cuirfidh san áit seo iad.’ ”
Currently Selected:
Irimia 27: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.